Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Dan Ó Dochartaigh | |
Áit Chónaithe: | An Mhachaire Loiscthe, An Bun Beag, An Bun Beag, Gaoth Dobhair. | |
Áit Dúchais: | An Mhachaire Loiscthe, An Bun Beag |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Obair | Obair leis an BSL, thosaigh sé leis an BSL ag cur suas cuaillí ó Dhoire Beaga, Rann na Feirste, An Chlochán Liath agus Árainn Mór. Johnny Egan an fear a bhí os a chionn. Cur síos ar an chineál cloiche a bhí in úsáid. | |
Seirbhís Mhíleata | Cuimhní ar an chogadh deireannach, nuair a bhris an cogadh amach, caint ar amhrán a scríobhadh faoi John Chit. Bhí am níos measa thall i Sasana agus in Albain ná mar a bhí in Éirinn. | |
Spailpíní | Nuair a d'imigh sé chuig an Raibeal & an Lagán, traein go Leitir Ceanainn, an Raibeal ar dtús. Ansin bhí sé in Castleshanaghan ar feadh sé mhí. Bhí cumha air agus é as baile den chéad uair. Cur síos ar an obair anseo agus a pháighe. | |
Spailpíní | Ar fostú nuair a bhí sé óg, chaith sé tamall i dtigh Bhilly ag amharc i ndiaidh na gcaorach, bhí sé ag buachailleacht anseo fosta. Bhí beithíoch agus carr acu. | |
Seirbhís Mhíleata | Saighdiúirí na Sasana ar an Bhun bheag, a chuimhní ar an am ar pléascadh Droichead Chroithlí agus na saighdiúirí ag cuardach tithe, ag tógáil daoine. Bhíodh damhsa i seanscioból ag an am agus bhíodh na saighdiúirí ag teacht chuig an damhsa ach chuir an sagart, Canon Carr, an tóir orthu. Bhíodh cumhacht mhór ag na sagairt. Scaoileadh fear darbh ainm Manús Shéamuis Hiúdaí, maraíodh é. Scaoileadh Hughie Dhiarmada fosta agus é ag póitseáil, chaill sé súil. A chuimhne ar dhó na beairice. | |
Na Scoltacha Náisiúnta | Saol ar an scoil, Joe Mhanuis Ruaidh, Dúltach Chonchuir agus Micí Phéigí na múinteoirí. Muna raibh léann ag na daltaí ag an am, chuirtí 'na phortaigh ag cróigiú mónadh iad. | |
Obair | Obair a rinne sé i gcairéal Cois Cládaigh & an mhóin. Cur síos ar an obair anseo, na clocha agus na daoine a bhíodh ag obair ann, Dan Áirt, Dawson an Foreman, Ewing b'ainm don fhear a bhí os cionn na mónadh. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Iompar Nua-Aimseartha | Cuimhne ar an traein, bogey a bhí ag gabháil ar ráillí. | |
Iompar Nua-Aimseartha | Na busanna a bhí ag teacht ón cheantar go dtí an stáisiúin, bhíodh na tiománaithe ag stopadh i dTeach Bhilly, teach lóistín. Bhíodh Dan é féin ag glanadh na mbusanna. | |
Aontaí | Aonach an Chlocháin Léith a bhíodh ar siúl Dé Domhnaigh nó Dé Luain ar an cheathrú lá d'achan mhí. Bhíodh aonach ar an Fhál Carrach fosta i gCloich Cheann Fhaola, bhíodh siad ag díol eallach. Bhíodh sé ag ceannacht plandaí i nGort an Choirce. | |
Siopaí | Siopa na háite & earraí a díoladh, Mary agus Johnny Breslin úinéirí an tsiopa, bhíodh beithíoch agus carr acu le hearraí a thabhairt thart ar an bhaile. Bhíodh uibheacha á ndíol ag na mná. Bhíodh siad ag díol gamhna ag Aonach Jack. | |
Scaipeadh Nuachta agus Eolais | An chéad raidió i nGaoth Dobhair, ag Tadhg Sheáin a bhí sé, múinteoir scoile a bhí ann. ba ghnách le scaifte as an bhaile cruinniú thart le éisteacht leis. Ba in Albain a chonaic sé an chéad teilifís nuair a bhí sé ag obair ar an scéim tithíochta. | |
Iompar Nua-Aimseartha | An traein & Stáisiún Ghaoth Dobhair, bhíodh na daoine óga cruinnithe le chéile ag an stáisiún in Mín Doire Dhamh. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Uisce | Domhnach na Tuille, tuille mhór i dteach an phobail i nDoirí Beaga an lá a baisteadh a mháthair agus d'fhág fear éigin an leanbh thuas ar bhosca na faoistine. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Stair an Teaghlaigh | A mháthair agus an áit ar tógadh í, Biddy Bhilly Dhomhnaill agus an seanteach inar tógadh í ag taobh stáisiúin Ghaoth Dobhair, bhíodh Billy Eoin Phronsias amach agus isteach leis an phost. | |
Imirce | Daoine ag imeacht ag 14 bliana déag, bhíodh an bhean fágtha sa bhaile agus achan duine eile ar shiúl chuig an Lagán nó go hAlbain ag obair. | |
Imirce | Imeacht go hAlbain, d'imigh sé an lá i ndiaidh den tragóid ar an Trá Bhán tarlú (Baile Mhanúis i Mullach Dubh in 1943). Bhí moll daoine muinteartha bainteach leis an tragóid agus iad ag gabháil ag damhsa trasna an uisce i gcurach. Bhí sé ag feirmeoireacht thall in Albain. Ag obair le Micí Charlie Bhrianaí. Cur síos ar an chineál lóistín agus an pháighe a fuair siad. | |
Imirce | Cur síos ar na blianta caite thall in Albain, ag bogadh go Glaschú, Edinburgh agus Perth. Na daoine lena raibh sé ag stopadh, Molly Gibson agus ag obair do Dinny Dhonnachaidh Óig. Bhí muintir Bhun an Leaca ansin. D'oibrigh sé i nGlaschú ar Oibreacha Poiblí, scéim tithíochta. Bhí sé ag obair sna tolláin fosta, bhí daoine as Ghaoth Dobhair anseo. Chaith Dan trí scór blianta in Albain ag obair ar fheirmeoireacht agus ag tógáil. | |
Imirce | An Ghaeilge & deacrachtaí, ní raibh Béarla aige agus é ag imeacht go hAlbain, bhí sé doiligh thall de bhrí nach raibh ach Gaeilge aige. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Eacnamaíocht an Teaghlaigh | Saol an teaghlaigh, bhí naonúr sa teaghlach, fuair a athair bás in 1923 nuair a bhí an duine is sine 11 bhliain d'aois. Bhí siad uilig ar shiúl ar fostú le hairgead a shaothrú. Bhí Dan ag obair ag an ché agus sa stóras ar an Bhunbheag nuair a thagadh lostaí adhmaid agus plúir isteach cúpla lá sa tseachtain. | |
Iascaireacht | Iascaireacht, bhíodh a athair ag iascaireacht ar bhád darbh ainm 'Ard Glas' ar chósta na hAlban. | |
Eacnamaíocht an Teaghlaigh | Obair agus airgead an teaghlaigh, Dan é féin sa bhaile, é ag obair leis an Chomhairle Contae, ag amharc i ndiaidh an eallach, ag rómhair an talaimh agus ag cur prátaí. An mhóin an chéad foinse airgid a thosaigh san áit. | |
Iascaireacht | Póitseáil ar an abhainn, bradán. Hughie Shéamuis Eoghain an máirseálaí a bhí ann. | |
Ceirdeanna agus Cothú an Tí | Athrú tagtha ar an bhaile, tithe úra á dtógáil. | |
Iascaireacht | Giollaí ar an abhainn. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Damhsa | Halla Damhsa. Troid, bhí halla damhsa ag Gracie Sheamúis Jack. An oíche a fuair Annie Dhomhnaill bás, ní raibh damhsa ar bith ann. Cur síos ar an troid a bhí ann an oíche sin agus cúpla oíche eile. | |
Peil | Peil i nGlaschú, ag amharc ar chluiche Ceilteach Ghlascú. Cur síos ar na himreoirí is fearr a chonaic sé m.sh Jimmy Johnston, Bobby Charlton. A chuimhne ar fhoireann peile Ghaoth Dobhair agus nuair a lean se iad agus iad in ard a réime, imreoirí, Hiúdaí Beag, Jim Mc Fadden, Mickey James agus Antoin Rodgers. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer