Goitse, Meitheamh 2010

16 Goιtse Meitheamh 2010 Comórtas Conspóıdeach na Gaeltachta Tá peileadóirí ó chumainn Ghaeltachta ón chontae le aghaidh a thabhairt ar Bhéal an Mhuirthead ar dheireadh seachtaine na Cincíse do Chomórtas Peile atá faoi scáth conspóide a n-urraíochta ón chomhlacht Shell. Tá foirne Chontae Dhún na nGall réidh do Chomórtas Peile na Gaeltachta arís i mbliana. I ndiaidh na gcluichí a reacht- áladh ar an Tearmann le giorid, tá fir ón Chlochán Liath, ó na Dúnaibh agus as Ard an Ratha agus mná as Tearmann as Gleann Fhinne agus ó na Gleanntaí ag díriú ar Bhéal an Mhuirthead i gContae Mhuigh Eo agus guíonn muid gach rath orthu uilig. Beidh foireann sinsear Naomh Mhuire ar an Chloch- án Liath ag súil le éacht mhór a dhéanamh beo ar an teilifís agus beidh foireann sóisear na nDúnaibh dóchasach go ndéanfaidh siadsan amhlaidh. Beidh sé le cruthú ag foireann Ard an Ratha, buaiteoirí an chomórtais anuraidh, nach bhfuil siad ann mar mhaithe le bheith ann. Ar ndóigh, ní dhéantar dearmad ar fhoirne na mban, a bhfuil rachairt níos mó orthu ó thoisigh TG4 cuid cluichí s’acu a chraoladh agus beidh foir- eann an Tearmainn i dtús cánaíochta don chontae seo. Fuair mná Ghleann Fhinne, a chaill an cluiche ceannais in éadan an Tearmainn, cuireadh speisialta dul chuig na cluichí ceannais i Maigh Eo. Beidh foireann sóisear Naomh Chonaill sna Gleanntaí páirteach sa chomórtas fosta. Tá conspóid ag baint leis an chomórtas i mbliana mar thug Shell, an chomhlacht ola agus gáis, urraíocht mhór do CLG Bhéal an Mhuirthead leis an comórtas a reachtáil agus níl cuid de mhuintir na háite sásta leis sin ar chor ar bith. Tá sé ina raic idir Shell agus cuid de mhuintir Chill Comáin, atá iontach cóngarach do Bhéal an Mhuirthead ó cuireadh cúigear fear as an cheantar chun an phríosúin sa bhliain 2005 de thairbhe gur dhiúltaigh siad cead a thabhairt don chomhlacht píplíne a thógáil ar a gcuid talaimh. Fá láthair tá beirt eile sa phríosún, de thairbhe agóidí a bhí ag muintir na háite in éadan an phíplíne. Tá baghcat ar an chomórtas á eagrú ag cuid de mhuintir CLG i gConamara agus i gCiarraí agus, cé nach bhfuil sé fógraithe go bhfuil foireann ar bith ag tarraingt amach as an chomórtas, tá seans láidir ann go mbeidh agóid de chineál inteacht in éadan Shell le linn an chomórtais. Buaiteoirí Lá Spóirt Scoileanna na Rosann: Scoil Oilibhéir Pluincéad, Rann na Feirste Buaiteoirí an Rás Sealaíochta (relay): Tierna Ní Chuileann, Ailíse Ní Ghrianna, Tara Ní hArlaigh agus Shauna Ní Dhochartaigh. Foireann sinsir rás sealaíochta: Tara Ní hArlaigh, Aoife Ní Ghairbhé, Nicola Ní Bhaoill agus Clare Nic Suibhne a fuair an dara áit san relay sinsear Daltaí Rann na Feırste ag Lá Spóırt Scoıleanna na Rosann Spórt Seol bhur scéalta spórt agus grianghraif chuig goitsenuacht@gmail.com Tuilleadh spórt ar leathanach 15

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3