Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

Mín Chorrbhaic

Mín Cormhaic - ‘Cormacks misk or field’ an míniú a bheir Seán Ó Donnabháin ar an ainm seo ach ní thiocfadh leis a bheith ceart; Cormac, agus chan é Cormhac, an t-ainm pearsanta. Mín chor an bhoic, is é sin le rá ‘an áit ar chor nó ar chas an boc’ an míniú is coitianta a mhothaigh mé féin ag muintir na háite. Ach níl an míniú seo ag teacht leis an fhoghraíocht. Is é mo bharúil gurb é an litriú Mín Chorrbhaic is fearr a fhreagraíonn d’fhuaim agus do chiall an logainm seo. Glacaim leis gur seanlogainm atá sa dara cuid den ainm.

San alt ar thrácht mé air thuas thug mé fianaise ó fhoinsí scríofa de chuid an 17ú céad go gceanglaítí an mhír mín go minic le logainm bunaithe. I gcásanna áirithe ghreamaigh an mhín go bhfuarthas logainm úr, i gcásanna eile níor ghreamaigh sé. Mar shampla, faigheann muid tagarthaí sna foinsí scríofa do Mhín Loch an Iúir agus do Mhín Seascann an Róin. Níor mhair an mhín sna hainmneacha seo ach mhair sé i gcinn eile macasamhail Mín Leic na Leabhar. Ba é LeicLeac na Leabhar an t-ainm bunaidh sa chás seo.

Mín Chorrbhaic trasna ó Loch an Iúir, c.1950í.

Is é an rud ceannann céanna a thit amach i gcás an logainm Mín Chorrbhaic dar liom. Ceanglaíodh an mhír leis an tseanlogainm Corrbhac. Comhfhocal den aidiacht corr agus an t-ainmfhocal bac atá sa tseanainm. Casadh corr orainn roimhe sa logainm An Chorrmhín. Tá an focal bac beo sa chaint go fóill sa nathán ‘bac a chur ar dhuine’ agus san abairtín ‘poll an bhaic’. Tig sé isteach sna logainmneacha fosta. Tá An Bac le fáil mar ainm ar pharóiste i gCo. Mhaigh Eo agus mar ainm ar bhaile fearainn i gCo. na Gaillimhe. Níl shílim gur taisme é ach oiread go bhfuil an mhír seo bac le fáil sa logainm Bun an Bhaic, an t-ainm atá ar bhaile fearainn trasna Abhainn an Toir ó Mhín Chorrbhaic.

‘Coradh in abhainn’ an chiall atá leis an fhocal sna logainmneacha agus is cinnte go bhfóireann an chiall sin sa dá logainm seo. Tá coradh suntasach in Abhainn an Toir idir bun bhaile fearainn Mín Chorrbhaic agus baile fearainn Bun an Bhaic díreach sula dtéann an abhainn isteach i Loch an Iúir. Is é mo bharúil gur don choradh seo a thagraíonn an mhír bac sa dá logainm, Bun an Bhaic agus Mín Chorrbhaic.

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o