D’imigh sé go dtí an Bhreatain Bheag ina dhiaidh sin. Ag obair faoin fharraige a bhí sé, taobh amuigh de Cardiff. Bhí sé ann 7 seachtaine, seifteanna 12 uair an chloig. Cur síos ar an obair agus mar a bhí sé ansin. Bhí sé ag fáil pá de £17. Thit cloch mhór ar a sciathán am amháin agus b’éigean do a ghabháil an ospidéil.
Chuaigh sé go Londain ina dhiaidh sin. Obair thógála a bhí sé ag déanamh ansin, bhí droch phá ansin, £7 sa tseachtain, £4 ar a lóistín. Thart faoin am sin a pósadh é.
Fad: 00:04:35 Éist
Phill sé na bhaile agus thosaigh sé ag feirmeoireacht sa bhaile. Bhí sé ag treabhadh le beithígh ach cuireadh deireadh le sin nuair a thosaigh na tarracóirí. Bhí an chuid eile dena theaghlach ar shiúl agus b’éigean do Ned fanacht sa bhaile, bhí a athair ag géilleadh.
Bhí caoraigh aige amuigh cúl an chnoic fosta.
Bhíodh siad ag cur choirce fosta agus thugtaí na mhuilinn i nDúnFionnachaidh é le min a dhéanamh.
Chuirtí an mhin isteach i mbairillí adhmaid sa bhaile ansin nuair a bhí sí déanta. Tá deireadh le sin uilig anois, tá athrach mór ar an tsaol.
Tógadh trí ghlúin de theaghlach Ned sa sean teach in aice a thigh anois, tithe millteanach móra atáthar a thógáil anois.
Fad: 00:08:26 Éist
Tá athrach mór ar an saol anois agus go háirithe le saol feirmeoireachta. Bhí beithígh ag Éamonn agus a theaghlach leis an obair a dhéanamh, bhí móin le tabhairt ón phortach i Mín Doire. Bhí obair maslach ansin gur thosaigh na leoraithe ag tabhairt anuas na móna. Is iomaí timpiste a bhí ann fosta le daoine ina suí i mullach lóid mhóna agus théadh an leoraí ar a taobh.
Fad: 00:03:10 Éist
Nancy a bhean céile ag caint anseo. Scéal greannmhar faoin lá a pósadh Éamonn agus Nancy. Phóstaí ar an naoi a chlog ar maidin san am sin. Chuaigh siad fá choinne bricfeasta ansin go dtí an Sheephaven. Chuaigh siad go dtí an Srath Bán ansin, go dtí an Ómaigh agus ansin go Béal Feirste. Chuaigh Nancy go Londain agus chuaigh Éamonn go Swansea ag obair sna tolláin.
Fad: 00:02:56 Éist
Ag obair in Swansea sna tolláin. Bhí timpiste aige, thit clocha air gan mhoill i ndiaidh é toiseacht ann. D’imigh sé go Londain ansin. £7 sa tseachtain a bhí aige. Tháinig sé na bhaile le obair an Earraigh a dhéanamh.
Fad: 00:02:43 Éist