Goitse, Meitheamh 2010

2 Goιtse Meitheamh 2010 Tá grúpa mic léinn ag fágáil slán le campas Ghaoth Dobhair agus ag tabhairt aghaidh ar an Ghearmáin mar chuid dá gcúrsa BA i Riarachán Gnó Tá na mic léinn dhíograiseacha seo díreach i ndiaidh an dara bliain den BA i Riarachán Gnó a chríochnú go sásúil. Anois tá siad ag súil go mór leis an tríú bliain den chúrsa a chaitheamh ag staidéar in Hochshule Bremen , institiúid chomhpháirtíochta Erasmus de chuid LYIT, i dtuaisceart na Gearmáine. Bhí an Gearmánach, Ulla Stumpf, ag teagasc Gearmáin- ise do na mic léinn in LYIT le gairid le hiad a ullmhú dá seal in Deutschland! Tá fonn mór orthu anois tairbhe a bhaint as an obair chrua agus sult a bhaint as maireachtáil agus staidéar i dtír choimhthíoch. “Is deis iontach atá ann. Ní thig liom fanacht le mo chuid Gearmáinise a chleachtadh!” arsa Francesca Leonardi. Labhair Annette Ní Chear- bhaill ar na buntáistí a bhain- eann leis an chlár Erasmus do dhaoine a bheas ag cuartú post san am atá le teacht. “Níl dabht ar bith ach go bhfoghlaimeoidh muid a lán agus muid in Bremen. Cuir- fidh sé go mór lenár CVanna.” Tá dúil sa taisteal ag Pádraig Ó Maolagáin le fada an lá: “Tá seanfhocal sa Ghaeilge: ‘Bíonn siúlach scéalach’. Beidh sé iontach spéisiúil comparáid a dhéanamh idir an saol in Bremen agus an saol i nGaoth Dobhair.” Thug Graceann Nic Giolla Chomhaill agus Séamus Ó Dubhcháin le fios go raibh na mic léinn leathbhealach fríd an chúrsa céime anois agus go bhfuil an chuid is fearr fós le teacht: “Tá muid iontach sásta gur shocraigh muid an cúrsa seo a dhéanamh. Tá an oiread sin foghlamtha againn le dhá bhliain anuas. Tá muid leath- bhealach fríd anois agus beidh neart deiseanna againn sa bhaile agus thar lear nuair a bhainfidh muid an chéim amach sa bhliain 2012.” Is cúrsa nuálach é an BA i Riarachán Gnó agus tá sé á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (OÉ, Gaillimh) i gcomhar le LYIT. Is féidir le mic léinn rogha a dhéanamh i dtaca le Bliain 3; staidéar thar lear nó taithí oibre luachmhar a fháil sa bhaile. Cuirfidh grúpa úr mac léinn tús le Bliain 1 i Meán Fómhair. Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin chúrsa, déan teagmháil leis an Acadamh ar 074 95 31919. Feachtas seolta! Robbie O’Donnell, Anagaire, Shaun Rogers, Loch an Iúir, Anne Marie Boyle, Mullach Dubh agus Seán Mac Ruairí, Rann na Feirsde ag seoladh feachtais toghchánaíochta Mhéara na Rosann Íochtarach i Siopa Chroichshlí ar na mallaibh. Cuirfidh iomaitheoir Rann na Feirsde, Seán Mac Ruairí, tús lena fheachtas le hoíche mhór i dTábhairne Leo ar an 29 Bealtaine. Dıanıomaíocht ı dtoghchán na Méarachta Tá an feachtas toghchánaíochta do Mhéara na Rosann Íochtarach faoi lán tseol i ndiaidh an láinseáil i Siopa Croichshlí ar na mallaibh. Is iad Seán Mac Ruairí as Rann na Feirste, Anne Marie Boyle ón Mhullach Dubh, Shaun Rogers as Loch an Iúir agus Robbie O’Donnell as Anagaire na hiomaitheoirí agus iarrtar ar mhuintir na Rosann tacaíocht a thabhairt do na hiomaitheoirí uilig. Rachaidh an t-airgead a bhailítear le linn an eachtais chun sochair CLG Naomh Muire ar an Chlochán Liath. Tá na hiomaitheoirí uilig ag déanamh go maith go dtí seo agus tá sé ag éirí teann idir cúpla duine acu. Le goirid, tháinig Mary Aggie, réalt an chláir Rónán Beo @ 3 ar Raidió na Gaeltachta amach le tacaíocht a thabhairt do Sheán Mac Ruairí as Rann na Feirste. Cé eile a gheobhadh tacaíocht na mná uaisle? Aoıbhınn beatha na scoláırí Bremen bitte! (Ó chlé:) Annette Ní Chearbhaill, Graceann Nic Giolla Comhaill, Pádraig Ó Maolagáin, Francesca Leonardi agus Séamus Ó Dubhcháin. GACH EOLAS AR FÁIL Ó WWW.CRAICEAILTE.COM DÉ SATHAIRN 5 MEITHEAMH O ILEÁN T HORAÍ DÉ SATHAIRN 26 MEITHEAMH TEACH HIÚDAÍ BHIG • AN BUN BEAG

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3