Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

Gabhla

Goolagh, Sur. Ult (1608); Inishgolagh, Cal. Pat. Rolls 265 (1614); Galla, Civil Survey (1654); Gola, Léarscáil McCrea (1801); Gobhla .i. ‘forks’; Seán Ó Donnabháin.

In chóir a bheith gach aon ainm oileáin faigheann muid ceann den dá mhír InisOileán ann a chuireann in iúl gur do oileán a thagraíonn an t-ainm. Ach tá dornán beag ainmneacha ar oileáin ann nach mbíonn ceachtar den dá mhír sin iontu. Ní bhíonn san ainm ach focal lom amháin de ghnáth, gan alt roimhe, nó aidiacht nó ainmfhocal eile ina dhiaidh. Baineann ainmneacha na bpríomhoileán thart ar an chósta leis an aicme seo: Árainn (2), Reachrainn (3), Toraigh, Acaill, Cléire. Tá na hainmneacha seo i bhfad níos sine ná na cinn a mbíonn inis oileán iontu. Ach caithfidh muid a bheith cúramach nuair a bhíonn muid ag iarraidh ainmneacha na n-oileán a aicmiú mar seo.

Gabhla sa tseanam

Tá fianaise ann a bheir le fios go raibh inis le fáil i gcuid dena hainmneacha nach bhfuil sé iontu anois. Tóg mar shampla, Uaigh, ainm ar oileán, idir Gabhla agus Árainn. Thig linn a rá ó fhoinsí scríofa an 17ú céad gurb é Inis Uaighe an t-ainm iomlán agus, mar sin de, nach mbaineann ainm an oileáin seo leis an aicme chéanna is a bhaineann Toraigh agus Árainn. Ní thig linn a bheith iomlán cinnte fá cé acu aicme a bhaineann Gabhla. Thiocfadh leis gur ginideach uatha den fhocal gabhal agus gurbh é Inis Gabhla an t-ainm bunúsach mar a bheadh le tuigbheáil ón dara tagairt thuas. Ach is é mo bharúil má bhí an mhír inis ceangailte leis an ainm seo an chéad lá ariamh go mbeadh sé le feiceáil sa chéad thagairt thuas fosta. Measaim gur leis an tseanaicme a bhaineann an t-ainm Gabhla.

Gabhla le fáil mar logainm in áiteacha eile sa tír ag tagairt do ghné aiceanta ar an talamh agus tá sé cinnte nach ginideach calcaithe den fhocal gabhal atá ann sa chás sin. Glacann Ó Donnabháin mar iolra é ach ní shílim go bhfuil sé sin ceart ach oiread. Tá sé deacair a rá cad é an chiall bheacht atá leis an ainm ach is cinnte go bhfuil baint aige leis an fhocal gabhal ‘forc’. Is é mo bharúil féin gur brí aidiachta atá leis an -a deireannach san ainm. Bíonn an brí seo leis an fhoirceann -a i gcuid mhaith de na seanainmneacha.

Ciallaíonn an t-ainm Gabhla rud inteacht mar ‘an áit a bhfuil gabhal’ má tá an ceart agam. Cad é an gabhal atá i gceist san ainm Gabhla? Tá cúl an oileáin mar bheadh gabhal ann cinnte. Ach chaithfeadh duine a bheith ag amharc anuas ar an oileán, ón spéir nó ar léarscáil, leis an ghabhal sin a fheiceáil i gceart rud nach mbeadh in acmhainn na ndaoine a bhaist an t-ainm ar an oileán an chéad lá. Is é mo bharúil gur ag breathnú ar an oileán ón tír mór a bhí an té a rinne an baisteadh. Má amharcann duine amach ó na Machaireacha tífidh sé dhá chnoc arda ar an oileán agus talamh íseal eatarthu. Is é seo, dar liom, an gabhal atá i gceist san ainm Gabhla.

Logainmneacha eile ar Ghabhla

Ailt na bhFhaoileog
Ailt Pháidí
Ard na Raithní
An Charraig
An Fhiacal
An tImlín
An tArd
Ard an Dumhaigh
Ard Breac
Ard na Bualadh
Ard na mBáinseog
Ard na Druideoige
Ard na gCaorach
Ard na Síog
Báighe Ghabhla
Béal an Mhaoil Mhuirínigh
Béal Oileán Bó
Binn Bhuí
Binn an tSeabhaic
Binn an Fhéir
Binn Pholl na hEorna
Binn Scos na nGág
Boilg Phort an Chruinn
Boilg Chathail
An Cainéal
Caoilín
Carraig an Choiscéim
Ceann Beag
Ceathrú na Binne
Cladach na Croiche
Clochar
Cnoc an Chaoilín
Cnoc an Chait
Cnoc Dóite
Creag Ailíse
Creag Mhachaire na nGall
Creag na Béicí
Dumhaigh  
Éadan an Chaoilín
Éadan na Maoile Móire
Faoin Áithe
Gob na Dumhcha
Gob na nDeorann
Gruagán
Lag Bán
Lag Chnoc Dóite
Leac na mBallan
Maol Mhuiríneach
Maol Mhór
Na Beanna Gorma
Na Doichilt
Oileán an Ghabha
Oileán Bó
Oileán Eala
Páirc Bhog
Poll an Duilisc
Poll an Mhadaidh Uisce
Poll Buí
Poll na hEorna
Poll Salach
Port a Chruinn
Port a tSnámha
Port a Churraigh
Port Úr
Ruball na Binne
Scaird Iompthoinn
Scealp na Bláth Báine
Sceilp
Scealp Uí Dhúgáin
Scos an Tairbh
Scos na Feannóige
Scos na gColpach
Scos na Loinge
Scos na Reabhóige
Tor an Dualtaigh
Tor Bán
Tor Buí
Tor Glas
Tor na mBallán
Tor na gColpach
Tor na Sceirde
Tor Rua
Tor Scrabach
Tor Uí Fharragáin
Tráigh Mhachaire na nGall
Tráigh na Béicí
Tráigh na mBláthanna
Umpthoinn
Amach ó chósta Ghabhla.
 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o