Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

Dún Lúiche

Áirítear Dún Lúiche mar dhá bhaile fearainn ar leith Dunlewy Far agus Dunlewy Near. Cumhdaíonn an bheirt acu 5,500 acra. Ar feadh m’eolais níl a dhath ag seasamh do Far agus Near an Bhéarla sa Ghaeilge. Is iad seo leanas na tagarthaí is luaithe don ainm:

Dunlwy, Civil Survey (1654); Downeley, Census (1659); Dunluey, Hearth Money Rolls (1665); Dún Lúighdhe - ‘Lewy’s fort’, Seán Ó Donnabháin.

Áit chónaithe de chuid na dtuath, go háirid áit mhiontaoisigh a bhí sa dún, an chéad chuid den ainm seo. Baineann bunús na logainmneacha a bhfuil dún mar mhír iontu le tréimhse na luathchríostaíochta (c 500-1100). Níl rian ar bith de dhún le feiceáil sa bhaile fearainn anois. Ach tá seanláthair eaglasta ann agus thiocfadh leis gur taobh léi a bhí an dún.

Ag iascaireacht ar Loch Dhún Lúiche.

Malairt leagain den ainm pearsanta Lughaidh atá sa dara cuid den logainm. De réir an tseanchais is ó LughLughaidh Lámhfhada a bhí i ndeabhaidh le Balor a ainmníodh an dún. Mhothaigh Ó Donnabháin an míniú céanna san aois seo caite. I nóta beag san ainmleabhar scríobh sé ‘said to be from Looee Laughaudee’.

Thiocfadh leis an mhíniú seo a bheith ceart nó is minic a ainmnítí áiteacha as pearsain sa mhiotaseolaíocht agus tá baint mhór ag an cheantar seo le Lugh agus le Balar agus leis an Ghlas Gaibhleann. Bhaist Ceiltigh na Mór-roinne go leor dá gcuid dúnta as Lugh sa logainm Lugudunum a bhfuil iarsmaí de le fáil ar fud na Fraince agus na Beilge sa lá atá inniu ann, mar shampla, Lyon sa Fhrainc agus Leyden sa Bheilg. Bhainfeadh Dún Lúiche leis an tréimhse réamhchríostaíochta dá mba rud gurb é Lugh Lámhfhada a bhí i gceist sa dara cuid de. Ach títhear dom féin go dtiocfadh le míniú eile a bheith leis an logainm seo.

CinéalTír Luighdheach a bhí ar an cheantar idir an tSúiligh agus An Dobhar mar a chonaic muid roimhe:

On Dobhar díosgair céanna
Triocha Luighdheach mhic Shéadna
Gus an abhainn is glan lí
Danab comhainm Súilidhi
Fíon, 396

Is cosúil ón véarsa thuas gur ó Lughaidh mac Séadna mhic Fhearghusa mhic Chonaill Ghulban a ainmníodh Tír Luighdheach. Ó tharla gur i dTír Luighdheach atá Dún Lúiche is é mo bharúil go bhféadfadh sé gur ó Lughaidh mac Séadna a ainmníodh an dún fosta.

Níl trácht ar bith ar Lughaidh taobh amuigh de na ginealaigh. Ach de réir Annála Uladh cailleadh deartháir le Lughaidh, Ainmhire mac Séadna a d’fhág a ainm ar Tír Ainmhireach, an seanainm a bhí ar Bhaollach, cailleadh eisean sa bhliain 569. Is féidir glacadh leis gur mhair Lughaidh thart fán am chéanna le hAinmhire. Mar sin de, má ghlacann muid leis gurb ón Lughaidh seo a ainmníodh Dún Lúiche thig linn dáta measartha cruinn a chur ar an logainm, is é sin c 560-575 AD.

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o