Goitse, Eanáir 2014

2 NUACHT Goitse 24 Eanáir 2014 Go n-éirí go geal le Goitse STIÚIDEO TAIFEADTA IONAD NAOMH PÁDRAIG Seirbhísí Taifeadadh Beo, Eagarthóireacht Fuaime, Meascadh Digiteach Seirbhísí breise: Máistriú, priontáil agus dearadh CD, Lascainí do mhic léinn, Pacáistí do scoltacha, Ráta san uair. Tá tús curtha leis an phróiseas phleanáil tean- gan sa cheantar seo. D’fhógair Údarás na Gaeltachta an mhí seo go mbeadh siad ag iarraidh ar eagraíochtaí nó coistí pobail i nGaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir iarrataisí a chur isteach chucu agus go roghnódh siad eag- raíocht le dul i mbun oibre ar an scéim pleanála. Fógrófar an cheanneag- raíocht, a bheas i gceannas ar an plean teangan a chur i bhfeidhm ar fud an cheantair i mí Bealtaine. Beidh suas le dhá bhliain ag an eagraíocht a rogh- nófar plean chuimsitheach a chur fá bhráid an Údaráis. Dhearbhaigh urlabhraí don Údarás go raibh an seans ag eagraíochtaí pobail teacht le chéile agus iarratas amháin a chur isteach don cheantar. Ní fios an sin an rud atá beartaithe ag eagraíocht ar bith anseo ach bhí díos- póireacht faoi ar na mallaibh nuair a d’fhógair Foras na Gaeilge a gcuid pleananna le maoiniú a thabhairt do sé cheann- eagraíocht agus bheadh ciall leis le limistéar chomh mór leis an cheantar seo. Níl cinnteacht ar bith ann, áfach, faoi caidé mar a íocfar as an scéim. Níl dabht ar bith ach go mbeadh costaisí suntas- acha le scéim chasta mar seo a chur i bhfeidhm i gceantar mór fairsing ach níl sonraí ar bith ar fáil ar cá has a dtiocfaidh na hacmhainní sin. De réir an Údaráis, níl freagra díreach ar an cheist, ach “bheadh muid ag súil go gcuirfidh acmhainní ar fáil don cheanneagraíocht a roghnófar le tabhairt faoin Phlean Teanga a bheidh le hullmhú sa Limistéar cuí.” Go dtí seo, is iad an ceantar seo, Cois Fharraige i gConamara agus Ciarraí Thiar an trí cheantar atá i gceist le tús a chur leis an Phróiseas Phleanáil Tean- gan ach beidh sé á chur i bhfeidhm sna ceantracha éagsúla Gaeltachta de réir a chéile. Tús curtha le próiseas phleanáil teangan Ceanneagraíocht le roghnú in ainneoin easpa cinnteachta faoi mhaoiniú na scéime Des Beaty ball de Chumann Cathaoir Rotha na hÉireann ag baint sult as rang ealaíona in Ionad Naomh Pádraig, Dobhar.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3