Duilleog, Geimhreadh/Earrach 2012

NUACHTLITIR Seirbhísí Saor-Chomhairle Dlí sa Chrannóg An bhfuil aon cheist agat faoi chúrsaí dlí? Mar shampla, an féidir leis an bhanc ús mo mhorgáiste ardú? An bhfuil m’fhostóir ábalta scaoileadh liom gan iomarcaíocht íoc liom? Céard iad na cearta atá ag tionónta nó ag tiarna talún? Cén dóigh ar féidir liom mo thiomna a dhéanamh amach? Beidh an tSeirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta trí Ghaeilge leis an dlíodóir Eithne Ní Dhochartiagh. Tá an tseirbhís seo ar fail d’achan duine agus beidh sé ar fáil go míosúil ó seo amach.. Arna eagrú ag Conradh na Gaeilge agus ag Craobh na Ceithre Cúirte i gcomhar le Guth na Gaeltachta. Tuilleadh eolais ón Chomharchumann ag (074) 9532208. Ranganna Ceoil sa Chrannóg Dé Luain Giotár, Tosaitheoirí - 6.00-7.00 & 7.00-8.00 Dé Máirt Accordion , 6 – 7. Fidil , 7.00 – 8.00 Dé Céadaoin Mandolin, 7.00 – 8.00, Concertina 6.00 – 7.00 Déardaoin Feadóg, 6.00 – 7.00. Tuilleadh eolais ó 9532208. Ma tá suim agat spás a ghlacadh, cuir scairt ar 074 9532208.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3