Goitse, Márta 2014

16 SPÓRT Goitse 21 Marta 2014 Scríobhadh píosa eile staire i dtaca le Peil Ghaelach Co. Dhún na nGall an mhí seo nuair a bhain Pobalscoil Chloich Cheann- fhaola Corn Mhig Artuir i bPáirc Uí Éalaigh, ar an Ómaigh. Is i an Phobalscoil an chéad scoil a bhain an comórtas as Co. Dhún na nGall — éacht iontach ar fad. Thosaigh an comórtas seo sa bhliain 1962 ach níor ghlac an Phobalscoil páirt ann go dtí 1993. Thosaigh 94 scoil i gCúige Uladh ag imirt sa chomórtas seo i mí Mean Fómhair ach is iad na Conallaigh a tháinig amach ar bharr sa deireadh. Seo mar a d’éirigh leo an ócáid stairiúil seo a bhaint amach: Céim an ghrúpa: Dún na nGall Is iad Na Gleanntaí an t-aon fhoireann ar éirigh leo an buaidh a fháil ar Phobalscoil Chloich Cheannfhaola i mbliana. Fuair an Phobalscoil an bua ar choláiste na Carraige, Pobalscoil na Rosann agus Gairmscoil na Mainistreach agus d’éirigh leo sa ghrúpa dúshlánach seo. Bhí Gairmscoil na Mainistreach ag baint le naoi bpointe ag leath ama ach d’éir- igh leis an Phobalscoil theacht ar ais le croí mór maith agus bhain siad an cluiche sa deireadh agus sé phointe sa bhreis acu. Cluiche Leath Cheannais: Dún na nGall D’imir siad Pobalscoil Loreto, Baile na nGallóglach, agus bhí an buaidh acu. D’imir an fhoir- eann go maith ar fad agus mar gheall air seo, bhí áit i gCluiche Ceannais Dhún na nGall bainte agus tuillte acu. Cluiche Ceannais: Dún na nGall Imríodh an cluiche seo ar lá breá gréine i gConmhaigh i bpáirc úr foirne Dhún na nGall. Bhí buach- aillí na Pobalscoile neirbhíseach ar dtús ach ní raibh sé i bhfad go raibh an riotham ceart acu agus agus bhain siad an cluiche ceannais go maith sa deireadh: 2- 8 ag Pobalscoil Chloich Cheann- fhaola agus 0-2 ag Scoil N. Columba, Srath an Urláir. Cluiche Ceathrú Ceannais: Uladh D’imir na Conallaigh an cluiche seo i gCo. Thír Eoghain ar pháirc astroturf. Bhí bainisteoir sinsearach fhoireann Mhuinea- cháin, Malachy O’Rourke i gceannas ar Scoil N. Seosamh, Inis Ceithleann, ach níor chuir seo isteach nó amach ar bhuach- aillí na Pobalscoile agus bhuail siad go maith iad sa deireadh. Cluiche Leath Ceannais: Uladh – Páirc na gCeilteach, Doire Bhí cluiche iontach anseo agus ní raibh ann ach pointe amháin ag deireadh. Ciarán Mac Fhionn- ghaile agus Michael Ó Longáin leis na cúil don Phobalscoil. Bhí an buaidh acu 2-10 go 3-06. Cluiche Ceannais: Uladh – Páirc Uí Éalaithe, an Ómaigh Bhí slua mór i láthair ag an chluiche seo agus leis na trí paróistí ag tabhairt tacaíochta dóibh, bhí na buachaillí múinín- each. Bhí siad ag imirt Coláiste Naomh Marcus, Co. an Dúin, scoil a bhain an corn seo breis 's seacht n-uaire roimhe seo le 2013 san áireamh. Bhí tasc mór ag na buachaillí ag smaoineamh nár bhain scoil as Dún na nGall an corn seo riamh ach is léir gur bhain siad sult as an dúshlán. Throid siad go crua sa chéad leath agus bhí siad ag baint le ceithre phointe ag leath ama ach bhí a fhios ag achan duine nach raibh seaimpíní 2013 ag dul a luí síos chomh furast sin. Nuair a tháinig siad amach sa dara leath bhí cuma gurbh fhoireann úr a bhí iontú agus chuaigh siad chun tosaigh nuair a fuair siad cúig phointe gasta ag tús an dara leath. Throid na Conallaigh leo, le corn Mhig Arthur ag amharc anuas orthu ón ardán agus muin- tir na scoile agus an pharóiste go léir ag amharc orthu, thóg siad a n-imirt deich faoin gcéad eile. Fuair siad cúl arís ón phríomh imreoir Michael Ó Longáin agus thóg seo spiorad na foirne go léir. Bhí cúig phointe sa bhreis acu le cúig bhomaite le dul agus cé go raibh siad faoi bhrú mhill- teanach, rinne na cosantóirí faoi stiúir Dhónaill Uí Dhoibhlinn imirt ar dóigh. Chríochnaigh an cluiche, Pobalscoil Chloich Cheannfhaola 2-9, Coláiste N. Marcus 0-14. Leis an chluiche bainte acu, chuaigh Corn Mhig Arthur chun na Gaeltachta i dTír Chonaill don chéad uair. Bhí achan duine iontach bródúil as na buachaillí as an éacht stairiúil seo a bhí bainte amach acu. Bhí scaiQe ollmhór cruinnithe thart ar na Croisbhealaí le fáilte a chur roimh na buachaillí agus an Corn an tráthnóna sin. Níl an turas thart go fóill, áfach. Beidh buachaillí na Pobal- scoile, seaimpíní chúige Uladh 2014, ag imirt in éadan seaimpíní cúige Laighean, Coláiste na Dea Comhairle, Ros Mhic Thriúirn ar an 22 Márta. Bua éachtach ag peileadóirí óga Phobalscoil Chloich Cheannfhaola Seaimpíní Uladh! Peileadóirí Phobalscoil Chloich Cheannfhaola a chroch Corn Mhig Artuir abhaile leo ar na mallaibh. Foireann Phobalscoil Chloich Cheannfhaola ag ceiliúradh a bua ar Pháirc Uí Éalaigh ar an Ómaigh.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3