Goitse, Feabhra 2014

2 NUACHT Goitse 21 Feabhra 2014 I ndiaidh an chruinnithe poiblí mór san Acadamh ar an 3 Feabhra, cuireadh coiste le chéile le troid le Oifig an Phoist an Bhún Bhig a choinneáil foscailte, seachtar ina iomláine; Máire Ní Chomhaill, Bella Uí Dochartaigh, Breandán Ó Baoill, Harold Ó Dochartaigh, Eugene Ó Gallchóir, Muiris Ó Gallchóir agus mé fhéin. Bhí an dúshlan againn tuairimí agus imní an phobail a chur chuig bord bainistíochta An Post. Ba mhaith leis an choiste ár mbuíochas a gabhail le bunadh na h-áite. Bhí níos mó na 2800 achainí sínithe agus suas le 180 litir phearsanta scríofa ag pobal Ghaoth Dobhair. Scríobh na gnónna áitiúla litreacha ag tacú leis an achainí, ina measc litir ó Chumann Chathaoir Rotha na hÉirinn agus ó Bhriogáid Dóiteáin Ghaoth Dobhair. Ar an 12ú, bhí cruinniú ag an choiste in Oifig an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar Shráid Chill Dara le hAenghus Laverty, bainisteoir cumarsáide An Post agus Aidan O’Donnell (de bhunadh Shraith an Urláir), bainisteoir réigiúnach An Post. Fuair an coiste tac- aíocht mhór ó pholaiteoirí Dhún na nGall. I láthair ag an chruinn- iú bhí an tAire Stáit Dinny Mac Fhionnlaoich, Pearse Ó Dochart- aigh, Thomas Pringle, Charlie McConalogue agus Joe McHugh. Deas lucht na gcultachta a fhéiceail ag seasamh an fhóid le chéile fá choinne Oifig an Phoist. Chuir muid ina luí orthu an tábhacht atá le hOifig an Bhun Bhig, go háirithe i ceantar a fuair buille i ndiaidh buille leis an dá bhanc agus trí Oifig an Phoist druidte taobh istigh de thrí bliana; oifig FÁS bogtha go dtí an Clochán Liath. D’inis muid do An Post fosta faoin tseirbhís iontach atá á thabhairt ag an oifig don cheantar agus go bhfuil ag daoine taisteal suas le cúig mhíle go dtí an oifig ó bharr an Toirr. Sílim gurb é an pointe is mó a chuaigh a feidhm orthu no líon na ndaoine i gcathaoir rotha a bhaineann úsáid as oifig an Bhun Bhig . Dúirt muid fosta leis An Post go bhfuil an dá oifig poist de dhith sa cheantar. Duirt Laverty linn nach raibh cinneadh ar bith déanta agus nach mbeadh go dtí i ndiaidh an 14ú lá nuair a críochaíonn an tréimhse comhairleach. Ansin dhéanfaidh siad ath-bhreithniú ar na litreacha uilig agus na hachainí ó mhuintir Ghaoth Dobhair. Dúirt siad fosta go raibh níos mó ná hairgead le plé agus go mbeidh an cinneadh déanta roimh dheireadh na míosa. Cinneadh faoi thodhchaí Oifig Poist an Bhun Bhig roimh dheireadh na míosa cartún scadán caoch Ó sea, tá seo galánta. . . . Tá siad ag léiriú meas don Ghaeilge! ‘Éirigh as, a Dinny!’ Ar lean ó lch 1 gur iarr Sinn Féin ar Dinny athbhreithniú a dhéanamh ar an Aireacht níos luaithe, i ndiaidh do Sheán Ó Cuirreáin fógairt go raibh sé ag éirí as a phost mar Choim- isinéir Teangan. Dúirt sé go raibh trí bliana ag an rialtas seo le difear a dhéanamh do staid na teanga agus don Ghaeltacht agus nach dtearnadh mórán uilig ach caint. Rinne sé tagairt don easpa dul chun cinn ar Straitéis Fiche Bliain agus Acht na dTeangacha Oifig- iúla agus gurbh éigin don fhreasúra an Dáil a fhágáil mar agóid cionn is nach raibh an rialtas sásta díospóireacht cheart a dhéanamh ar an reachtaíocht a bhí roimh an Dáil. Dúirt sé gur aithin sé gur fear maith Gaeltachta a bhí i Dinny ach gur chóir dó an rud céanna a dhéanamh agus a rinne Seán Ó Cuirreáin agus éirí as a phost mar Aire Stáit don Ghaeltacht cionn is nach raibh an rialtas ag déanamh an dul chun cinn a gheall siad. Mar fhreagra ar Mhac Giolla Easbuig agus Ó Dochartaigh, dúirt McGinley le Goitse gur sheas sé le polasaithe an rialtais maidir leis an Ghaeilge agus leis an Ghaeltacht agus rinne sé tagairt don óráid a thug sé sa Dáil Dé Máirt inar ghabh sé buíochas le Seán Ó Cuirreáin as an obair a bhí déanta aige ina phost agus ag cur fáilte roimh cheapachán Rónán Ó Domhnaill mar chomharba air. San óráid, dúirt McGinley go raibh Cinn do Bhille na dTeang- acha Oifigiúla dréachtaithe agus go dtabharfar os comhair an rialtais go han-luath iad. Chuir sé síos fosta ar na plean- anna atá ag an rialtas cur leis an líon státsheirbhíseach le Gaeilge a bheas ar fáil do phobal na Gaeilge. Ag caint ar an ghlaoch gur chóir dó éirí as a phost mar Aire Stáit don Ghaeltacht, dúirt sé “Bhí sé ina onóir agus ina phribhléid agam bheith tofa go mion agus go minic ag muintir Dhún na nGall agus má bhí mé ar lorg comhairle, is iad Mac Giolla Easbuig agus Ó Dochartaigh an bheirt dheire- anach a mbeinn ag dul chucu.” Mar fhreagra air sin, dúirt Mac Giolla Easbuig le Goitse , “Tá Dinny ina Aire Gaeltachta cúpla uair agus tá sé ins an Dáil ar feadh na mblianta. Coinníonn sé ag déan- amh na rudaí céanna arís agus arís eile agus tá sé soiléir nach bhfuil siad ag oibriú. Tá sé in am aige imeacht.” Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig Pearse Doherty TD Tuairisg le Sara Ní Chuirreáin Imeachtaí Sheachtain na Gaeilge in Ionad Naomh Pádraig 1/03/14 – 8/03/14: Comórtas Ealaíne Bunscoileanna bunaithe ar an seanfhocal: “ Cuir síoda ar ghabhar agus is gabhar i gcónaí é ”. Cúig chatagóir: Naíonáin Bheaga/Mhóra; Rang 1-2; Rang 3-4; Rang 5-6; Riachtanais Speisialta. Déanfar na duaiseanna a bhronnadh ag an Lá Gaelach Spórt agus Spraoi 1/03/14 – 8/03/14: Comórtas Scríbhneoireachta (dánta/gearrscéalta) do dhaltaí na Pobalscoile. Dhá chatagóir: An Teastas Sóisearach; An Ardteistiméireachta Déanfar na duaiseanna a bhronnadh ag an Lá Gaelach Spórt agus Spraoi. Moltóir: Máire Wren, file 06/03/14 @ 8.00 i.n. Cuisle Seanchais: Abair Leat Oíche airneáil i Stiúideo Cuisle Ceoil. Beidh aoi speisialta i mbun cainte. Aoine 7/03/14 Maidin Chaife Chun sochar Cumann Duán na hÉireann 11.00 r.n. – 2.00 i.n. Satharn 8/03/14 Siúlóid Stairiúil an Chlocháin Bhig Ag fágáil an Ionad Naomh Pádraig 2.00 i.n. Satharn 8/03/14 Paidrín i nGarradh an Dóchais Ionad Naomh Pádraig, 8.00 i.n. 9/03/2014 Lá Gaelach Spórt agus Spraoi 12.00 i.n. – 4.00 i.n. Bácáil Traidisiúnta do Pháistí • ‘The Cube’ • Preab Chaisleáin • Comórtas Scrabble i nGaeilge • Péinteáil Aghaidhe • Comórtas Púil • BBQ

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3