Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Éamonn Mac Giolla Bhríde | ![]() |
Áit Chónaithe: | Cionn na Leargaí, Na Dúnaibh, Míobhaigh, Na Dúnaibh. | |
Áit Dúchais: | Na Dúnaibh |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Díshealbhuithe Áitiúla | Rinne an Tiarna Liatroim (Lord Leitrim) díshealbhú ar chlann Uí Dhuibhir i nDún Dubhán. Chuaigh siad go taobh an Chraoslaigh de Charraig Airt. | |
Stair an Teaghlaigh | Níonn Éamonn cur síos maith ar a dhream. Táilliúir a bhí ann athair Éamoinn agus chuaigh táilliúireacht ar ais cúig ghlúin sa teaghlach. Seán Mac Giolla Bhríde a bhí ar an chéad duine den teaghlach a tháinig as Fánaid ag táilliúireacht - ag gabháil ó theach go teach. | |
Eachtraí Stairiúla - An tÉirí Amach i 1798 | Donnchadh – mac Sheáin Mhic Giolla Bhríde (táilliúir ón am fadó) agus pósta le bean as Doire Chasáin. Bhí an nós ann go mbéarfadh na mná a gcuid plátaí agus rudaí féin leo nuair a phósfadh siad. Bhí pláta aici ar an drisiúr agus ar an lá a gabhadh Wolfe Tone i 1798, leis an tormán/trup a bhí ag gabháil taobh amuigh, thit an pláta ón drisiúr agus scoilteadh é. Tá an pláta sa teaghlach go fóill. | |
Gníomhartha Foréigin | Lá a maraíodh an Tiarna Liatroim - bhí trí fhear i bhFánaid tofa fá choinne an jab a dhéanamh – Ó Siail (Shiels) aitheanta mar ‘an táilliúir rua’, Ó hOireachtaigh (Herrity) agus Mac Giolla Bhuí (McElwee). Luigh siad i gcoille Chratlaigh (Wood Quarter nó Ceathrún na Coille a bhéarfaí uirthi) agus scaoil siad leis nuair a tháinig Liatroim thart i gcairt s’aige. Maraíodh fear agus gasúr a bhí le Liatroim chomh maith. Cibé cén duine a bhí curtha i bpríosún ag an am, dúradh go ndúirt an sagart nó an dochtúir go raibh an galar air agus i ndiaidh tamall go raibh sé marbh agus tugadh amach ón phríosún i gcónair [cónra] é. Cuireadh clocha isteach ann agus ba clocha a cuireadh. Tá Éamonn den bharúil nach rabhthar ag iarraidh daoine a chiontú as, go raibh na Sasanaigh a bhí i gceannas san am ag éirí tuirseach dó (Lord Leitrim). |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Óige agus Aois | Ag éirí aníos i gCionn na Leargaí, na Dúnaibh. Níor chaith sé ach bliain ar an choláiste i Leitir Ceanainn (Naomh Adhamhnán) i ndiaidh an scoil náisiúnta a fhágáil. D’imigh sé chun an bhaile le cuidiú a thabhairt dá athair teach úr a thógáil. D’oibrigh sé go páirtaimseartha ar mhachaire gailf Ros na Binne ag baint féir agus araile ar feadh bliana. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Táilliúireacht agus Gúnadóireacht | Táilliúirí - Ó Siail (Shiels) aitheanta mar ‘an táilliúir rua’, John Dhonnchaidh Mhícheáil (athair Phroinsie agus Jimí). D’fhoghlaim John a cheird ag Mac Duibheannaigh i bhFánaid. D’fhoghlaim athair Éamoinn a cheird ó John. | |
Táilliúireacht agus Gúnadóireacht | Sa sean-am - oibrithe (táilliúirí/fíodóirí) ag taisteal ó theach go teach ag déanamh a gcuid oibre taobh istigh de na tithe ar feadh cúpla oíche sular bhog siad ar aghaidh. Bhí daoine sna tithe ag déanamh a gcuid sníomha/níocháin féin. | |
Táilliúireacht agus Gúnadóireacht | Cuimhne Éamoinn ar a athair ag táilliúireacht – seomra a bhí aige fá choinne a chuid oibre, ag gabháil ón 9 a chlog ar maidin go dtí a 9 a chlog tráthnóna, 6 lá sa tseachtain. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Obair | Thosaigh Éamonn ag obair i monarcha McNutts [ar na Dúnaibh] i 1956 ar thrí phunt sa tseachtain ar dtús. | |
Cleachtas Scoile | An bhliain a chaith Éamonn ar an scoil i Leitir Ceanainn, bhí air éirí luath ar maidin le bheith ar an bhus ag 7.30a.m. agus ba ghnách leis teacht ar ais ag 7.30 tráthnóna. Cúig lá go leith a bhí i gceist agus mar sin de bhí sé doiligh am a fháil le rudaí eile a fháil déanta. Bhí ‘boarders’ agus ‘day boys’ ann ag an scoil. | |
Obair | Ag obair i monarcha McNutts (monarcha fíodóireachta) - mar pháirt den phost théadh Éamonn go BÁC fá choinne cúpla lá achan seachtain ag déanamh scrúdú ar na píosaí éadaí sula gcuirfí ar aghaidh iad. Chaith sé cúig bliana is fiche ó 1966 go dtí 1981 ag obair ann agus seal maith mar bhainisteoir táirgíochta. D’athraigh an próisis táirgíochta go mór thar na blianta – bhí níos lú oibrithe ag coimhéad níos mó meaisíní agus 3 shift ag dul ar aghaidh ar feadh an lae. | |
Obair | Saol agus slí bheatha sna Dúnaibh sa lá atá inniu ann. Tá Éamonn faoin tuairim go bhfuil an áit scriosta ó thaobh an méid tógála agus méid carbhán atá ann, chomh maith le tithe saoire. Bíonn fadhbanna le bruscar fosta ar fud an cheantair. Maidir le hobair atá ar fáil sa cheantar bíonn tógáil tithe ag gabháil go maith go fóill chomh maith le turasóireacht. Níl ach cúpla bád ag déanamh iascaireachta anois ar na gliomaigh nó ar phortáin – thart fá duisín ag obair uirthi. Má thagann moill ar an tógáil, tiocfaidh sé go tapaí agus beidh ar dhaoine imeacht arís [ar imirce]. | |
Obair | Nuair a d’éirigh Éamonn as McNutts, bhunaigh sé a ghnó féin ag cur isteach cistineacha. Chuaigh sin go maith ar feadh 2 nó 3 bliana go dtí gur stad na tithe úra ag gabháil suas sna 80í. Bhunaigh sé gnó fíodóireachta agus bhí sé ar siúl ar feadh cúpla bliain go dtáinig meath ar an ghnó sin. Bhí droch-am ann san am sin – bhí athrú ag teacht. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go Sasana (Londain) ag gabháil d’obair thógála ar na buildings cúpla bliain, ag déanamh shutteráil - chaitheadh sé thart fá 6 mhí achan bhliain thall. Ar a philleadh chun an bhaile, chuaigh sé ar ais go monarcha McNutts – bhí siad ag déanamh fíodóireacht láimhe fá choinne troscáin ag an am. Chuaigh sé i mbun gnó i bpáirtíocht le fear eile. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Scéalta Grinn | Scéal grinn fá iascairí na nDúnaibh. Lucht na hAlban ag iascaireacht uair amháin – fear as an áit a bhí ina chuideachta leo - fear eolach a bhí ann. B’fhéidir nach raibh mórán Béarla ag muintir na háite san am sin agus nuair a d’iarr scipéir an bháid ar dhuine áitiúil “go up and take down a couple of them buoys to me”, chuaigh an fear suas le cúpla (b’fhéidir ceathrar) gasúr a thabhairt anuas go dtí an ché. Bhí a fhios ag na boic óga an rud a bhí ann – bhí siadsan ag gáire fá dtaobh de. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Báid agus Longa | Ag tógáil báid – thóg Éamonn speedboat uair amháin. Fuair sé an plean dó mí amháin amach ó Practical Woodwork a bhíodh foilsithe achan mhí. Bhí boatyard ag Antóin (an táilliúra Mac Giolla Bhríde) agus bhí Éamonn ábalta é a dhéanamh thíos ansin leis na huirlisí a bhí ann. Thóg Éamonn cúpla teach – ceann do mhac s’aige agus ceann dó féin. Rinne sé an adhmadóireacht é féin. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer