Duilleog, Samhradh 2009

NUACHTLITIR Éigse Uladh 2009 Ba é dhaichead Bliain d'Éigse Uladh téama na hÉigse i mbliana. Rinne an dlíodóir Antoin Delap an Éigse a fhoscladh go hoifigiúil agus rinne sé cur síos a bhí cuimsitheach agus greannmhar ar a chuimhní cinn féin ar na hÉigsí ó thus ama. Ina dhiaidh sin thug Noel Ó Gallchóir fear a bhfuil baint aige leis na hÉigsí ón tús léiriú agus cuntas a bhí thar a bheith suimiúil ar na léachtóirí uilig, na hábhair a bhí faoi phlé agus imeachtaí na nÉigsí go ginearálta. Le cuidiú ó chartlann Raidió na Gaeltachta thug sé siar muid ar bhóithre na smaointe le daoine mar Seosamh Mac Grianna agus Seamus, Coslett Ó Cuinn an sagairt Eoghan Ó Fríl iar chathaoirleach na hÉigse Seán Mac Aoidh iar mhúinteoir & iar chathaoirleach ar Chomhairle Paróiste Ghaoth Dobhair agus go leor eile nach maireann. Chuir Majella, Lisa & Sharon Nic Pháidín ceol binn ar fáil lena gcuid amhránaíochta le linn na hoíche. Ainneoin go raibh an oíche go dona ó thaobh na haimsire de, bhí teach lán againn in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Bhí taispeántas sa Chrannóg Dé Satharn agus Dé Domhnaigh ar na hÉigsí agus ar Ghlór na nGael agus ar obair an Chomharchumainn a bhfuil 20 Bliain slánaithe aige anois. Rinneadh Aifreann na hÉigse a cheiliúradh i dTeach Pobail Mhuire i nDoire Beaga Dé Domhnaigh le Cór Mhuire.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3