Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

Inis Meáin

Inishmaine; Civil Survey (1654); Inis Meádhoin ‘middle Island’; Seán Ó Donnabháin.

Níl deacracht ar bith leis an ainm seo: ‘an t-oileán láir’ an míniú atá leis; tá sé sa lár idir Gabhla agus Inis Oirthir. Mar a dúirt mé thuas, bíonn ceann de dhá mhír le fáil in ainm oileáin de ghnáth, inisoileán. Is é oileán an gnáthfhocal ar ‘oileán’ agus níl an focal inis beo sa chaint anois. Tá inis níos sine ná oileán mar mhír i logainmneacha. Meastar nár toisíodh ar fheidhm a bhaint as oileán go dtí deireadh thréimhse na MeánGhaeilge, is é sin thart fán 12ú céad. Thart ar an am chéanna a chuaigh inis i léig mar mhír logainm is dóiche. Mar sin de, tá an hainmneacha a bhfuil inis le fáil iontu measartha sean rud a mhíneodh cad chuige nach bhfaigheann muid an t-alt iontu.

Inis Meáin ón aer. Tá píosa d'Inis Oirthir le feiceáil taobh thuas de.

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o