Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

Cnoc an Stollaire

Tá cúpla ciall leis an fhocal stollaire sa chaint: ‘duine mór, go háirid, cailín mór gan mórán maith’ an míniú is coitianta. Ach is é ‘gallán cloiche’ nó an rud a dtugann lucht seandálaíochta ‘standing stone’ air sa Bhéarla, an chiall atá le stollaire san ainm seo.

Tá an gallán seo le feiceáil ina sheasamh go fóill ar bharr an chnoic bhig óna bhfuair an baile fearainn a ainm. An Stollaire a bheirtear ar an ghallán seo go fóill agus go dtí ar na mallaibh ba ghnách le muintir na háite é a ní le haol gach aon bhliain.

An Stollaire i gCnoc an Stollaire.

 

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o