Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

Machaire Gathlán

Maghery ogallan, Sur. Ult. (1608); Magherigallen, Civil Survey (1654); Mackherigallen, Down Survey (1660); Magherna Gallon, Magherygallon, Suirbhéireacht Ordanáis (1830); Machaire Gallain - ‘Gallan’s plain’, Seán Ó Donnabháin.

Freagraíonn an leagan scríofa thuas do ghnáthfhuaimniú an ainm ach níor míníodh an dara cuid go sásúil go dtí seo. Is cinnte nach bhfuil ‘Gallan’s plain’ Uí Dhonnabháin ceart; bíonn análú nó h le cluinstin roimh an l i gcónaí rud a bheir le fios gur ‘thl-chl- a bhí sa bhunainm cé nach léirítear i gceann ar bith de na tagarthaí é.

Cé Archie i Machaire Gathlán, c. 1936.

An míniú coitianta atá ar fáil sa chaint go bhfuil baint ag gathlán leis an fhocal scáthlán. ‘Teach nó bothóg ar ghnách an tAifreann a léamh ann aimsir na géarleanúna’ an míniú atá ar scáthlán agus deirtear go raibh ceann thíos sa tseanreilig san áit a bhfuil fothracha an tseanteach phobail inniu. Ach níl an míniú seo ag teacht leis an fhianaise. Sa chéad dul síos, níl rian ar bith de s-le feiceáil sna tagarthaí agus a gairid atá san ainm agus a fada atá san fhocal scáthlán. An dara rud, bhí an logainm ann i bhfad roimh aon ghéarleanúint chreidimh. Caithfear míniú eile a lorg mar sin.

Tá cúpla rud le rá fá dtaobh den ainm ar dtús. An chéad rud, ní bhíonn séimhiú ar an g, mar sin de níl an t-alt an ceilte san ainm mar atá san ainm Machaire Chlochair. Níl focal ar bith cosúil le gathlán le fáil sna foclóirí ar scor ar bith agus ní dhéarfainn gur ainm duine nó logainm é ach oiread. Is é mo bharúil nár thoisigh an dara cuid den ainm seo le g an chéad lá ach le c uraithe agus go bhfuil, cá bith rud ba chiontaí leis, an t-urú báite anois.

Bheir an leagan is sine den ainm thuas, Maghery ogallan le fios gurb é an focal ó atá i gceist, is é sin an ginideach iolra den ó a fhaightear i sloinnte. Is é an ginideach uatha a fhaigheann muid de ghnáth i logainmneacha mar shampla, Machaire Uí Robhartaigh, Mín Uí Bhaoill. Na sloinnte Ó Robhartaigh agus Ó Baoill atá i gceist sna hainmneacha seo. Ach i nglac bheag logainmneacha is é an ginideach iolra den ó a fhaigheann muid. Leanann urú an ó seo i dtólamh. Tá dornán beag samplaí den phatrún seo logainmneacha sa chontae seo:

Cill Ó dTomhrair (Killodonnell) agus Cill Ó mBaird (Killymard). Is le míreanna eaglasta cosúil le cill agus mainistir is mó a fhaigheann muid an patrún agus meastar go mbaineann bunús na n-ainmneacha den chineál seo leis an tréimhse roimh an 13ú céad. Tá sé deacair logainmneacha mar seo a mhíniú go beacht. I gcás an ainm Cill Ó dTomhrair, d’fhéadfadh sé gurb é an t-iolra den sloinneadh Ó Tomhrair Ó Tomhnair (Toner) atá i gceist, is é sin, thiocfadh linn an t-ainm a mhíniú mar Cill Mhuintir Tomhrair. Ach thiocfadh leis fosta nach bhfuil aon bhaint ag an áit leis an dream a bhfuil an sloinneadh Ó Tomhrair orthu ach gur sliocht duine a raibh an t-ainm Tomhrar air atá i gceist.

Mar shampla, níl an sloinneadh Ó Baird ann agus ní thig linn a rá an í Clann mhic an Bhaird atá i gceist sa logainm Cill Ó mBaird. Ar scor ar bith, is é mo bharúil gur logainm den chineál seo le ó atá againn i Machaire Gathlán agus gurb é an t-ainm pearsanta Cathalán a bhí ann go bunúsach; is é sin le rá gurb é Machaire Ó gCathaláin an bunleagan den logainm. Cailleadh an ó sa chaint sa dóigh chéanna is a cailleadh an san ainm Machaire Uí Robhartaigh agus cailleadh an a idir th agus l.

Ach oiread leis na hainmneacha eile le ó ní thig linn a rá go cinnte cad é brí atá leis an ainm, nó cé acu an é an sloinneadh Ó Cathaláin nó sliocht duine darbh Cathalán atá i gceist. Níl fianaise ar bith ann lena rá go raibh muintir Chathaláin ariamh sa cheantar seo. Ach ar an láimh eile bhainfeadh logainm den phatrún Machaire Ó gCathaláin le tréimhse roimh an 13ú céad; is é sin ar a laghad ceithre chéad bliain roimh an chéad tagairt don ainm.

Tá rud amháin in éadan na teoirice thuas, is é sin gur ‘n’ leathan a fhuaimnítear sa chaint sa dara cuid den ainm. Bheadh duine ag súil le ‘n’ caol. Ach tá go leor samplaí de ‘n’ leathan agus ‘n’ caol ag malartú le chéile sa ghinideach in ainmneacha a chríochnaíonn ar ‘-án’ m.sh. Dún Garbhán .i. Dún Garbháin i bPort Láirge.

Mar a dúirt mé roimhe, an chuid is mó de na logainmneacha le ó is ainmneacha eaglasta iad, macasamhail Cill Ó dTomhrair thuas, nó Mainistir Ó dTorna (Abbeydorney) i gCiarraí. Cé nach gnáthmhír eaglasta é machaire is minic a thagraíonn sé do thalamh eaglasta i dTír Chonaill. Talamh eaglasta a bhí i Machaire an Tearmainn sna Rosa agus i Machaire Chlochair araon. Ar ndóighe ba i Machaire Gathlán a bhí seanteach an phobail nó an teampall. Bhí cúram an talaimh eaglasta thart ar an teampall ar airchinneach agus is minic a ainmnítí an teampall nó an talamh a bhain leis ón airchinneach. B’iad muintir Robhartaigh a bhí ina n-airchinnigh ar thalamh eaglasta Thulcha Beaglaoigh agus sin an fáth ar tugadh Machaire Uí Robhartaigh ar an áit. Mar an gcéanna, is é mo bharúil gurb é ainm nó sloinneadh airchinnigh thalamh eaglasta Mhachaire Gathlán atá sa dara cuid den ainm sin. Níl go leor de na fothracha ann anois le haois a chur ar an tseanteampall ach measann lucht seandálaíochta go mbaineann sé leis an tréimhse c. 1200-1500. ó tharla gur le tréimhse roimh c. 1250 a bhaineann an logainm caithfidh sé go raibh an teampall ann roimh dheireadh na tréimhse sin.

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o