Goitse, Meán Fómhar 2010

2 Goιtse Meán Fómhair 2010 Bhí taispeántas déanta muirín ar siúl sna Tithe Gloine i gCill Ulta, Cloch Cheann Fhaola ar na mallaibh. Ceardlann eolais a bhí anseo le foghlaim faoi déanamh muirín as dramhaíl bhia ón chistineach. Mhínigh Cordelia Nic Fhearraigh agus Aoife Valley as an grúpa timpeallachta MEAS Iarthuaisceart an dóigh leis an méid dramhaíl a chuirtear sa bhocsa brúscair sa bhaile a laghdú agus muirín deas a dhéanamh le cuir mar leas talaimh sa gharradh. Bhí bocsaí/coimeádáin muirín de chuid na Comhairle Contae le díol fosta ar € 13 an ceann. Imeacht saor in aisce a bhí ann, eagraithe ag MEAS Iarthuaisceart, Gort a’ Choirce, i gcomhar le Seán Ó Duibhir agus Tithe Gloine Chill Ulta a chur an t-ionad ar fáil. Bhí lá breá tirim ann agus scaie deas páirteach sa taispeántas. Má tá suim agat sa timpeallacht agus más mian leat bheith i do bhall de MEAS Iarthuaisceart tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.meas-it.com nó is féidir scairt a chur ar 087-6111524. Cistin go Créafóg Taispeántas déanta muirín i gCill Ulta Reáchtálfar seimineár ar Bhuntáiste Breise na Gaeilge in Óstán An Mount Errigal i Leitir Ceanainn ar an 14 Deireadh Fómhair. Tá an seimineár mar chuid de chamchuairt atá á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge in ionaid éagsúla timpeall na tíre sa chéad tréimhse den scoilbhliain úr. Tá na seimineáir seo dírithe ar dhaltaí iar-bhunscoile sna ranganna sinsearacha i meán- scoileanna ar fud na tíre. Le linn na seimineár pléifear na buntáistí breise a thugann an Ghaeilge duit agus tú ag dul i mbun do ghairm beatha. I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag labhairt ag an ócáid i Leitir Ceanainn beidh craol- tóir RTÉ Raidió na Gaeltachta, RónánMacAodha Bhuí chomh maith le réalt spóirt de chuid oireann peile Dhún na nGall fear Gaeltachta, Caoimhín Ó Casaide. Ag labhairt freisin beidh an t-iriseoir nuachta Caoimhe Ni Chonchoille as Gaoth Dobhair. Labhróidh Loretta Ní Churr- aighín as Teileann, i bparóiste Gleann Cholm Cille, ach atá ag obair mar Fheidhmeannach le hOireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus déan- faidh Caitlín Uí Chochláin cur síos ar a cuid taithí féin agus í ag obair mar Chomhord- aitheoir Gaeilge le Comhairle Chontae Dhún na nGall. Mar chuid den seimineár cuirfear fáilte roimh cheist- eanna agus tabharfar cuireadh do dhaltaí páirt a ghlacadh sa díospóireacht tar éis do na haoichainteoirí labhairt. Beidh ionadaithe ó instit- iúidí tríú leibhéal i láthair freisin le seastán eolais, chun eolas a thabhairt do na daltaí scoile faoi na deiseanna oid- eachais atá ann dóibh trí mheán na Gaeilge. Más spéis le do scoil páirt a ghlacadh sa seimineár, ba cheart teagmháil a dhéanamh go luath le Brígíd Ní Ghríofa, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 01 679 4780. Léiriú le tabhairt do scoláirí ar Bhuntáiste Breise na Gaeilge Roinnt den scaifte a ghlac páirt san taispeántas déanta muirín a d’eagraigh MEAS i gCill Ulta Caoimhín Ó Casaide le léargas a thabhairt do mhic léinn ar Bhuntáiste na Gaeilge www.leabharbreac.com Ar fáil ó: LEABHAR BREAC Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Teil: 091-593592 An Bradán Feasa ISBN 978-0-898332-42-1 € 7.50 Dóiteoir na Samhna ISBN 978-0-898332-43-8 € 7.50 www.fionn.ie Ar fáil ó: LEABHAR BREAC Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Teil: 091-593592 eolas@breacan.ie Léitheoireacht do na páistí ... le Máire Ní Ghallchobhair F I O N N Darach Ó Scolaí Dóiteoir na Samhna F I O N N Darach Ó Scolaí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3