Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Pól Mac Ruairí | ![]() |
Áit Chónaithe: | Baile Thiar, Oileán Thoraí, Toraigh, Oileán Thoraí. | |
Áit Dúchais: | Baile Thiar, Oileán Thoraí |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Teaghlach | A chúlra – bhí cónaí air i dteach a athar mór, Páidí Beag Mac Ruairí. Thógadh a athair mór báid agus fuair sé bás nuair nach raibh Pól ach bliain d’aois. | |
Obair | D’fhág sé an scoil nuair a bhí sé 15 bliana d’aois. Thosaigh sé ag baint agus ag triomú bodóg. Dhíol sé cúpla tonna de sin agus shaothraigh sé go leor airgid le culaith éadaí a cheannach agus cheannaigh sé an chéad bhád. | |
Spailpíní | D’imíodh sé go hAlbain go séasúrach agus ag cur síos cáblaí an chéad jab a rinne sé ansin. Bhíodh airgead le cur na bhaile aige. Bhí léir daoine ag imeacht an t-am sin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Ag Bualadh an Cheoil | Thosaigh Pól ag buaileadh ar an bhosca nuair a bhí sé 11 bliain d’aois. Bhí ceol ar thaobh a mháthar agus a athar. | |
Ag Bualadh an Cheoil | Port a bhuaileadh ag Pól ar an bhosca. | |
Ag Bualadh an Cheoil | Fuair a athair a chéad bhosca dó agus fuair sé ceann níos mó ansin ar £15. Tá bosca úr anois aige a chosain £2,500. Bhuail Pól agus buaileann go fóill ag céilí agus bainiseacha ar an oileán agus ar tír mór. | |
Ag Bualadh an Cheoil | Port eile a bhuaileadh ag Pól, ríl. | |
Ag Bualadh an Cheoil | Ag buaileadh an cheoil: níor léigh sé nóta ceoil riamh, d’fhoghlaim sé ó éisteacht leis an phort. Tagann sé leis go nádúrtha. Fuair se an dara háit san Oireachtas sna nóchaidí ag seinm ar an bhosca. Fuair ceathrar as Toraigh cuireadh go Meiriceá (Philadelphia) agus chaith siad coicís ansin. Ealaíontóirí Thoraí. Ceol agus craic. | |
Ag Bualadh an Cheoil | Port eile a bhuaileadh ag Pól, Highland Thoraí. | |
Ag Bualadh an Cheoil | Amhráin a bhí ag a athair a bhuaileadh ag Pól: “Thíos i Lár an Ghleanna” agus “Báidín Fheidhleimí”. | |
Ag Bualadh an Cheoil | Port a bhuaileadh ag Pól, polka. | |
Ag Bualadh an Cheoil | Na laethanta nuair a bhí banna ceoil Cholm Cille ar Oileán Thoraí agus ag fáil ceadúnas don chlub le biotáille a dhíol. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Oileáin | Athrach idir an saol anois agus mar a bhí: bhí muintir Thoraí ábalta léir oibre a dhéanamh iad féin. Bhí an saol crua san am sin, bhí airgead gann ach bhí na daoine sona sásta agus bhain siad a gcuid as an talamh agus as an fharraige. | |
Oileáin | Daoine ag fágáil an oileáin: d’fhág léir daoine Toraigh (oileán Thoraí) agus fuair siad tithe ar an Fhál Carrach, chuir sin síos an t-oileán go mór. Níl an oiread daoine fágtha anois agus mar a bhí. Is cuimhin leis 400 ina gcónaí ar an oileán ach níl ann ach 130 ann anois. Tá cuid de na sean nósanna fágtha go fóill. | |
Oileáin | Bainiseacha ar oileán Thoraí. Laethanta móra a bhíodh iontu théadh siad ar aghaidh go maidin. Anois tugtar na bainiseacha amach go tír mór. | |
Oileáin | Is cuimhin leis saol ar an oileán le linn stoirme – thiocfadh leo a bheith gearrtha ar shiúl ó tír mór ar feadh sé seachtaine. Bhíodh stór i gcónaí ag lucht an oileáin agus bhíodh siad réidh i gcónaí. Ach nuair a tháinig leictreachas agus gás bhí athrach saoil acu. | |
Oileáin | Tá lucht an oileáin ag cuardach aer stéille, “airstrip” agus measann Pól gur cheart píopaí uisce a leagain le fíor uisce a bheith ag lucht an oileáin le hól. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Taibhsí | Seanchas beag faoi na sióga agus an slua sí. Ní fhaca Pól sióg riamh ach chonaic sé taibhse. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Iascaireacht | Chaith Pól cuid mhór den saol ag iascaireacht agus cheannaigh sé bád mór 36 troigh ar fhad, ar chostas £3,500. Is cuimhin leis scór bád ag iascaireacht amach as Toraigh ach níl ach dhá bhád ag iascaireacht i dToraigh anois. Tháinig deireadh go h-iomlán leis an iascaireacht. | |
Móin | Ag baint mhóna i gCnoc Fola, bhí coicís oibre agus streachailt mhór le giollacht mhóna ar tír mór do muintir Thoraí. Ta ola, gás agus gual anois ag lucht an oileáin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Stair an Teaghlaigh | Seanchas athar Phóil, Pádraig Mac Ruairí – rí Thoraí. Ba fear an-chliste go deo é. Chuaigh Pól go teach na scoile lena athair in 1947, an lá a tháinig De Valera go Toraigh. Chuir a athair fáilte roimh De Velera. Ina dhiaidh sin thug Pól an teideal do Phatsaí Dan. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Na Naoimh | Seanchas chréafóg Thoraí agus cumhacht Cholm Cille a chur an ruaig ar na luchóga móra. Tógann an Dúgánach is sine ar an oileán an chréafóg ag altóir Cholm Cille ar an oileán. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer