Bealoideas.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Donnchadh Ó Baoighill | ![]() |
Áit Chónaithe: | Loch na nDeoran, Rann na Feirste, Rann na Feirste, Na Rosa. | |
Áit Dúchais: | Rann na Feirste |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Lucht Siúil | Scéal faoin am a casadh lucht siúil air, "gypsies", ar thaobh an bhealaigh mhóir. Bhí siad ag cuardach lóistín fá choinne na hoíche. An teach a d’fhan siad ann agus b’éigean dóibh luí ar rópa. Rópa cúpla orlach tiubh. Áit gharbh a bhí ann cé gur teach lóistín a bhí ann. "Model" nó "doss house" a bhí ann. | |
Obair | D’oibir sé sna tolláin ansin ar feadh tamaill. Rinne sé rud beag geallghlacadóireacht (bookie) ansin leis na fir a bhí ag cur airgid ar na beithígh. Rinne sé airgead ar seo. Bhí am maith aige. Obair sna tolláin, na huaireanta a bhí iontu. Bhí uaireanta fada le hoibriú acu. A chuimhní ar an am sin. Is iomaí fear a gortaíodh iontu fosta. Bhí timpiste ag a dheartháir féin i gceann. Sna tolláin uisce a ba mhó a d‘oibir sé, ar na scéimeanna hidrileictreach. B’iomaí timpiste a bhí iontu fosta, a chuimhní ar am a maraíodh cara dena chuid féin. Cuimhní ar an am sin, na timpistí, an cuideachta, ag inse scéalta san oíche ina suí thart fá thinteacha. Ni dhearna sé mórán damáiste dena shláinte cé gur dearnadh de shláinte fhir eile. Bhí sé ag obair in Wimbledon fosta, a chuimhní ar sin. | |
Obair | Áiteanna eile in Sasana a d’oibir sé, Wimbledon in Londain ar feadh chúpla mí, bhí obair bhog ansin, bhí sé cóirithe i rith na hama. An difir idir an obair sin agus obair shalach. | |
Spailpíní | Ní raibh fonn ar bith air ó shin imeacht arís nó a dhul anonn leis na háiteanna céanna a fheiceáil arís nó athruithe ar bith a fheiceáil. A chuimhní ar áiteanna agus daoine thall in Albain a d’oibir sé leis i dtús ama, na daoine a ba leo an feirm, an obair a rinne siad, an teach a bhí acu, bhí feirm 300 acra acu agus go leor airgid. | |
Spailpíní | In 1937 a dódh na daoine i nGlaschú i mbothaí in Kirkintilloch. Ni raibh Donnchadh é féin ansin san am ach a chuimhní ar an dóigh a caitheadh ar na hÉireannaigh thall. Droch áit a bhí i nGlaschú corr uair ó thaobh trioblóide de. Is iomaí uair a piocadh ar féin fosta. Bhíodh sé olc fosta nuair a bhíodh Celtic agus Rangers ag imirt. | |
Obair | Bhí feirm mhór ann agus bhí neart timireachta le déanamh. Cur síos ar an obair a bhí le déanamh aige leis an bháinne a chur i mbuidéil agus a chur i le hé a thabhairt na bhaile mhóir. Obair leis an eallach. Bhí an t-eallach le cothú ar maidin agus san oíche, na buidéil le nígh ón oíche roimh ré. Bhí léir oibre le déanamh aige. Tobar fíoruisce a bhíodh acu agus chaitheadh sé uisce a thógáil ó seo. Bhí go leor le hithe agus le hól aige, bhí leaba mhaith aige. An deacracht a bhí aige leis féin gan cuideachta, gan teanga. Phioc sé suas béarla de réir a chéile. Bhíodh uaireanta fada oibre aige agus bhíodh sé tuirseach. Shiúladh sé chun an Aifrinn gach Domhnach i gCaisleán na Deirge. Bhí obair chrua le déanamh ag an teaghlach fosta. Bhí uaigneas air ar shiúl ón bhaile. Ní raibh sé ábalta comhrá a dhéanamh leo. Scríobhadh sé na bhaile gach seachtain agus chuireadh a athair scilling chuige. Ní dhíoltaí a bpá leo go deireadh. |
|
Spailpíní | D’imigh léir Éireannaigh anonn go hAlbain agus níor phill siad ariamh na bhaile. Thóg moll de na daoine seo Glaschú agus na bailte. Úsáideadh na hÉireannaigh go mór san am. Ní raibh meas ar bith ar na hÉireannaigh. Bhí Brixton Cross olc thall ó thaobh trioblóide. Chaith sé a sháigh ama fa parkhead nuair a bhíodh Celtic ag imirt. D’imir sé féin rud beag peil Gaelach nuair a bhí sé thall. Bhí imreoirí maith ann. Sin an áit a d’fhoghlaim Donnchadh an peil agus nuair a phill sé na bhaile bhí foireann acu féin a d’imir sé do, d’imir sé in éadan an Chlochán Lia. | |
Spailpíní | Imirce go hAlbain, d’imigh a athair agus chuir sé anall scéala go raibh obair fá choinne Dhonnchaidh. Bhí ganntannas airgid sa bhaile agus ní raibh obair ar bith le fáil. An t-airgead a bhí le díol amach, leis na sagairt mar shampla. D’imigh sé ó Dhoire go Glaschú. Bhí socruithe déanta agus bhuail a athair leis. Bhí seo níos measa ná an Lagán ó thaobh cuideachta. I mbothaí a bhí sé ag stopadh. Cur síos ar na céird a bhí ann agus an obair a bhí le déanamh aige. Bhí sé ag tanadh tornapaí. 3 pingin ar chéad slat a bhí siad ag fáil, ar fheirmeacha móra. Bhí ceann amháin dárbh ainm “The Long Mile”. Bhí talamh maith agus cuibhrinn mhóra ann. Bhí treor a athar aige nuair a bhí sé ag obair, chaitheadh siad coinneáil suas leis an obair. Sin in 1939. Obair féir, an Fómhair, draentaí an cineál oibre. A chuimhní nuair a thosaigh an cogadh, bhí sé 15 bliana. An oíche ar cuimhin leis a buamáladh Clydebank. | |
Spailpíní | Ag bogadh go Glaschú, fuair sé obair ansin. D’fhán sé i dteach Éireannach ina raibh Éireannaigh ag fanacht. Bhí sé amuigh ag obair le fir a raibh aithne aige orthu. Chaith sé cúpla bliain ansin. Bhí am maith go leor aige ansin. Bhí pá bhreá aige. Bhí go leor oibre le fáil, obair de gach shórt, plástaráil, “chippyáil”, rinne sé tamall i ngach ceann. Scéal faoin obair seo, ag obair ar bháid don airm, na fir a bhíodh a dhéanamh. Bhí míshástacht i gceist le seo. Bhí earraí gann san am sin. Ba’s Gort an Choirce a “landlady”, bean an tí, Gallagher a bhí uirthi. Bhí sí maith dó. |
|
Seirbhís Mhíleata | Teitheadh ón airm; tógadh é le cur san airm. Cur síos ar an am seo. Fuair sé litir le dhul isteach. Bhí an cogadh chor a bheith thart san am. Theith sé, chuaigh sé ar an bhealach ag cuartú oibre. Bhuail sé le scaifte romanaithe agus fuair sé obair leosan. BRISEADH SA TÉIP, DEIREADH TAOBH 1. Cur síos ar an am a bhí sé leo, an obair a rinne siad, an bia a bhí acu, chodlaidh siad ar rópaí. D’fhan sé leo gur tháinig sé a fhad le feirm a raibh Éireannaigh ag obair ann, fuair sé obair ar an fheirm sin. Beireadh air sa deireadh agus tugadh go Aberdeen é. Tugadh comhairle air a dhul i reisimint na hÉireann (The Royal Inniskilling Fusiliers) nuair a chuirtí ceist air cén ceann a ba mhaith leis a dhul ann, bhí an armlann (depot) san Ómaigh acu, agus go mbeadh sé ábalta imeacht leis na bhaile ansin. Rinne sé sin ach ní raibh dúil ar bith aige san airm. An obair a bhí á dhéanamh aige. Ní raibh dúil aige sa sáirsint ach oiread agus ní raibh dúil ag an sáirsint ann. Caint ar a am leis an sáirsint seo. An dóigh a théith sé sa deireadh ón tSrath Bán go Leitir Ceanainn trasna an teorainn. |
|
Spailpíní | Tuilleadh imirce; chaith sé tamall sa bhaile ansin ar bheagán airgid, ag iascaireacht tamall. Dímigh sé ar ais go Sasana nuair a bhí an cogadh thart. Chuaigh sé go Bristol ar dtús ag obair ar bhealaigh móra. Chuaigh sé go Gloucestershire ansin ag déanamh rúidbhealach (runway) do eitleáin. Ag cur coincréit isteach ann. Bhí go leor oibre fa Shasain an t-am sin. Bhí sé in Coventry fosta. Bhí léir tógála le déanamh i ndiaidh an chogaidh. Bhí am maith go leor aige ansin. Bhí sé san “Isle of Grain” ansin ar scaglann ola (oil refinery). Bhí airgead mór sa jab sin. Bhíodh cuid mhór troda fá na háiteanna sin fosta, maraíodh fear as Gaillimh ann oíche amháin, léir ólacháin ag dul ar aghaidh ann. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Siopaí | Athrach mór anois: Deireadh leis na siopaí beaga. Níl an trácht nó na daoine ann anois. San am sin bhí scaifte mór fá gach theach agus ní raibh siad ag gabháil amach as baile l’éarraí a fháil. Measann sé go raibh arán níos fearr an t-am sin, bhí cuid mhór earraí ag daoine iad féin, arán, uibheacha, iasc, cál, préataí, báinne, eallach. Ach tá athrach ar an tsaol anois. Tá léir den charthanas ar shiúl. Meath na Gaeilge – Tá meath tágtha go mór uirthi agus measann sé nach n-éireodh sé mórán níos fearr. Má théann sé as baile anois, caithfidh sé béarla a labhairt. Béarla uilig atá á labhairt ag na daoine óga. |
|
Aontaí | A óige, bhí sé ar scoil go raibh sé 14 bliana d’aois. A chuimhní ag gabháil chun an aonaigh ar an tSrath Bán lena athair agus ar fhostach. Fuair siad an traen ó Chroithlí go Leitir Ceanainn agus ó sin go dtí an tSrath Bán. Chuaigh sé ar fhostach ag bean feirmeora sa bhliain 1939, ar feadh 3 mhí. Rinne a athair conradh léi, bhí se ag fáil £5. Ní raibh mórán béarla aige, rud a d’fhág rudaí iontach míshásta dó mar gur béarla uilig a bhí acusan. Feirm mór a bhí ann, bhí siad ag tabhairt báinne go dtí Caisleán na Deirge le float agus beithíoch bán. Bhí cuid de na daoine a bhí sé ag obair leo ceart go leor ach bhí cuid eile acu iontach míshásta. Bunadh na feirme agus na daoine a bhí ag obair air. |
|
Báid agus Longa | An lá a dhíol sé a bhád agus b’éigean do í a fhágáil i gCaislean Nua (Greencastle). Cur síos ar a thuras síos ansin. Chuir sé síos a dheartháir ar dtús sa charr le bheith ar an chéidh le solas ach ní raibh siad ann le é a stiúradh na poirte |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Iascaireacht | Cur síos ar na blianta a chaith sé ag iascaireacht nuair a phill sé na bhaile as Albain. Tús lena chuid iascaireachta, d’imir sé cluiche, Crown and Anchor ar oileán Árainn Mhóir agus bhain sé cúpla céad punt. Cheannaigh sé bád ó fhear ar an oileán. Cur síos ar an dóigh a cheannaigh sé an bád agus ar na daoine a dhíol an bád leis. Thug sé amach go tír mór í ach ní raibh mórán eolais aige féin ar an iascaireacht, chuaigh sé ag cuardach fir ach bhí deacrachtaí aige iad a fháil. Cur síos ar seo agus ar an iascaireacht scadáin. Shaothraigh siad a mbeatha as. Bhí craic mhaith acu. Bhí ceannaitheoirí ag teacht ansin ag ceannach an éisc. £2 an crann a bhí siad ag fáil, bhí 4 bhascaed sa chrann. Ní raibh airgead mór ann. Chuir na bháid mhóra deireadh leis an iascaire beag. Ganntannas scadáin agus an chúis leis. Dhíoladh siad an t-iasc in Ailt an Chorráin. Ag tabhairt lódaí éisc ar shiúl ar leoraí. | |
Iascaireacht | Bhí léir ama caite aige ag dul ó áit go háit, bhí aithne aige ar léir daoine, moll acu iascairí. D’fhan sé leis an iascaireacht cúpla bliain. Líonta fada a bhí sé ag obair leo ansin. Bhí dúil aige san obair a bhí á dhéanamh aige cé go mbeadh siad in amanna ag iascaireacht in áiteanna nár chóir do, áiteanna a bhí dáinsireach. Scéalta faoi seo. Ní raibh stair mór iascaireachta ar bith ina dhream féin. Bhí dreamanna eile a bhí ag iascaireacht na scadáin. Tá scéalta aige óna athair faoi na báid a chuirtí ar cháirt an bheithigh lena dtabhairt suas an bealach mór go Tra Éineach agus ní théadh siad thart leis an chládach. Bhí eolas maith acu ar bheithigh san am sin. |
|
Ainmhithe, Beithígh agus Eallach | A chuimhní ar thithe cheann tuí, an t-eallach istigh iontu. Bhíodh sé féin istigh le bearadh gruaige a fháil ó Dhonnchadh John Eoghainín, d’ith an t-eallach bearáid fear amháin a bhí ag fáil bearadh gruaige. | |
Bia agus Deoch | Bhí sé ar shiúl in Albain i rith am an chogaidh, bhí an cogadh thart nuair a phill sé na bhaile. Bhí ganntannas iontach fan bhaile, sna siopaí. Bhí na toitíní agus an tae mar shampla gann. Níor thig sé cén fath go raibh earraí chomh gann. Bhí siopa beag acusan iad féin agus chuidigh seo leo nuair a bhí earraí gann. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Filí | Seanchas Mháire Chonnachta atá aige a fuair sé i dteach a sheanathar oíche airneáin amháin. Tháinig sí as Connachta i 1855 agus chónaí sí ar an Chruit. Phós sí Antoin Mhánuis agus bhí teaghlach acu ach níl móran eolais aige fufu. Thóg siad teach ar thalamh a bhí ina choimín san am, ní le duine ar bith é. Thosaigh achrann idir Mháire agus an Sagart Rua, bhí acra Mháire san áit a raibh an sagart ag iarraidh tús a chur leis an reilig ach ní raibh sí sásta an talamh a thabhairt dó. Chuaigh an sagart chuig an tiarna agus fuair sé an teideal ar an talamh, thóg sé an teach an phobail agus an reilig ann. Thit sí féin agus an sagart amach lena chéile. Bean léannta a bhí inti agus ba file í fosta. Is iomaí uair a bhíodh sí i Rann na Feirste leis na Dálaigh, Séamus, Aodh agus Peadar. Dhá phíosa filíochta a rá ag Donnchadh a chum Aodh agus Maire oíche amháin i dtigh Aodha. Bhí Máire maith ag luibheanna agus leighis, is iomaí duine a bhíodh ag dul chuici. Ní théadh sí chun an Aifrinn ach oiread nuair a thit sí amach leis an Eaglais. Fuair sí saol crua. Tá Máire curtha ina cuid talaimh féin in reilig na Cruite in Acra Mháire, sin an t-ainm a thugadh na seandaoine ar an reilig. Bhí eagla ar na daoine duine ar bith a chur ina cuid talaimh nuair a bhí Máire beo nó chuireadh sí mallachtaí orthu. Ní raibh an sagart ábalta duine ar bith eile a fháil agus mholl sé £5 a thabhairt don chéad duine a chuireadh corp san reilig. Scéal faoin chéad fhear a cuireadh ann. Tá leabhair scríofa ag Brianaí Byrne as Loch an Iúir futhi, Strumpet of Clanree. |
|
Stair an Teaghlaigh | Seanchas a shean athar mhóir, bhí eolas maith acu ar bheithigh in am a shean athar. Fear mór, láidir a bhí ann. Bhí sé breá ábalta leis na beithigh agus ba ghnách leis póitín a dhéanamh. Théadh sé timpeall na tíre á dhíol, á iompar ar an bheithíoch in ceaigeanna. Chaitheadh sé a bheith láidir leis na ceaigeanna a thógáil suas ar an bheithíoch. Scéal faoin am a chur cúpla fear troid ar a shean athair mór, Ned ab ainm dó. Scéal faoin am a bhítí ag goid a chuid coirce. Chomh láidir a bhí Ned: Scéal faoin am a bádh Pádraig Ó Domhnaill ag teacht as an Bhun Beag. Tá an chloch mhór a thóg sé ar leacht lena ainm air ag taobh Teach Sheáin Néill, Cloch Ned, thiar in Rann na Feirste. Bhí an chloch thíos ar an chládach ar dtús ach bhog siad suas í le tarrchóir agus tomhasadh í. Bhí léir talaimh ag Ned mar gur é duine dena chéad daoine a shocair ar an bhaile. |
|
Stair an Teaghlaigh | Stair agus seanchas a theaghlaigh féin. A athair mór Seán Néill Bhaoighill. | |
Teangacha á labhairt in Éirinn | Níor chaill sé a chuid Gaeilge ariamh cé gur chaith sé léir blianta ag caint béarla nuair a bhí sé thall. Thóg sé a theach i Rann na Feirste nuair a pósadh é. Bhí teach ar cíos aige go dtí sin. Chonaic sé athrach mór ar Rann na Feirste i ndiaidh a theacht na bhaile, bhí an áit agus na daoine athruithe go mór, ní raibh soinneantas ar bith fágtha níos mó. Phill daoine ansin as Albain agus thosaigh siad ag tógáil tithe agus ag cóiriú sean tithe. Bhí ceirdeanna foghlamtha acu ansin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Bunadh na hÁite | Stair Rann na Feirste, na chéad daoine a chónaí san áit, Seán agus Peadar Mac Grianna a tháinig as Mín an Lábáin. An dóigh ar scoilt siad an áit eatarthu, bhí portach aguis gainimh ann. An sean ainm a bhí ar Rann na Feirste, Ceann Dúráin na nDúthrán Bán? Dáthraigh siadsan an t-ain mar an áit. Cheannaigh siad ón Tiarna é ar £5. Tá cuid mhór muintearthas san áít. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Ceiliúradh agus Caitheamh Aimsire | Bhí sé ábalta níos mó airgid a shábháil nuair a d’éirigh sé níos sine. Cheannaigh sé tarrchóir, tháinig sé na bhaile arís, bhí rud beag airgid aige. Bhí am maith aige go dtí gur pósadh é agus gurbh éigean do socrú síos; ag imirt peil, ar shiúl go Bealach Féich ag amharc ar chluichí, amuigh san oíche. Na blianta ó 1955 go 1966. Mhothaigh sé féin nach raibh mórán de shaol óg aige, b’éigean do imeacht ag obair go hóg. | |
Ceiliúradh agus Caitheamh Aimsire | An Caitheamh aimsire: Ag dornálaíocht, bhí sé sa chlub le Johnny Mac Millan (world featherweight) agus Benny Lynch. Rinne sé féin dornalaíocht sular imigh sé san airm. Scéal faoin am seo, é féin ag troid. Bhí Danny Gillespie ansin fosta, bhuaigh seisean craobh na hAlban am amháin. Bhí siad ag déanamh airgid don chlub, bhíodh dornalaithe proifisiúnta eile ag teacht chuig an chlub ag "sparrál". |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Comparáidí idir na Glúnta | An t-athrach a chonaic sé le blianta ó thaobh an obair a bhíodh á dhéanamh acu, an rómhair agus an t-eallach, an mhóin agus feamnach. Bhí meitheall fear le fáil fá choinne gach jab a bhí le déanamh ag na daoine. Rinne sé féin cuid mhór oibre feamnaigh, cur síos ar seo. San am sin bhíodh mná agus fir ag déanamh an obair a bhí le déanamh. Obair mhaslach a bhíodh ann, bhí an obair géar ar na mná. | |
Reiligí Áitiúla | Ag obair ar na céanna, i gcúpla áit, Gabhla (1964), reilig Mhachaire Gathlán, i gCionn Mhálanna ag glanadh píopaí ag an stáisiún aimsire. Bhíodh sé ag tumadóireacht ach ní raibh an t-éadach ceart aige fá na choinne. Cur síos ar an obair a bhíodh á dhéanamh aige i Machaire Gathlán. An cineáil oibre a bhíodh á dhéanamh i nGabhla aige fosta. Bhí sé ag tumadóireacht ansin fosta. BRISEADH SA TÉIP Cur síos maith ar a chuid oibre agus a am i nGabhla, bhí saol breá acu. |
|
An Óige agus Aois | Ag siúl thart an rampar (trasna ar an fhearsaid), aicearra a bhí ann daofa nuair a bhíodh siad ag gabháil áit ar bith. Bhí seanduine ar an bhealach a raibh eagla orthu roimhe. Níor shíl siad a dhath de shiúl san am sin, shiúladh siad gach áit. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Oileáin | Bhain sé sult mór as sin. Bhí teach airneáin ag Tadhg Mhicí Thaidhg, fear a raibh oifig an phoist aige agus bhíodh siad ag imirt chárdaí, cluichí cúig fichid, i dtigh Thaidhg. Thagadh siad amach as Gabhla ag an deireadh seachtaine agus théadh siad ag damhsaí i nGaoth Dobhair. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer