Duilleog, Eanáir 2013

Muintir na Crannóige leis an Easbog Pilib Ó Buaidhe ar lá an Chomhneartaithe sna Doirí Beaga Leabhrán eolais ar Ghaoth Dobhair Tá an 3ú cló curtha anois ag an Chomharchumann ar an leabhrán eolais seo. Rinneadh í le bheith ann in am do Chomórtas Peile na Gaeltachta. Tháinig an chéad eagrán amach in am do Oireachtas na Gaeilge i nGaoth Dobhair in 2002. Tá an leabhrán seo úsáideach do chuairteoirí agus don phobal féin. Tá cóipeanna le fáil saor in aisce ó oifig an Chomharchumann sa Chrannóg.. Mar pháirt de fheachtas le feabhas a chur ar Ghaoth Dobhair, rinne roinnt de scéimeanna fostaíochta pobail an cheantar na cosáin coise agus taobh an bhealaigh mhóir a ghlanadh suas. Bhí gá mhór leis. Maith Sibh! Bíonn Aifreann in ómós do Cholmcille ar siúl sa Chrannóg ar a Lá Féile 9 Meitheamh achan bhliain anois. I mbli- ana bhí sé ann ar an Luan 11 Meitheamh ar 1.00 i.n. á cheiliúradh ag an Athair Pádraig Ó Baoghill sagart paróiste Gha- oth Dobhair. Bhí slua mór i láthair agus ba ócáid dheas urnaí agus chaidrimh a bhí ann don phobal.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3