Goitse, Aibreán 2014

16 SPÓRT Goitse 25 Aibreán 2014 le Damien Ó Dónaill Is ar na Méilte i Mullach Dearg a bheas cluichí ceannais agus leath cheannais Thír Chonaill i mbliana. Tá obair mhór á dhéanamh ag fo-chumann peile Naomh Muire le dornán blianta anuas agus iad ag cur go mór leis na háiseanna atá acu. Deis iontach atá sa chomórtas seo na háiseanna breátha atá acu a chur ar fáil don phobal agus do mhuintir na Gaeltachta. Cuirfear tús leis an chomórtas ar an Satharn 3ú Bealtaine agus idir sin agus tráthnóna Dé Luain 5ú, imreofar ar a laghad dosaen cluichí ar an pháirc. Tá siad ag dréim le scaiKe ollmhór a bheith i láthair ag na cluichí agus is cinnte go mbeidh cúpla cluiche crua ann, go háirithe ar an Domhnach. Naomh Muire V Cill Chartha Beidh Naomh Muire ag imirt in éadan Chill Chartha agus is cinnte go mbeidh an fhoireann baile ag iarraidh a bheith ag imirt sa chluiche ceannais ar an Luan. Ní fios go fóill an mbeidh imreoirí an chontae ag imirt do Chill Chartha mar gheall go mbeidh siad ag ullmhú don cluiche mór sa chraobh ag deireadh mhí Bealtaine. Níl tús maith déanta ag Naomh Muire sa tsraith ach níl sé ach luath sa tséasúr go fóill. Beidh Naomh Muire ag imirt i gcraobh Shinsir an Chontae i mbliana agus má éiríonn leo foireann cosúil le Cill Chartha a bhualadh, bhéarfaidh sé tréan misnigh daofa. Tá Cill Chartha ag dul ó neart go neart le cúpla bliain anuas agus le Ruairí Ó Gallachóir i mbun traenála leo i mbliana, ní bheidh siad furast a bhuaileadh. Ba mhaith liom an fhoireann baile a fheiceáil ag imirt sa chluiche ceannais ar an Luan ach sílim go mbeidh Cill Chartha ró-láidir sa chluiche seo. Gleann tSúilí V Ard an Ratha/ Naomh Conaill Sular cuireadh seo i gcló ní raibh an cluiche idir Ard an Ratha agus Naomh Conall imeartha ach tá a fhios againn go mbeidh Gleann tSúilí sa chluiche leath cheannais. Fuair Gleann tSúilí an lámh in uachtar ar Ghaoth Dobhair níos luaithe sa bhliain, buaiteoirí Chomórtas peile na Gaeltachta na bliana anuraidh. Bhí cuid mhór imreoirí caillte ar Ghaoth Dobhair nuair a buaileadh iad, ach bhí go leor imreoirí caillte ar Ghleann tSúilí chomh maith. Bíonn Gleann tSúilí ag brath go mór ar Mhícheál Ó Murchú, Niall Ó Gallchóir agus Gary Mac Pháidín agus gan iad, bíonn siad ag streachailt. Níl buaite acu ach cluiche amháin sa tsraith go dtí seo i mbliana agus thug Naomh Adhamhnáin greadadh daofa sa tsraith ag an deireadh seachtaine ansin leis an scór 3-13 v 1-7. Beidh cluiche maith anseo, is cuma cé acu Naomh Conaill nó Ard an Ratha a bheas ag imirt ina gcoinne. Ní bheidh ceachtar de na foirne seo ag iarraidh cailleadh agus deis iontach atá sa chomórtas seo úsáid a bhaint as na himreoirí ar fad. Tá mé den bharúil go mbeidh Ard an Ratha nó Naomh Conaill ag imirt in éadan Chill Chartha i gCluiche Ceannais an Chomórtais ar an Luan. Ach tá achan rud ag brath go mór ar na himreoirí contae. Má tá siad ag imirt, beidh athrú scéil ann. Labhair mé le Cormac Mac Garbheith cathaoirleach an Fho- Chumainn agus dúirt sé go bhfuil siad ag dréim le deireadh seachtaine ar dóigh. “Tá obair mhór déanta ag cuid mhór daoine leis an obair uilig a thabhairt chun críocha agus leis an áit a bheith réidh don deireadh seachtaine seo. Beidh neart rudaí curtha ar fáil do shean agus óg agus tá fáilte roimhe achan duine. Beidh ceol, craic agus cuideachta ann agus neart peile ar pháirc na himeartha chomh maith” Rachaidh na buaiteoirí fríd chuig Cluichí Ceannais na hÉireann a bheas ar siúl i Maigh Cuileann na Gaillimhe idir an 30ú Bealtaine - 2ú Meitheamh. Tá foireann sinsear Ghaoth Dobhair agus foireann sóisear Gaeil Fhánada cáilithe mar gheall gur bhain siad na cluichí Ceannais anuraidh sa Rinn i bPort Láirge. Ádh mór ar na foirne uilig a bheas ag imirt ar na Méilte i mbliana. Le tuilleadh eolas a fháil faoi amanna agus srl, gabh chuig ‘Naomh Muire Comórtas Peile na Gaeltachta 2014’ ar Facebook nó ar Twitter @PeilnaG2014. Comórtas Peile Ghaeltacht Thír Chonaill An Satharn 3 Bealtaine Cluiche ceannais faoi 15 Cluiche Ceannais idirmheánach na mban An Domhnach 4 Bealtaine Cluiche ceannais sinsir na mban An Tearmann v Gleann Fhinne Cluichí leath-cheannais Sóisear na bhfear Naomh Muire v Na Rosa/Gleann Súilí Ard an Rátha/Gaoth Dobhair v Gleann Fhinne/Naomh Columba Cluichí leath-cheannais Sinsear na bhfear Naomh Muire v Cill Chartha Gleann tSúilí V Ard an Ratha/ Naomh Conaill An Luan 5 Bealtaine Cluiche Ceannais Sóisear na mban Cluiche Ceannais Sóisear na bhfear Cluiche Ceannais Sinsear na bhfear Ceiltigh Óga Ghaoth Dobhair: Ghlac imreoirí ó Acadamh Óige Cheiltigh Ghaoth Dobhair páirt i gcomórtas Blitz ar na mallaibh. Cúig fhoireann ar fad a bhí san iomaíocht: Ceiltigh Ghaoth Dobhair, Gleann Átha, Gaoth Dobhair Aontaithe, Keadue Rovers agus Gleann Rí Aontaithe. Bhain foireann láidir agus sciliúil Ghleann Átha Aontaithe an bhlitz. Sa ghrianghraf thuas tá imreoirí óga na gCeilteach: Adam Mac Iomhair, James Ó Baoill, Cian Ó Rabhartaigh, Darragh Mac Aoidh, Seosamh Ó Dubhchóin, Aodhán Mac Gabhann, Oisín, Cathal Ó Duibhir, David Prebianca agus Cathal de Búrca.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3