Ar fostú ar an Lagán an chéad obair a bhí aige ag 14 bliana d’aois sa teach chéanna ina raibh a dheartháir, idir Cill Mhic Réanáin agus Baile na nGallóglach, ag fear darbh ainm Peoples a bhí sé aige, ní raibh sé muinteartha do (Albanach a bhí san fhear). Chuaigh sé chuig an Rablach (Rabble) ar dtús lena mháthair agus a athair mór. B’as as Mín an Chladaigh an bean tí a bhí acu, Sorcha Tharlaigh. Bhí feirm mhór ann agus bhí ainmhithe aige le hamharc ina ndiaidh; muca agus beithígh agus bhí bóithigh le glanadh ar maidin. Bhí bia maith ann agus bhí siad maith do. Bhíodh bean an tí ag déanamh léir dena cuid bia féin agus bhíodh sí maith ag coinneáil tí. Bhíodh sé ag obair go mall sa tráthnóna. Bhí an fear a bhíodh sé ag obair aige ar laethanta saoire am amháin i dtigh Jimmy i Mín an Chladaigh. Fuair sé £10 pá ar feadh 6 mhí oibre, bhí an conradh déanta amach ag a mháthair leis an fhear.
Fad: 00:06:52 Éist
Bhí sé in Albain, chuaigh sé anonn nuair a bhí sé 16 bliana d’aois, é féin agus cúpla fear eile as an bhaile. Anonn ag obair ag na feirmeoirí a chuaigh siad. Am an chogaidh a bhí ann agus dóbair nár thóg na saighdiúirí in Berwickshire iad le cur san airm ach níor cuireadh duine ar bith acu. Thosaigh siad leis na feirmeoirí ansin. Málaí cocháin agus blaincéid a bhí acu fá choinne leapacha ach bhí siad óg agus ba chuma leo. Obair feirmeoireachta a bhí le déanamh acu, bhí siad breá cleactaigh leis an obair sin ón bhaile ar scor ar bith. Cur síos ar an obair a rinne siad agus £5 sa tseachtain an pá a bhí aige. D’fhan sé ansin ar feadh cúpla séasúr, bhí obair throm go leor le déanamh acu.
Fad: 00:07:33 Éist
Bhog sé ansin go Glaschú agus Falkirk ag tógáil tithe. Bhí léir oibre ann i ndiaidh an chogaidh. Cur síos ar an obair a bhí á dhéanamh ansin aige. D’athraigh sé an obair ag déanamh cosáin píopaí agus ag leagan píopaí. Bhí léir de mhuintir na háite ag obair leis ansin.
Fad: 00:05:57 Éist
Bhog sé arís ansin go conraitheoir eile i dtuaisceart na Sasana in Loch Sloy ar scéim hidrileictrigh. Ag stopadh i mbothaí a bhí siad. Bhí an chócaireacht déanta dóibh. Bhí léir daoine as an bhaile ansin fosta. Cur síos ar an obair seo, bhí bealach le déanamh ar dtús le fáil isteach a fhad leis an damba. Bhí obair mhór ann. Chuir sé airgead na bhaile corr uair. Bhí a dheartháir ag obair ar an Lagán, in Albain agus sna sé contae fosta.
Fad: 00:04:10 Éist