Duilleog, Nollaig 2013

Nollaig 2013 Uimh. 28 Nuachtlitir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Thug an grúpa do Ghaeil Cheanada agus Mheiriceá a bhí ar chamchuairt ar fud na tíre cuairt ar Ghaoth Dobhair ar an Domhnach 26ú lá de Deireadh Fómhair. Bhí siad ag Aifreann 11.00 r.n. i nDoirí Beaga, áit a chuir an Sagart Paróiste an tAthair Ó Baoill fáilte rompu. Thug siad cuairt ar an Chrannóg ansin, áit ar chuir an Comharchumann lón ar fáil daofa. As sin chuaigh siad go Doire, Carn Tochair agus ar aghaidh go Béal Feirste. Bhí 25 duine ar fad ann. Ba é stiúrthóir Ghaeil Cheanada Arailt Mac Giolla Cheannaigh a bhí ina mbun. Thosaigh Arailt ag foghlaim Gaeilge sa Chrannóg faoi stiúir Mhicheál Uí Dhomhnaill sa nóchaidí. Thug cuid acu cuairt ar Oireachtas Na Gaeilge gCill Áirne ina dhiaidh sin. Tomás Mac Giolla Bhríde (1923 – 2013) Fuair Tomás Mac Giolla Bhríde nó Tom a’Bhungalow ma bhfearr aithne air bás ar an 9ú lá de Nollaig. Pearsa mór de chuid an phobail seo a bhí ann agus bhí suim aige ann achan ghné de shaol agus do fhorbairt an phobail. Bhí sé gníomhach ó bhí sé án óg in Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus bhí sé ag léiriú drámaí suas go dtí an Samhradh seo. Sár aisteoir a bhí ann fhéin agus s críobh sé drámaí. Chuir sé suim ar leith i ndrámaí don óige go h-áirid do scoláirí Phobal Scoil Ghaoth Dobhair. Bhí sé ar an ghrúpa daoine a bhunaigh an Eastáit Tionscail ar an screabhán. Cara mór don Chomharchumann a bhí ann Tomás ón chéad lá a bunaíodh muid 25 bliain ó shin. Bhí sé i gcónaí ár gcur ar bhealach ar leasa ó thaobh láimhseáil airgide agus riaracháin de, ach fosta ó thaobh na teanga agus an chultúir de. Bhronn Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge céim oinigh MA ar Thomas in 2005 de bharr a chuid oibre ar mhaithe le forbairt pobail, teanga agus cultúir de. Nuair a bunaíodh “Guth na Gael- tachta” in 2009 faoi scáth an Chomhar- chumainn chuir sé suim mhór ann agus bhí sé an-sásta a leithéid de ghluaiseacht a bheith bunaithe sa Ghaeltacht. Ba mhaith leis an Chomharchumann a gcomhbhrón ó chroí a dhéanamh lena Theaghlach ar a bhás. Caill mhór don phobal é. Ár mbeannacht leat a Thomáis agus gur i móide theaghlach Dé na Glóire d’anam uasal. Tá an Nollaig ar an tsúil againn! Ba mhaith leis an Chomharchumann Nollaig mhaith agus bliain úr faoi mhaise a ghuí daoibh uilig.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3