D’imigh sé go Paisley in Albain nuair a bhí sé seacht mbliana déag. D’oibir sé ar dtús ag leagan píopaí agus ag meascadh moirtéil. Seal in sna tolláin agus ag fanacht in ‘model’- bhí sin garbh. Scéalta faoin am a chaith sé thall, a chuimhne ar an am a fuair sé culaith éadaigh agus na daoine a casadh air.
Fad: 00:16:33 Éist
Chuaigh siad go Kirkcaldy ag baint cosáin le tochaltóir. Thuas sna cnoic a bhí siad agus bhí siad conáilte. Thug fear áit dóibh le fanacht ach ní raibh a dhath le hithe acu. D’fhág siad sin le gníomhaire agus chuaigh siad go Hull in Sasana. Cur síos ar a am ansin. A chuimhne ar an chogadh agus na aer-ruathair (air raids) & na scáthláin aer-ruathair (air shelters).
Fad: 00:09:16 Éist
Bhog sé go Birmingham ansin agus go Ayrshire. D’fhág sé nuair a bhítí ag iarraidh é a chur san airm. Thosaigh sé ag obair ar na báid ag coinneáil tinte in 1940. Chaith sé blianta an chogaidh ag obair ar long mór darbh ainm ‘ Empress of Russia’ (troop ship). Fuair sé ocht bpunta agus fiche sa mhí.
Fad: 00:10:18 Éist
Nuair a bhí an cogadh thart fuair sé seachtain saoire agus tháinig sé na bhaile. Chuaigh sé féin agus cara leis chuig damhsa oíche amháin ar na rothair ach thit sé de agus gortaíodh é. Bhí sé tamall maith sula raibh sé ábalta imeacht go hAlbain arís.
Fad: 00:08:44 Éist
D’fhág sé an scoil ag 14 bliain d’aois agus chuaigh sé amach go dtí an Lagán. Ní raibh dúil ar bith aige amuigh ansin, ní raibh sé ag fáil rud ar bith le hithe. Rinne sé trí mhí ansin, fuair sé thart ar £5 ansin.
Fad: 00:04:06 Éist