Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

Muine Beag agus Muine Mór

‘Scairt’ nó ‘mothar’, nó ‘thicket’ an Bhéarla, an míniú a bheirtear ar an fhocal seo sna foclóirí nó is é sin an míniú atá ag Ó Donnabháin fosta ar an ainm seo: Muine Mór ‘great brake or shrubbert’. Ach in áiteacha eile deir Ó Donnabháin gurb é ‘cnoc’ nó ‘droim’ an chiall is coitianta atá leis an fhocal seo sa Tuaisceart. Is cinnte gurb í sin an chiall atá leis an fhocal san ainm Muineachán mar shampla. Tá sé deacair a rá cé acu brí atá leis an fhocal san ainm seo ach is é mo bharúil gur fearr a d’fhóirfeadh an chiall ‘droim’ ná an chiall eile. Tá an dá bhaile fearainn seo díreach ag bun na hEargaile agus tá ‘droim talaimh’ ag reáchtáil fríothu. B’fhéidir gur don droim sin a thagraíonn an t-ainm Muine ach mar a dúirt mé ní thig linn bheith cinnte.

Radharc ar Loch Dhún Lúiche ó Mhuine Mór, c. 1880.

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o