Comhlacht Haydens (ag leagain píopaí) – chuir Skip a ainm isteach le hoibriú ar na longa nó ar na báid mhóra. Bhí suim ag Skip san obair seo mar go ndearna a athair an obair chéanna. Cur síos ar an obair a rinne a athair. Chaith sé blianta ag obair ar thógáil iarainn sula ndeachaigh sé ar na báid. Fuair sé dhá thagairt agus chuaigh sé síos go Southampton in 1960 agus fuair sé obair ar an long mór “An Queen Mary”. Théadh an long sin go Nua Eabhrac agus bhíodh cúpla lá saor acu agus cead a gcinn acu a dhul go “Coney Island” agus araile. Ba ag obair san seomra coire a bhí Skip agus bhí cúramaí go leor air. Ghlacadh an bád sé lá le fáil go Nua Eabhrac agus stopadh sí san Fhrainc le thuilleadh paisinéirí a phiocadh suas.
Fad: 00:12:20 Éist
D’fhág sé “An Queen Mary” agus chuaigh sé ag obair ansin ar “An Florian” a dhéanadh turais síos an Meánmhara. Ní raibh an bád sin go mór agus bhíodh lastaí ar an bhád sin, ní raibh paisinéirí ar bith uirthi. Rinne sé seacht thuras ar an bhád sin. Bhíodh preátaí agus glasraí a iompar acu. Thugadh siad lastaí earraí anall as tíortha eile. Ní raibh uirthi ach 30 de chriú.
Fad: 00:07:20 Éist
In 1961, long eile ansin a chuaigh sé air “An Sterling Castle”, bád lastais agus paisinéirí a bhí inti. Tharla bolcán agus thug an bád seo go leor daoine go Southampton. Bhí sé ar long eile ansin a théadh go Ceanada agus go Nova Scotia agus ba sin an turas a ba chontúirtigh a rinne Skip ariamh.
Fad: 00:05:14 Éist
I ndiaidh sin chuaigh sé ar “An Mauretania”, long chúrsála a bhí inti ag gabháil thart ar na West Indies, ag cúrsáil ar feadh 10 lae nó 30 lae ar an Mheánmhuir.
Saol ar an fharraige, bhí buachaillí óga a chuaigh ar na longa a chuaigh ar seachrán.
Fad: 00:10:21 Éist
D’oibrigh se ansin ar long eile “An Northern Star” – thug sí na himircigh (the ten pound millionaires) ar shiúl, socrú a bhí ann san am leis na hÉireannaigh agus na Sasanaigh a thabhairt na hAstráile agus go dtí an Nua Shéalainn ar £10.
Fad: 00:03:08 Éist
Cuntas cruinn ó Skip ar na longa móra a d’oibir sé orthu agus na ceantair uilig inár sheol siad. Na poirt uilig inár stop siad. Ba lastlonga (cargo ships) a d’iompar paisinéirí fosta cuid mhaith dena longa a d’oibir sé orthu. Thug siad lastaí adhmaid, cruach, siúcra, glasraí 7rl arais go Sasana. Is iomaigh sin scéal aige ar na ceantair uilig a raibh sé agus iontaisí an tsaoil a chonaic sé. Bhí sé ar long eile a d’iompar amhola (crude oil).
Fad: 00:17:38 Éist
Ag caint ar na longa a sheol sé orthu, na poirt a bhí sé iontu agus na lastaí a d’iompar siad. Thug siad lastaí adhmaid, cruach, siúcra, glasraí 7rl arais go Sasana. Ag caint ar chuid de na daoine a casadh air. Is iomaigh sin scéal aige ar na ceantair uilig a raibh sé agus iontaisí an tsaoil a chonaic sé.
Fad: 00:17:00 Éist
Tuilleadh cainte ar na longa a sheol sé orthu, na poirt a bhí sé iontu agus na lastaí a d’iompar siad. Ag caint ar chuid de na daoine a casadh air. Is iomaigh sin scéal aige ar na ceantair uilig a raibh sé agus iontaisí an tsaoil a chonaic sé.
Fad: 00:23:19 Éist
Tuilleadh cainte ar na longa a sheol sé orthu, na poirt a bhí sé iontu agus na lastaí a d’iompar siad. Ag caint ar chuid de na daoine a casadh air. Is iomaigh sin scéal aige ar na ceantair uilig a raibh sé agus iontaisí an tsaoil a chonaic sé.
Fad: 00:14:38 Éist
Phill sé na bhaile nuair a bhí a athair sean, pósadh é agus tá sé sa bhaile ó shin. Bhain sé sult as an saol a chaith sé ar an fharraige.
Fad: 00:01:24 Éist