Goitse, Meitheamh 2011

16 Goιtse Meitheamh 2011 goitsenuacht@gmail.com Clóchur agus dearadh: Caomhán Ó Scolaí 087-2734035 25bliainagfás! Rinne Ceiltigh Ghaoth Dobhair éacht an mhí seo a chuaigh thart nuair a bhain siad Sraith Dhún na nGall agus Corn Dhún na nGall, an dá dhuais is mó i sacar sinsearach na contae. An t-am deireanach a rinne siad an éacht sin ná 1986, 25 bliain ó shin. Bhí Hugh Rua Ó Gallchóir ina chaiín ar an oireann an bhliain sin agus, tráthúil go leor, tá sé anois ina bhainisteoir ar an oireann chéanna. Agus ní sin deireadh leis an tráthúlacht. Ar an oireann chéanna le Hugh Rua, bhí John Barr, Donn- chadh Mac Niallais, John Curran agus Éamonn Mac Aodha agus bhí Shaun Barr, Odhrán Mac Niallais, Éamonn Curran agus Éamonn Mac Aodha, mic leis muintir ’86 ar an oireann a bhain an dá dhuais i mbliana. I ndiaidh bliana crua sa tSraith, bhain siad an cluiche deireanach ar 15 Bealtaine in éadan Chill Mhic Réanáin 2-0 agus fuair Colin Ó Fearraigh an dá chúl ar an lá. Ach fágadh iad ag imirt in éadan Chill Mhic Réanáin arís i gcluiche ceannais an Choirn ag Baile Áir seachtain ina dhiaidh sin. Scóráil Colin Ó Fearraigh cúl an lá sin agus bhí Pól Mac Giolla Easpaig agus Cathal Campbell leis nuair a bhain na Ceiltigh 3-0. Mar uachtar ar an mhilseog, toghadh Hugh Rua Ó Gallchóir mar Bhainisteoir na Bliana do Shraith Dhún na nGall agus toghadh Éamonn Curran mar Imreoir na Bliana fosta. Lá mó eile do na Ceiltigh. Níl siad ag luí siar ag ceiliúradh, áfach. Tá rún ag an oireann tógáil ar an bhua iontach a bhí acu i mbliana agus níl siad sásta fanach 25 bliain eile go dtí go raibh an tSraith agus an Corn ina seilbh arís ag an am amháin. Beidh traenáil ag toiseacht arís i mí Iúil, mí roimh thús an tséasúir, ag an pháirc Astroturf thiar ag an Scrábán agus tá rún acu foireann éifeachtach a chur amach ar an pháirc ag tús an tséasúir úir. Beidh traenáil ar fáil fosta do dhaoine óga atá ag iarraidh úsáid a bhaint as na háiseanna ag an Astroturf oíche Luain agus oíche Mháirt ag a 6.00 a chlog. Sin bealach amháin le foireann óg a chothú agus ag Ceiltigh Ghaoth Dobhair, tá a ios acu go n-oibríonn sé mar sin mar a cothaíodh an oireann a rinne an éacht ar pháirceanna peile Dhún na nGall an mhí seo a chuaigh thart! Ceiltigh Ghaoth Dobhair: Buaiteoirí Chorn agus Sraith Dhún na nGall 2011 Foireann agus lucht tacaíochta Cheiltigh Ghaoth Dobhair ag ceiliúradh i ndiaidh Corn Dhún na nGall a bhaint.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3