Duilleog, Fómhar 2018

Nuachtlitir Chomharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Uimhir 48 An Fómhair 2018 Bainisteoir Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt Ba mhaith le Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair céad míle fáilte a chuir roimh Dhónall Ó Cnáimhsí atá ceaptha mar Oifigeach Pleanála Teanga do cheantar Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúír. Beidh sé ag obair faoi scáth an Chomharchumann mar an cheann eagraíocht i gcomar le Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt leis an phlean Teanga a chur i bhfeidhm. Is mac é Dónall le Breandán Ó Cnáimhsí nach maireann agus a bhean Anne as an Ghlaisigh i nGaoth Dobhair. Fuair sé a chuid oideachais i Scoil an Luinnigh agus i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Chuir Dónall tús lena phost úr ar an 24 Meán Fómhair, ina oifig sa Chrannóg i Srath na Corcra. Roimhe sin bhí Dónall ag obair in Eastát Ghleann Bheatha agus bhí sé le cluinstin go minic ar Raidió na Gaeltachta ag cuir síos ar a cuid oibre. Tá sé gníomhach le fada mar Rúnaí ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair agus tá aithne mhaith air le fada i saol na Gaeilge ó thuaidh agus ó dheas. Is é an toifigeach caidrimh poiblí don eagraíocht an Ghaeltacht Bheo an scáth eagraíocht Náisiúnta atá bunaithe faoi cheannaireacht Bhreandán Mhic Cormaic le tacú leis an Phróiséas Pleanála Teanga sa Ghaeltacht. Guímid Ádh Mór ort féin agus ar do shaothar a Dhónaill. Is féidir teangmháil a dhéanamh le Dónall ag 074 9560620 / mpt.iarthuaiscirt@gmail.com Antoin Mac Aodha nó Tony a fuair aitheantas ag an cheiliúradh 10 mbliana ag an Chrann Óg mar an té a thosaigh ranganna ceoil sa Chrannóg i dtús ama. Bulaidh fir a Tony!

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3