Goitse, Meitheamh 2011

2 Goιtse Meitheamh 2011 I ndiaidh cruinnithe sa Chrannóg ar na Doirí Beaga i nGaoth Dobhair an mhí seo a chuaigh thart, rinneadh cinn- eadh coiste a chur ar bun le feachtas a reáchtáil le Paróiste Ghaoth Dobhair a ghlanadh suas agus iarracht a dhéan- amh dhul i ngleic le dumpáil mídhleathach agus an bruscar ar thaobh na mbóithre agus fríd an cheantar. Rinneadh an cinneadh ceithre rud a dhéanamh láithreach: 1. Lá mór glantacháin eile (ag leanúint ar aghaidh ón cheann iontach maith a bhí ann í mí Mhárta) ar an 18ú Meitheamh- roimh shéasúr an tsamhraidh. Beidh an coiste ag súil lena lán tacaíochta ón phobal uilig ar an lá seo. Mar is mó a ghlacann páirt, dar leo, is lú a bheas le déanamh ag achan nduine. 2. Feachtas eolas áitiúla a sheoladh leis an pobal a chur ar an eolas faoin adhb atá againn agus na modhanna atá ar fáil go h-áitiúil le bruscar a láimhseáil. 3. Comharthaí a chuir in airde fríd an phobal ag iarraidh cosc a chur ar dumpáil mí- dhleathach. 4. Iarracht a dhéanamh le níos mo boscaí bruscar a chuir ar fáil ar an phríomh bhóthar, agus in áiteanna stráitéiseacha eile. Fosta, mar eolas – ta sé déimhnithe go mbeidh bail- iúchan de earraí leictreacha á eagrú ag an Chomhairle Contae i mí Dheireadh Fómhair sa cheantar, agus iarrtar ar dhaoine a bhfuil ábhar leictreach acu le réitithe a áil de , é a choinneáil go dtí sin nó é a thabhairt go dtí an t-ionad athchúrsála ar an Chlochán Liath ( áit a dtig é a ágáil saor in aisce!!). Tá an dáta do bhailiúchán seo le cinntiú go fóill ach déanfar fógraíocht fá dtaobh de níos cóngaraí don am. Na hainmhithe á gcur féin in aithne dá chéile ag Aonach Bhraighnidh, a reáchtáladh ag Teach Phete. ColmCroker agus Mícheál ChoilmMac Giolla Easbuig ag baint suilt as Aonach Bhraighnidh, a reáchtáladh in Doirí Beaga, ar na mallaibh. Glantachán Glas Ghaoth Dobhair ‘Ag dul chun Aonaigh dom…’ Thosaigh Margadh Tuaithe úr ag Teach Mhuiris i mBun an Leaca ar an deireadh seachtaine fada lá Bealtaine. Bhí bácáil baile, glasraí agus plandaí, ábhar ceirde srl ar díol istigh agus amuigh den seanteach breá seo. Bhí ceol á chur ar fáil ag ceoltóirí óga na Crannóige agus ar ndóigh tine dheas sa teallaigh agus cupa tae á chur ar fáil ag Maireád Ní Dhúgáin. Tá an Margadh á eagrú ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, agus tá súil go mbeidh sé ina ócáid mhíosúil. Beidh an chéad Mhargadh eile ar an Domh- nach an 5 Meitheamh ag an 2in agus má tá suim agat spás a chur in áireamh, cuir scairt ar an Chrannóg ag 95 32208. Margadh Theach Mhuiris Táillí úra ar an bhealach Ar lean ó lch 1 Bhéarfadh sé tacaíocht do ghrúpa ar bith neamhspleách a raibh sé mar aidhm aige seasamh láidir a ghlacadh in éadan na dtáillí. Beidh cruinniú i Halla Anagaire Dé Sathairn 11 Meitheamh ag toiseacht ar a 12.00 leis an cheist seo a phlé agus le coiste pobail a bhunú a eagróidh feachtas in éadan na dtáillí uisce agus iarradh ar dhuine ar bith a mbeadh suim acu ann bheith i láthair. Bhí caint fosta faoi tháille eile ar dhaoine a bhfuil umar seipteach ( septic tank ) acu. Níl sé soiléir go fóill an táille eile ar fad a bheas ann nó an mbeidh se mar chuid de na táillí uisce úra ach tá brú ar an rialtas cloí le cinneadh sa Chúirt Eorpach i 2009 gur ag sárú rialacha timpeallachta na hEorpa a bhí muintir na tíre seo a raibh an umar seipteach acu. Ní fios ach oiread an mbeidh dualgas ar úinéir ti a bhuil umar seipteach aige cruthú go bhfuil cothabháil rialta déanta air. Doimnic Neilí Mac Giolla Bhríde, Theresa Kavanagh agus Niall Hackett ag bualadh ceoil ag Aonach Bhraighnidh.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3