Seanchas Bhaile Mhic Pháidín.
An Caora Dhubh nó An Groarty: Sean scéal maith fan chaora dhubh agus faoi fhear darbh ainm Groarty. Ba scéal faoi rún é idir an chaora dhubh, an sagart agus Groarty. Lá amháin chuaigh sé na phortaigh agus casadh caora air. Shíl sé gur peata a bhí ann agus níor chur sé mórán iontais ann. Gach am a chuaigh sé na phortaigh bhí sé ag feiceáil an chaora seo. Lá amháin ní raibh sé ábalta fáil na phortaigh, bhí sé ag cur agus bhí tuile san abhainn, ní raibh se ábalta fáil trasna go dtí an taobh eile, bhí sé ró-dhainséarach ach chonaic sé an chaora ar an taobh eile agus labhair an chaora leis. D’iarr sé air léim a thabhairt trasna na habhann agus dá dtitfeadh sé isteach féin, go raibh doras na bhflaitheas oscailte. Chuir seo eagla ar An Groarty agus dár leis nach seo caora ar chor ar bith. Chuaigh sé ag an sagart i mBaile an Droichid agus d’inis se an scéal don sagart. Dúirt an sagart go rachadh sé féin leis ar ais go Baile Mhic Pháidín go dtí an áit inár tharla seo. Chuaigh siad ar ais na phortaigh agus casadh an caora orthu arís. Tharraing an sagart fáinne lena bhata siúil thart ar an aiteann agus thug cuireadh don chaora isteach ann. Nuair a chuaigh an chaora isteach ann, thosaigh an sagart ag caint i Laidin agus thosaigh an chaora ag tabhairt freagra air i Laidin fosta. D’iarr Groaty orthu labhairt i nGaeilge sa dóigh go mbeadh a fhios aigesan caidé a bhí a rá acu. Dúirt an sagart go labhródh ach go gcaithfeadh an Groarty an rún a choinneáil a fhad agus a bheadh sé beo, caidé a tharla idir an chaora dhubh agus an sagart.
Fad: 00:09:45 Éist