Duilleog, Samhradh 2011

Samhradh 2011 Uimh. 17 Nuachtlitir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Ainneoin go raibh an Éigse againn i mbliana i mí Bhealtaine in áit mí Mhárta agus go raibh an téama áitiúil bhí suim mór ins an ócáid. Ba iad “Scríbhinní Johnny Sheáin” an téama agus ó oíche Aoine san Acadamh go Domhnach ach amháin an tsiúlóid i nGleann Bheatha nach raibh ann de bharr an lá a bheith fliuch, d’éirigh go maith leis na himeachtaí uilig. Bhí oíche iontach phléisiúrtha in Ostán na Cúirte Dé Sathairn nuair a sheol mac Johnny Sheáin An tAthair Seán Ó Gallchóir, Sagairt Paróiste Ghort a’Choirce an leabhar “Trasna an Ghaoith” atá curtha in eagar ag a mhac Noel Ó Gallchóir Príomh Óide Phobalscoil Ghaoth Dobhair. Cuireadh fáilte mhór roimh an teaghlach go háirid an tAthair Cathal atá anois i Meiriceá agus a dhán fada fa shaol Ghaoth Dobhair ó scríbhinní a athair. Tá saibhreas Seanchais, Staire agus eolais sa leabhar a bhfuil 383 leathanach inti chomh maith le 3 dhlúth dhiosca agus neart pictiúirí. Ar gcomhghairdeas le Noel agus leis an teaghlach uilig Máire Mhic Niallais leis an Dr Dónal Ó Baoill a d’oscail an Éigse Ag foscladh na hÉigse Clann Johnnie Sheáin ag an seoladh Olive Uí Ghallchóir ag bronnadh an leabhar ar Mháire Thaidhg Sheáin neacht le Johnny Sheáin as an Mha- chaire Loisce Téama “Scríbhinní Johnny Sheáin”

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3