Goitse, Nollaig 2013

Damien Ó Dónaill Is iomaí sin duine as Rann na Feirste ar éirigh leis clú agus cáil a bhaint amach dó féin ar fud na tíre agus ar fud an domhain ach ní raibh ar Tony Doherty an baile a fhágáil leis sin a dhéanamh. Is fear é Tony a chaith bunús a shaoil ar a bhaile féin i Rann na Feirste ag obair ó dhubh go dubh go deonach ar son a fho-chumainn áitiúil agus mar gheall ar an obair mhór atá déanta aige, beidh bronnadh á dhéanamh ag CLG Dhún na nGall air anocht an 20 Nollag. Tá an onóir sin tuillte go maith ag Tony. Bhí Tony ar dhuine de na daoine a bhunaigh fo-chumann peile Rann na Feirste agus bhí ag éirí go maith leis an fhoir- eann go dtí gur thoisigh an imirce agus scaipeadh stócaigh óga Rann na Feirste sna ceithre hairde lena mbeatha a thabhairt i dtír. Bhí Tony ar dhuine de na daoine sin agus chaith seal i nGlaschú, Leeds agus sa Bhreatain Bheag. Ach cé go raibh sé ar an choigríoch, bhí baint aige go fóill leis na cluichí Gaelacha. D’imir sé peil agus fiú iománaíocht sna háiteacha sin atá luaite agam. Nuair a d’fhill sé ar a bhaile dúchais, bhí ról thar a bheith gníomhach aige i bhfás agus i bhforbairt Chumann Lúthchleas Gael Naomh Muire. D’fhéadfá a rá go raibh Tony mar cheann- ródaí ag na fir eile agus iad ag obair as lámha a chéile lena cinntiú go mbeadh cumann peile láidir in Íochtar na Rosann agus is cinnte gur éirigh leo ceann scríbe a bhaint amach. Beidh bronnadh á dhéanamh ar Tony anocht mar gheall ar an obair mhór atá déanta aige síos fríd na blianta ar son a chlub áitiúil agus ar son Chumann Lúthchleas Gael ina iomláine anseo i dTír Chonaill. D’obair Tony ó dhubh go dubh (go dícheallach dúthrachtach) ar son an chumainn agus is cinnte nach obair fhurast a bhí ann an fo-chumann a threorú sa treo cheart. Is iomaí scéal a chuala muid uilig fá Tony agus gur ghnách leis deichniúr gasúr óg a bheith leis sa charr as Rann na Feirste agus iad ag tarraingt ar an Bhráid nó ar na Méilte le cluiche a imirt nó le traenáil a dhéanamh. Rinne Tony sin go deonach agus cé go bhfuil sé ráite aige gur bhain sé sult as, is cinnte gur obair mhaslach a bhí ann in amanna. Tá toradh ar shaothar Tony anois. Tá áiseanna agus páirc imeartha ar an chaighdeán is airde ag CLG Naomh Muire anois ar na Méilte agus tá an club ag gabháil ó neart go neart bliain i ndiaidh bliana. Beidh siad ag imirt i gcraobh shinsir an chondae i mbliana agus is éacht iontach a bhí ann sin a bhaint amach. Tá obair mhór á dhéanamh ag na bainisteoirí leis na foirne óga agus iad uilig ag obair go dian dícheallach lena chinntiú go mbeidh Naomh Muire i mbarr a réime ar feadh fada go leor. Ach caithfidh achan duine sa Chlub a bheith buíoch d’fhear Rann na Feirste, Tony Doherty, a chaith a shaol ag obair go deonach ar son a chlub bhig féin atá suite in iarthuaisceart na hÉireann ar imeall na farraige móire. Beidh bród iontach ar Tony anocht nuair a bheas sé i láthair ag an ócáid speisialta i mBaile Dhún na nGall agus é ansin mar aoi, ach ní amháin sin beidh bronnadh á dhéanamh ar an fho- chumann féin mar gur éirigh leo gradam ‘Club idirmheánach na bliana’ a bhaint. Níl iontas ar bith orainn go bhfuil sin bainte acu. Gael, laoch, fear uasal atá in Tony Doherty agus ba mhaith liom an obair mhór mhaith atá déanta aige a thréaslú leis, obair a rinne sé síos fríd na blianta ar son a bhaile dhúchais féin, ar son a pharóiste féin agus ar son fo-chumann peile Naomh Muire. Beidh trácht ar ainm Tony Doherty fá pháirc- eanna peile na tíre seo go deo. 16 Goitse 20 Nollaig 2013 SPÓRT Cathaoirleach Alan Ó Baoid Cormac Mac Gairbheith Séamas Ó Domhnaill Rúnaí Le ceapadh Deaglán Ó Máirtín Máire Nic Laifeartaigh Cisteoir Kelly Ní Dhomhnaill Seosamh Mac Gloinn Paddy Mac Laifeartaigh Bainisteoir Sinsir Caoimhín Ó Casaide Le ceapadh Seosamh Mac Gairbhith Leas-rúnaí Georgina Nic Giolla Bhríde Dónall Ó Searcaigh Máirtí Ó Dúgáin Leas-chisteoir Declan Ó Ceallaigh Máirtín Ó Mainnín Mary Nic Laifeartaigh Glacadh an grianghraf seo de Tony níos luaithe i mbliana nuair a chuaigh Tony ar dreapadh urraithe ar an Earagail do Chumann Naomh Muire. Grianghraf: Bríd Sweeney Fear beag le croí mór Foilseofar an chéad eagrán eile ar an 24 Eanáir Tá an pheil beagnach thart don bhliain seo ach tá na fo- chumainn áitiúla iontach gnóthach maidir leis na cruinnithe chinn bliana. Ba chóir dúinn moladh mór a thabhairt do na baill uilig atá sásta ainm s’acu a chur chun tosaigh. Bíonn níos mó cáineadh ná moladh i gceist uaireanta. Tá moladh mór tuillte do na chubanna uilig sa cheantair. Tá CLG Ghaoth Dobhair tar éis páirc s’acu a fhorbairt agus bealach úr a leagan amach ar Bhóthar na Reilige. Tá tuilleadh forbairt le déanamh ar an tseanpháirc amach anseo. Tá fo-chumann Naomh Mhuire tar éis obair mhór a dhéanamh sna ‘Banks’. Tá píosa curtha leis an chlubtheach agus córas úr soilse insteallaithe sa pháirc. Bhí cuid mhór oibre déanta ag CLG Cloch Cheannfhaola le cúpla bliain anuas agus iad ag déanamh réidh do Chom- órtas Peile na Gaeltachta. Beidh seomra aclaíochta ag fosclú ar an 6 Eanáir. Tá cuid mhór obair déanta ag na clubanna seo, rud a fhágann áiseanna nua aimsire den scoith i gcroílár na Gaelt- achta. Seo a leanas na daoine a toghadh ag na cruinnithe chinn bliana le gairid: Mí na gCruinnithe Daithí Mac Roibeard Post Gaoth Dobhair Naomh Mhuire Cloch Cheannfhaola

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3