Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

Cró na gCúigeadh

Ainm eile nach bhfuil mórán daoine ar aon fhocal fá dtaobh de! Is é Cró na gCúigeadh an leagan atá ag Ó Donnabháin agus míníonn sé mar ‘the glen of the Quiggs’ é. Ach foghraítear an t-ainm de ghnáth anois mar bheadh crann sa chéad chuid. Mínítear an t-ainm go háitiúil mar ‘cró’ nó ‘crann na gcúig fhia’ ach níl an míniú seo ag freagairt don fhoghraíocht nó is ar an mhír ‘gcúig’ a bhíonn an béim san ainm i dtólamh.

Mar sin de, is aon fhocal amháin atá sa chuid deireannach de. Cuireadh míniú eile ar an ainm chun tosaigh ar na mallaibh ar an chlár raidió Logainmníocht. De réir na tuairime seo sé Crannóg Uíge an leagan ceart. ‘Dún nó daingean tógtha ar loch’ an chiall atá le crannóg agus tá sé le fáil measartha coitianta leis an chiall sin sna logainmneacha. Ach is é mo bharúil nach mbeadh crannóg le fáil in áit chom scoite is a bhí an áit seo sa tseanam. Bheirtear ‘bun abhna’ mar mhíniú amháin ar an fhocal uíge i bhfoclóir Uí Dhuinnín agus b’fhéidir go bhféadfaí an focal a chosaint ó thaobh céille de sa logainm seo dá mba rud é go raibh sé ag freagairt don fhoghraíocht. Ach níl, nó is é an fhuaim u fada a bhíos le cluinstin sa chuid deiridh den logainm seo i gcónaí.

Cloch Mhór Léim an tSionnaigh i gceantar Chró na gCúigeadh.

Caithfidh muid an leagan Crannóg Uíge a chur as an áireamh mar sin. Fágann sé sin leagan Uí Dhonnabháin. Freagraíonn Cró na gCúigeadh níos fearr don chaint ná an leagan eile sa mhéad is go bhfuil sé inchosanta de réir rialacha foghraíochta Ghaeilge Thír Chonaill. Sa chanúint seo nítear guta gairid as guta atá fada ó thaobh na staire de i siollaí neamhaiceanta. Mar shampla, san fhocal scadán cé go scríobhtar -á- sa tsiolla dheireannach is a gairid a deirtear. Chomh maith leis sin, tá claonadh i nGaoth Dobhair -ó- a fhoghrú mar -a- gairid. Mar shampla, foghraítear an focal faochóg, mar faochag in áit faochog go minic. Is é an rud ceannann céanna a tharla sa logainm Cró na gCúigeadh is a tharla i bhfocail aonaracha macasamhail, faochóg. Tá an focal cró neamhaiceanta sa logainm seo. Rinneadh a gairid as an -ó- fada; deirtear n- an ailt mar bheadh n dúbailte ann. Thug na hathruithe seo ar fad an fhuaim crann a- dúinn.

Is minic a athraítear logainmneacha sa chaint mar seo agus nuair nach mbíonn tuilleadh fianaise againn, mar shampla, leaganacha scríofa ar a laghad ón chéad seo caite, bíonn sé doiligh a bheith iomlán cinnte fá bhunús an ainm. Mar shampla, scríobhtar an logainm Rinn na Feirste de ghnáth mar Rann na Feirste nó is é sin an rud a deirtear i gcónaí. Ach tá a fhios againn ó leaganacha scríofa mar Rinafarset gurb é rinn an rud ceart. Thig linn an scéal a mhíniú go simplí de réir rialacha na teanga. San ainm Rinn na Feirste nítear -nn- leathan as -nn- caol roimh n- an ailt; ní bhíonn difir ar bith idir r- caol agus r- leathan ag tús focail; ó tharla go bhfuil an chéad siolla den ainm neamhaiceanta ní bheidh difir idir an dá ghuta, ia sa chaint. Tchíonn muid mar sin go dtig linn cuid mhór de na hathruithe seo i logainmneacha a mhíniú de réir rialacha na teanga.

Tiocfaidh muid ar ais chuig Cró na gCúigeadh. Tá an mhír cró iontach coitianta i logainmneacha sa taobh seo tíre, mar shampla, tá Cró Bheithe sna Rosa agus Cró Nimhe agus Cró na hUladh i nGaoth Dobhair. ‘Gleann atá druidte ar thrí thaobh’ atá i gceist leis, ciall atá ag fóirstean go maith don áit seo Cró na gCúigeadh. Is é mo bharúil gurb é an focal Cúigeadh atá sa dara cuid. Roinnt talaimh atá i gceist le cúigeadh, dar liom. Tá na ranna leath, trian, ceathrú, seisiú iontach coitianta i logainmneacha agus cé nach bhfuil sé chomh fairsing leis na cinn eile tá samplaí de cúigeadh ann fosta; mar shampla, An Cúigeadh i gCo. Thír Eoghain. Thig linn mar sin, an leagan Cró na gCúigeadh a chosaint ó thaobh teanga agus ó thaobh céille.

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o