Goitse, Eanáir 2014

16 SPÓRT Goitse 24 Eanáir 2014 Beidh an sraith sacair faoi 12 ag toiseacht arís an deireadh seachtaine seo tar éis sos na Nollag. Tá 9 gcluiche imeartha ag na foirne uilig anseo san iar thuaisceart agus is iad na clubanna Gaeltachta atá ag déanamh go maith go dtí seo. Tá Ceiltigh Ghaoth Dobhair ar bharr an tábla agus iad ag imirt scoith peile. Níor chaill siad aon cluiche sa sráith go fóill. Tá foireann iontach láidir acu. Tá beirt acu, Jamie Ó Dochartaigh agus Domhnall Mac Giolla Bhríde ar fhoireann an chontae Faoi 12 agus roinnt imreoir eile ar fhoireann An Iar Thuaisceart a bheas ag imirt sa ‘Foyle Cup’ amach anseo. Tá Gleann Átha Aontaithe sa darna háit faoi láthair. Is é Ciarán Ó Colla, deartháir le Joe Ó Colla a chaith seal le Manchain Aontaithe, an cúl báire atá acu . Seans go mbeidh Ciarán ag leanstan a dheartháir amach anseo. Tá roinnt chluiche le himirt go fóill ach tá an cosúlacht ann gurb iad Cheiltigh Ghaoth Dobhair agus Gleann Átha Aontaithe a bheas ag imirt I Sráith na Seaimpíní . Ach beidh le feiceáil cé acu a bheas ar bharr na sraithe i lár mhí an Mhárta. Thig linn labhairt faoin ‘chupa’ ansin; cupa a bhain Ceiltigh Ghaoth Dobhair anuraidh. Bhfuil an ‘dúbailt’ ar an tsúil ag na Ceiltigh óga? Ceiltigh faoi 12 Ghaoth Dobhair ar bharr tábla an Iar-Thuaiscirt Ceiltigh Ghaoth Dobhair 9 27 Gleann Átha Aontaithe 9 21 Ruaigirí Chéide 9 15 Clochán Liath 9 7 Gaoth Dobhair Aontaithe 9 6 Gleann an Rí 9 4 Tábla Faoi 12 Foireann Cluichí Poinntí Dinnéir Chinn Bliana CLG Ghaoth Dobhair Bhí dinnéar chinn bliana CLG Ghaoth Dobhair ar siúl sa Chlubtheach i Machaire Gathlán oíche Shathairn an 18 Eanáir. Oíche cheiliúrtha a bhí ann don scaiOe mór a bhí i láthair, thart ar 170 duine ar fad. Is iad Aogán Ó Fearghail, Comhairle Uladh, agus a bhean chéile na haíonna speisialta ar an oíche. Bhronn sé Corn agus boinn Chomórtas Peile na Gaeltachta ar fhoireann sinsir na bhfear agus na mban a raibh an bua acu anuraidh i bPort Láirge. Bronnadh gradam Imreoir na Bliana ar Éamonn Mac Aoidh (Sinsir) agus ar Róisín Nic Pháidín (Foireann na mBan). Tugadh aitheantas ar leith do Neil Mac Aoidh a bhí ar fhoireann Idirnáisiúnta na hÉireann a d’imir in éadan na hAstráile anuraidh. Tuilleadh spórt ar lch 15 Aogán Ó Fearghail, Comhairle Uladh, ag bronnadh gradam ar Éamonn Mac Aoidh Mionúr na Bliana Niall Friel ag glacadh le gradam ó Chaoimhín Ó Casaide Imreoir Ban na Bliana Róisín Nic Pháidín

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3