Goitse, Aibreán 2014

2 NUACHT Goitse 25 Aibreán 2014 Scileanna ceamara, fuaime agus eagarthóireachta Trealamh nua-aimseartha den scoth Suíomh idirlín a dhearadh agus a chur ar líne Na Meáin Shóisialta: Facebook, Twitter agus YouTube Táillí íoctha Deiseanna fostaíochta in earnáil le teilifíse (TG4, RTÉ, Ros na Rún, Telegael srl) Dioplóma i Scileanna Teilifíse agus Ilmheán Ar mhaith leat oibriú i dtionscal na teilifíse nó na n-ilmheán? Tuilleadh eolais: (074) 9531919 gaothdobhair@eircom.net www.acadamh.ie www.facebook.com/acadamhghaothdobhair Tá Ionad Naomh Pádraig, Dobhar ag reáchtáil oíche eolais, sort fóram pobail darbh ainm; ‘An Binse Tosaigh’ ar an Déardaoin, 15 Bealtaine ag a 8.00in. Ócáid poiblí í seo le deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta castáil agus cluin- stin uaidh na hiarrthóirí uilig atá ins an rás ins na toghcháin áitiúla i dToghcheantar na nGleanntach. Is ócáid poiblí é, ina mbeidh deis ag na hiarrthóirí iad féin a chur os comhair an phobail. Agus, ar ndóighe, go beidh deis muintir na háite éisteacht lena gcuid pointí, polasaithe agus araile, chomh maith len iad a cheistiú, plé agus scansáil a dhéanamh ar ábhar agus ceisteanna faoi leith le linn na hócáide. Is mian le Coiste Bainistíochta, Ionad Naomh Pádraig, cuireadh a thabhairt don phobal a bheith páirteach don ócáid; ‘An Binse Tosaigh’. Beidh an láithreoir agus craoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta, Áine Ní Chuireáin sa chathaoir ar an oíche. Iarrathóirí áitiúla le ceistniú ag ‘Binse Tosaigh’ Dhobhar Ábhar múinteoirí ar thuras go Toraigh. cartún scadán caoch An Lá Dearg An Solas Dearg An t -ádh Dearg Is í an craoltóir Áine Ní Chuireáin a dhéanas cathaoirleacht ar ‘An Binse Tosaigh’ ar an 15 Bealtaine Ar lean ar lch 2 Bhí thart fá 300 duine i Halla Leitir agus d’éist siad le cainteoirí ag inse go mbeadh sé ina bhuille trom don cheantar dá ndruidfí oifig an phoist ansin. Ag caint dó i ndiaidh an chruinnithe sin, dúirt Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig, iomai- theoir neamhspleách sa toghchán áitiúil, go raibh sé tábhachtach go bhfeictear oifigeacha poist i gceantracha poist mar sheirbhísí pobail, ní mar ghnónna aonaracha cosúil le achan ghnó beag eile. Ghlaoigh sé ar an phobal iad féin a eagrú in éadan ionsaithe mar seo gan polaiteoirí nó páirtithe polaitíochta. “Tá an chumacht is láidre ag an phobal, ní ag na polaiteoirí,” a dúirt sé. Dhearbhaigh sé go mbeadh sé féin i láthair ag an agóid ar an Bhun Bheag lena thacaíocht a thabhairt don fheachtas leis an oifig poist a shábháil. Beidh polaiteoirí eile ansin, gan dabht, ach dúirt duine den choiste go raibh sé tábhachtach go raibh oireadh de bhunadh an cheantair ann fosta le taispeáint go raibh réimse leathan daoine ag tabhairt tacaíochta dá bhfeachtas. Agóid fá Oifig an Phoist ar an Bhun Bheag

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3