Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Daoine Aitheanta go hÁitiúil | Scéal faoi Ruairí Mór, deirtear go bhfuair sé bás ar Inis Bó Finne le hocras i rith am an ghorta ach deir Dinny nach bhfuair. Bhí cónaí air in Inis Dúiche agus bhíodh sé ag taisteal go dtí an Fál Carrach. Scaoil na Sasanaigh lá amháin é ach d’éalaigh sé uathu. | |
Daoine Aitheanta go hÁitiúil | Scéal ó sheanbhean ar an oileán faoi 'Maolmhuire an Bhata Bhuí', fear a luadh i leabharthaí staire, tugadh bata mar bhronntanas ó rialtas Shasana. Oileán Uí Bhaoill. Scéal eile uaithi faoi bhád a tháinig isteach ar an trá agus gan a dhath uirthi ach pónaithe. Scéal eile faoi bhád a chuaigh go tóin poill agus bhí lucht óir uirthi. B'fhéidir gur bád de chuid an Armada a bhí ann. Ní bhfuarthas ór ariamh uaithi ach tá cloch ann a dtugann muintir an oileáin Cloch an Óir air. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Reiligí Áitiúla | Bhí Mánaigh ar Oileán Dúiche thart ar an 7ú haois. Tá ballóga theach an phobail ansin go fóill. Tá reilig ansin fosta agus bhí an áit lán coiníní ach ní dhearna na coiníní riamh poll sa reilig. Scéalta eile faoin reilig. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Oileáin | Tháinig Dinny amach go Machaire Rabhartaigh le dul ar scoil. Cur síos ar an lá ar fhág sé an t-oileán le teacht amach. Bhí sé ag stopadh i dteach in aice na scoile agus bhí cumha iontach air i ndiaidh an bhaile. Bhí dhá oide sa scoil, Seán Mór Hanraí as Gaoth Dobhair nó Croithlí agus Nóra Ní Earcáin as Gort an Choirce. Fear an oileáin a thugtaí ar Dinny. Cur síos ar a chuid ama ar scoil. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Na Naoimh | Cnoc na Naomh: Chonaic sé taibhse sa spéir uair amháin agus é ag buachailleacht ar Chnoc na Naomh. Bean ba ea í, gruaig fhada uirthi agus í ag clúdach leath na spéire. Tá creig ar an chnoc sin fosta agus lorg coise ann, deir siad gur lorg coise Cholm Cille é. Tá áit ann fosta ar bharr an chnoic a dtugtar Corr / Cur na Leabhar air. Cur síos ar an mhíniú a bhaineann sé féin as an ainm seo. Tógadh cros ann cúpla bliain ó shin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Logainmneacha | Tuilleadh logainmneacha. Ina measc, An Clochán agus an chúis ar tugadh an t-ainm sin air. An Barr. An Scraith. An Garradh Bán. An Páirc Úr agus an Talamh Scallta. An Mullach Bán. An Portach. An Tobar Mór. Port na Bothóige. | |
Logainmneacha | Oileán Inis Bó Finne agus a logainmneacha: Áit ar chúl an oiléain ar a dtugtar Oileán na Marbh agus scéal faoi chéad bliain ó shin nuair a chuaigh na Sasanaigh isteach. Chuaigh na daoine i bhfolach agus chuir na Sasanaigh ceist ar ghirseach óg amháin a bhí fágtha cá raibh an chuid eile de na daoine. D’inis sí daofa agus bhain siad an ceann di, mharaigh fear eile an fear a mharaigh ise. Tugtar Scoilt na Ribe Ruaidh (gruaig rua a bhí ar an ghirseach), ar an áit ar thit an fear a mharaigh í. Ach maraíodh na daoine uilig ar an oileán. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Oideachas | Ag déanamh réidh le himeacht 'na choláiste thíos i mBaile Bhuirne, cuid de na daoine a casadh air ansin. Bhíodh sé ag teacht 'na bhaile ar saoire agus ag déanamh na hoibre a bhí le déanamh m.sh. na prátaí, feamnach, an mhóin, cochán. Bhí sé maith ag obair na speile. Cur síos ar uair amháin a bhí sé ag pilleadh ar Chorcaigh agus chaill sé an traein ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh. B’éigean do an traein mhall a fháil agus bhí sé 3 an chlog ar maidin nuair a shroich sé Corcaigh. Fear a casadh air a bhí ag iarraidh air a dhul leis. Bhí sé 14 bliana d’aois ag an am. Chaith sé 4 bliana ar an choláiste sin. Na daoine a bhí leis ina rang. Chailigh sé mar mhúinteoir. Chaith sé dhá bhliain i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin. Chaith sé cúpla seachtain mar ionadaí i nDoire Chonaire agus iarradh air a dhul go Toraí tamall, chaith sé bliain agus 3 mhí istigh i dToraí. Ansin d’imigh sé go hAlbain. |
|
Obair | Roinneadh an talamh i dToraí idir ochtar de chlann Uí Cholla, cur síos ar an obair a rinne siad ar an talamh idir rómhair, leasú agus ag cur phrátaí (pinks, banners agus prátaí gorma). Ag déanamh obair feamnaigh i ndiaidh meáin oíche ar Aoine an Chéasta. Bhí beithígh ag obair acu fosta. Bhíodh obair shéasúrach le déanamh. An dóigh ar thug siad faoin obair. Bhí meascán de ghaineamh agus créafóg sa talamh ar an taobh thoir den oileán, iontach maith le glasraí a fhás. Bhíodh siad ag baint ceilpe fosta agus ag iascaireacht scadáin agus na ngliomach. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Taibhsí | Chonaic Dinny taibhse go mall oíche amháin ina theach agus labhair sé leis. Níor labhair an taibhse ach mhothaigh Dinny uaidh gur ar mhaithe le Dinny é féin a bhí an taibhse ansin. Bhí a fhios aige ag an am cé a bhí ann ach d’imigh an t-eolas uaidh ina dhiaidh. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Nósanna agus Piseoga | Pisreoga ón tseanbhean fosta: An sagart agus an bád. An fear a scaoil an giorria sa chos. pisreoga a d’inis fear as Albain daofa: Giorria a théadh isteach sa teach gach lá. Bhí an clog ar an bhalla ag Dinny agus ar chuid mhór tithe ar an oileán. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer