Ag imeacht go Glaschú go hOibreacha Poiblí. D’oibrigh sé le moll comhlachtaí – bhí lear oibre ann. Chuaigh sé go tuaisceart na hAlbain ansin – bhí obair hidrileictreach ann – dambaí agus tolláin. Uaireanta fada oibre ansin. Bhog sé thart ansin ó áit go háit. Tolláin do chóras leictreachais – obair chrua, trom agus garbh. An trealamh a bhí acu, pléascanna. Beilt le ceallra do sholas ar an chlogad. Druileáil isteach sa charraig le meaisíní. Polladh, réabadh agus ag cartadh amach na carraige. Níor shíl sé ag an am go raibh sé contúirteach, d’amharc siad uilig i ndiaidh a chéile. Chonaic sé daoine ag fáil gortaithe. Ansin, bhí sé ag obair i nGlaschú i dtolláin. Ní thiocfadh leo oibriú ach 8 n-uaire an chloig. Aer comhbhrúite a bhí i dtolláin mhóra ansin. Fuair sé jab eile ansin ag déanamh tolláin faoin fharraige. Chuaigh sé go Sasana agus an Bhreatain Bheag leo. I 1965, chas a bhean air agus pósadh é.
Fad: 00:07:55 Éist
Casadh a bhean air agus pósadh é i 1965. Bhí teach ceannaithe i nGlaschú aige i 1964. Bhí sé ag obair i nGlaschú ag cur isteach píopaí/cáblaí le teilifís a chur i scoileanna. Bhí sé ag tiomáint an leoraí ar feadh cúpla bliain agus ansin rinneadh maor oibre de. Chaith sé sé bliana ansin. Le comhlacht eile – píopaí leictreachais, gáis agus araile. Mar mhaor oibre ansin agus i ndiaidh sin ina fhear feidhme [agent]. Sa deireadh, d’fhág sé iad sin agus d’oibrigh sé do féin ach ní raibh sé i gceart ach oiread go dtí gur phill sé chun na bhaile
Fad: 00:06:05 Éist