Goitse, Meán Fómhar 2010

Beidh an ceithre chlub sa cheantar seo ag súil le déanamh go maith sa tséasúr úr sacair atá toisithe le gairid. Beidh Ceiltigh Ghaoth Dobhair, a bhain Corn Brian McCormick anuraidh, ag amharc ar an tséasúr úr seo agus fios acu gur choinnigh siad an scuad céanna, a bheag ná a mhór, agus gur éirigh leo cúpla imreoir óg a thabhairt leo ó na foirne óga. Nuair atá leithéidí Éamonn Cannon, Pól Rua Mac Giolla Bhríde agus Micí McKelvey ar do thaobh agat, bíonn a ios agat go mbeidh tú san iomaíocht ag deireadh an tséasúir. Beidh Gleann Átha Aontaithe ag brath ar Kevin Mulhern i lár na páirce agus ar Ciarán (Geordie) Mac Pháidín agus níl dabht ar bith ann ach go mbeidh seans acu fosta. Ó fuair Gaoth Dobhair Aontaithe Brendan Devenney agus Brian McLaughlin ó scuad CLG Dhún na nGall le dul isteach le macasamhail Joe Ó Gallchóir, beidh súil acu an Phríomh-roinn a thabhairt leo, ach caithfidh siad aire a thabhairt do na foirne eile as an cheantar mar beidh go leor cluichí “dearbaí” ann. Bhí droch-ádh ar Dhún Lúiche anuraidh nuair a cuir- eadh síos iad ón Phríomh- roinn ach ní anfaidh siad sa Chéad Roinn i bhfad nuair a tá clann Uí Chanainn ag imirt go maith. Tá Ceiltigh Ghaoth Dobhair fríd go dtí babhta leathcheannais Chorn Brian McCormick arís i mbliana cheana féin ach, ar ndóigh ní tharlóidh an babhta sin go dtí deireadh an tséasúir. 16 Goιtse Meán Fómhair 2010 Spórt Seol do chuid scéalta spórt agus grianghraif chuig goitsenuacht@gmail.com Gaoth Dobhair Aontaithe Ceiltigh Ghaoth Dobhair: imithe fríd go dtí an babhta leathcheannais Chorn Bhrian McCormick Séasúr úr sacair toisithe goitsenuacht@gmail.com Clóchur agus dearadh: Caomhán Ó Scolaí 087-2734035 GACH EOLAS AR FÁIL Ó WWW.CRAICEAILTE.COM Teach Hiúdaí Bhig, Dé hAoine 24 Meán Fómhair

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3