Teideal - Logainmneacha Ghaoth DobhairBaile
Learscáil
a
Léarscáil de Ghaoth Dobhair
o o o
Paróiste Ghaoth Dobhair Na Bailte Fearainn Na hOileáin
Gaoth Dobhair
o
o
o
o
 

Srath Caonach

Focal eile atá iontach fairsing sna logainmneacha é srath, go háirid i gCúige Uladh. Tá sé le fáil fosta in Albain. Páirc cois abhna a bhíos measartha fliuch go minic an chiall atá le srath agus sin go díreach an chiall atá leis i gcuid logainmneacha an cheantair seo, mar shampla, Srath an Arbha ar thaobh Loch an Iúir agus Na Srathanna ar thaobh Abhainn Chroithlí.

Tig srath isteach in ainmneacha cheithre bhaile fearainn sa pharóiste. Tá na bailte fearainn seo suite sa cheantar chéanna, is é sin cois Abhainn Chró na hUladh. Tá ciall an ainm Srath Caonach soiléir go leor; caithfidh sé go raibh an caonach ag fás go fairsing ann. Is cosúil go bhfuil caonach ag feidhmiú mar aidiacht san ainm. Tá sé suimiúil nach gcuirtear an t-alt an roimh an ainm seo.

Ceantar tuaithe.

 
     
o
o   k   o
0 Cumann Staire agus Seanchais Ghaoth Dobhair, Srath na Corcra, Doire Beag, Tír Chonaill, Éire.
Fón: +353 (0)74 9532208 | Ríomhphost: bealoideas1@gmail.com
o o
o o o o o