Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Donnchadh Ó Baoighill | ![]() |
Áit Chónaithe: | Loch na nDeoran, Rann na Feirste, Rann na Feirste, Na Rosa. | |
Áit Dúchais: | Rann na Feirste |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Spailpíní | Ag bogadh go Glaschú, fuair sé obair ansin. D’fhan sé i dteach Éireannach ina raibh Éireannaigh ag fanacht. Bhí sé amuigh ag obair le fir a raibh aithne aige orthu. Chaith sé cúpla bliain ansin. Bhí am maith go leor aige ansin. Bhí páighe bhreá aige. Bhí go leor oibre le fáil, obair de gach sórt, plástaráil, ag obair i sceallóglann, chaith sé tamall i ngach ceann. Scéal faoin obair seo, ag obair ar bháid don airm, na fir a bhíodh a dhéanamh. Míshástacht. Bhí earraí gann. Ba as Gort an Choirce a “landlady”, bean an tí, Gallagher a bhí uirthi. Bhí sí maith dó. |
|
Seirbhís Mhíleata | Teitheadh ón airm; tógadh é le cur san airm. Cur síos ar an am sin. Fuair sé litir le dhul isteach. Bhí an cogadh chor a bheith thart fán am. Theith sé, chuaigh sé ar a bhealach ag cuartú oibre. Bhuail sé le scaifte rómánaigh agus fuair sé obair leosan. BRISEADH SA TÉIP, DEIREADH TAOBH 1. Cur síos ar an am a raibh sé leo, an obair a rinne siad, an bia a bhí acu, chodail siad ar rópaí. D’fhan sé leo gur tháinig sé a fhad le feirm a raibh Éireannaigh ag obair ann, fuair sé obair ar an fheirm sin. Beireadh air sa deireadh agus tugadh go 'Aberdeen' é. Cuireadh comhairle air dul i reisimint na hÉireann (The Royal Inniskilling Fusiliers) , bhí an armlann (depot) san Ómaigh acu, agus go mbeadh sé ábalta imeacht leis 'na bhaile ansin. Rinne sé sin ach ní raibh dúil ar bith aige san airm. An obair a rinne sé. Ní raibh dúil aige sa sáirsint ach oiread agus ní raibh dúil ag an sáirsint ann. Caint ar a am leis an sáirsint. An dóigh ar théith sé sa deireadh ón tSrath Bán go Leitir Ceanainn trasna na teorann. |
|
Spailpíní | Tuilleadh imirce; chaith sé tamall sa bhaile ansin ar bheagán airgid, ag iascaireacht tamall. D'imigh sé ar ais go Sasain nuair a bhí an cogadh thart. Chuaigh sé go Bristol ar dtús ag obair ar bhealaí móra. Chuaigh sé go Gloucestershire ansin ag déanamh rúidbhealaigh (runway) d'eitleáin. Ag cur coincréite isteach ann. Bhí go leor oibre fá Shasain an t-am sin. Bhí sé in Coventry fosta. Bhí go leor tógála le déanamh i ndiaidh an chogaidh. Bhí am maith go leor aige ansin. Bhí sé san “Isle of Grain” ansin ar scaglann ola (oil refinery). Bhí airgead mór sa jab sin. Bhíodh cuid mhór troda fána háiteanna sin fosta, maraíodh fear as Gaillimh ann oíche amháin, tréan ólacháin ag dul ar aghaidh ann. | |
An Lucht Siúil | Scéal faoin am ar casadh lucht siúil air, "gypsies", ar thaobh an bhealaigh mhóir. Bhí siad ag cuardach lóistín fá choinne na hoíche. An teach a d’fhan siad ann, b’éigean daofa luí ar rópa. Rópa cúpla orlach tiubh. Áit gharbh a bhí ann cé gur teach lóistín a bhí ann. "Model" nó "doss house" a bhí ann. | |
Obair | D’oibrigh sé sna tolláin ansin ar feadh tamaill. Rinne sé rud beag geallghlacadóireachta (bookie) ansin leis na fir a bhí ag cur airgid ar na beithígh. Rinne sé airgead air sin. Bhí am maith aige. Obair sna tolláin, na huaireanta oibre. A chuimhní ar an am sin. Is iomaí fear a gortaíodh iontu fosta. Bhí timpiste ag a dheartháir féin i gceann. Sna tolláin uisce a d‘oibrigh sé den chuid is mó, ar na scéimeanna hidrileictreach. B’iomaí timpiste a bhíodh iontu fosta, a chuimhní ar am a maraíodh cara dá chuid féin. Cuimhní ar an am sin, na timpistí, an cuideachta, ag inse scéalta san oíche ina suí thart fá thine. Ní dhearna sé mórán damáiste dá shláinte féin cé go ndearnadh de shláinte fhir eile. Bhí sé ag obair in Wimbledon fosta, a chuimhní air sin. | |
Obair | Áiteanna eile i Sasana a d’oibrigh sé, Wimbledon i Londain ar feadh cúpla mí, bhí obair bhog ansin, bhí sé cóirithe i rith an ama. An difear idir an obair sin agus obair shalach. | |
Spailpíní | Ní raibh fonn ar bith air ó shin imeacht arís nó a dhul anonn leis na háiteanna céanna a fheiceáil arís nó athruithe ar bith a fheiceáil. A chuimhní ar áiteanna agus daoine thall in Albain ar oibrigh sé leo i dtús ama, úinéirí na feirme, an obair a rinne siad, an teach a bhí acu, bhí feirm 300 acra acu agus go leor airgid. | |
Spailpíní | In 1937 a dódh na daoine i nGlaschú i mbothaí in 'Kirkintilloch'. Ni raibh Donnchadh é féin ansin ag an am ach a chuimhní ar an dóigh ar caitheadh leis na hÉireannaigh thall. Droch-áit a bhí i nGlaschú corr uair ó thaobh trioblóide de. Is iomaí uair a rinneadh tromaíocht air féin fosta. Bhíodh sé olc fosta nuair a bhíodh 'Celtic' agus 'Rangers' ag imirt in aghaidh a chéile. | |
Obair | Bhí feirm mhór ann agus bhí neart timireachta le déanamh. Cur síos ar an obair a bhí le déanamh leis an bhainne a chur i mbuidéil agus a thabhairt chuig an bhaile mhór. Obair leis an eallach. Bhí an t-eallach le cothú ar maidin agus san oíche, na buidéil le ní ón oíche roimh ré. Bhí go leor oibre le déanamh aige. Tobar fíoruisce a bhí acu agus chaitheadh sé uisce a thógáil uaidh. Bhí go leor le hithe agus le hól aige, bhí leaba mhaith aige. An deacracht a bhí aige leis féin gan chuideachta, gan teanga. Chuaigh sé i dtaithí ar an Bhéarla de réir a chéile. Bhíodh uaireanta fada oibre aige agus bhíodh sé tuirseach. Shiúladh sé chun an Aifrinn gach Domhnach i gCaisleán na Deirge. Bhí obair chrua le déanamh ag an teaghlach fosta. Bhí uaigneas air agus é ar shiúl ón bhaile. Ní raibh sé ábalta comhrá a dhéanamh leo. Scríobhadh sé 'na bhaile gach seachtain agus chuireadh a athair scilling chuige. Ní dhíoltaí a bpá leo go deireadh. |
|
Spailpíní | D’imigh Éireannaigh anonn go hAlbain agus níor phill siad ariamh 'na bhaile. Chuir moll de na daoine seo fúthu i nGlaschú agus sna bailte. Úsáideadh na hÉireannaigh ag an am - ní raibh meas ar bith orthu. Bhí 'Brixton Cross' olc thall ó thaobh trioblóide. Chaith sé a sháith ama fá 'Parkhead' nuair a bhíodh 'Celtic' ag imirt. D’imir sé féin rud beag peil Ghaelach nuair a bhí sé thall. Bhí imreoirí maithe ann. Sin an áit ar fhoghlaim Donnchadh an pheil agus nuair a phill sé 'na bhaile bhí foireann acu féin, d’imir siad in éadan an Chlocháin Léith. | |
Spailpíní | Imirce go hAlbain, d’imigh a athair agus chuir sé anall scéala go raibh obair ann fá choinne Dhonnchaidh. Bhí ganntanas airgid sa bhaile agus ní raibh obair ar bith le fáil. Iasacht le díol ar ais leis na sagairt mar shampla. D’imigh sé ó Dhoire go Glaschú. Rinneadh socruithe agus bhuail a athair leis. Bhí seo níos measa ná an Lagán ó thaobh cuideachta de. Is i mbothaí a bhí sé ag stopadh. Cur síos ar na ceird agus ar an obair a bhí le déanamh aige. Bhí sé ag tanú tornapaí. 3 phingin ar chéad slat a bhí siad á fháil, ar fheirmeacha móra. Bhí ceann amháin darbh ainm “The Long Mile”. Bhí talamh maith agus cuibhrinn mhóra ann. Bhí treoir aige óna athair agus é ag obair, chaitheadh siad fanacht leis an obair. 1939. Obair féir, an Fómhar, an cineál oibre. A chuimhní nuair a thosaigh an cogadh, bhí sé 15 bliana. An oíche a buamáladh Clydebank. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Oileáin | Bhain sé sult mór as sin. Bhí teach airneáin ag Tadhg Mhicí Thaidhg, fear a raibh oifig an phoist aige agus bhíodh siad ag imirt chártaí, cluichí cúig fichid, tigh Thaidhg. Thagadh siad amach as Gabhla ag an deireadh seachtaine agus théadh siad chuig damhsaí i nGaoth Dobhair. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Ceiliúradh agus Caitheamh Aimsire | An Caitheamh aimsire: Ag dornálaíocht, bhí sé sa chlub le Johnny Mac Millan (cléitmheáchan) agus Benny Lynch. Rinne sé féin dornálaíocht sular imigh sé san airm. Scéal faoin am sin, é féin ag troid. Bhí Danny Gillespie ansin fosta, bhuaigh seisean craobh na hAlban uair amháin. Bhí siad ag déanamh airgid don chlub, bhíodh dornálaithe proifisiúnta eile ag teacht chuig an chlub ag "spáráil". | |
Ceiliúradh agus Caitheamh Aimsire | Bhí sé ábalta níos mó airgid a shábháil nuair a d’éirigh sé níos sine. Cheannaigh sé tarracóir, tháinig sé 'na bhaile arís, bhí rud beag airgid aige. Bhí am maith aige go dtí gur pósadh é agus gurbh éigean do socrú síos; ag imirt peile, ar shiúl go Bealach Féich ag amharc ar chluichí, amuigh san oíche. Na blianta ó 1955 go 1966. Mhothaigh sé féin nach raibh mórán de shaol na hóige aige, b’éigean do imeacht ag obair go hóg. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Óige agus Aois | Ag siúl thart ar an rampar (trasna ar an fhearsaid), aicearra a bhí ann daofa agus iad ag gabháil áiteanna. Bhí seanduine ar an bhealach a raibh eagla orthu roimhe. Níor mhiste leo siúl ag an am sin, shiúladh siad gach áit. | |
Comparáidí idir na Glúnta | An t-athrú a chonaic sé le blianta ó thaobh na hoibre a bhíodh á déanamh acu, an rómhair agus an t-eallach, an mhóin agus feamnach. Bhí meitheal fear le fáil fá choinne gach jab a bhí le déanamh ag na daoine. Rinne sé féin cuid mhór oibre feamnaigh, cur síos air sin. San am sin bhíodh mná agus fir ag déanamh na hoibre. Obair mhaslach a bhíodh ann, bhí an obair géar ar na mná. | |
Reiligí Áitiúla | Ag obair ar na céanna, i gcúpla áit, Gabhla (1964), reilig Mhachaire Gathlán, i gCionn Mhálanna ag glanadh píopaí ag an stáisiún aimsire. Bhíodh sé ag tumadóireacht ach ní raibh an t-éadach ceart aige fána choinne. Cur síos ar an obair a bhíodh á déanamh aige i Machaire Gathlán. An cineál oibre a bhíodh á déanamh aige i nGabhla fosta. Bhí sé ag tumadóireacht ansin fosta. BRISEADH SA TÉIP Cur síos maith ar a chuid oibre agus ar a chuid ama i nGabhla, bhí saol breá acu. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Bia agus Deoch | Bhí sé ar shiúl in Albain i rith am an chogaidh, bhí an cogadh thart nuair a phill sé 'na bhaile. Bhí ganntanas fán bhaile, sna siopaí. Bhí na toitíní agus an tae mar shampla gann. Níor thuig sé cén fáth a raibh earraí a ghann. Bhí siopa beag acusan iad féin agus chuidigh sin leo nuair a bhí earraí gann. | |
Iascaireacht | Cur síos ar na blianta a chaith sé ag iascaireacht nuair a phill sé 'na bhaile as Albain. Tús lena chuid iascaireachta, d’imir sé cluiche, 'Crown and Anchor' ar oileán Árainn Mhóir agus bhain sé cúpla céad punt. Cheannaigh sé bád ó fhear ar an oileán. Cur síos ar an dóigh ar cheannaigh sé an bád agus ar na daoine a dhíol an bád leis. Thug sé amach go tír mór é ach ní raibh mórán eolais aige féin ar an iascaireacht, chuaigh sé ag cuardach fir ach bhí deacrachtaí aige iad a aimsiú. Cur síos air seo agus ar an iascaireacht scadáin. Shaothraigh siad a mbeatha uaidh. Bhí craic mhaith acu. Bhí ceannaitheoirí ag teacht ansin ag ceannach an éisc. £2 in aghaidh an chrainn a fuair siad, bhí 4 bhascaed sa chrann. Ní raibh airgead mór ann. Chuir na báid mhóra deireadh leis an iascaire beag. Ganntanas scadáin agus an chúis leis. Dhíoladh siad an t-iasc in Ailt an Chorráin. Ag tabhairt lódaí éisc ar shiúl ar leoraí. | |
Iascaireacht | Chaith sé go leor ama ag dul ó áit go háit, bhí aithne aige ar go leor daoine, moll acu ina n-iascairí. D’fhan sé leis an iascaireacht ar feadh cúpla bliain. D'oibrigh sé le líonta fada ansin. Bhí dúil aige san obair a bhí á déanamh aige cé go mbíodh siad in amanna ag iascaireacht in áiteanna nár chóir, áiteanna contúirteacha. Scéalta faoi sin. Ní raibh cúlra iascaireachta aige féin. Bhí dreamanna eile a bhí ag iascaireacht scadán. Tá scéalta aige óna athair faoi na bádaí a chuirtí ar cháirt an bheithigh lena dtabhairt suas an bealach mór go Trá Éineach agus ní théadh siad thart leis an chladach. Bhí eolas maith acu ar bheithigh san am sin. |
|
Ainmhithe, Beithígh agus Eallach | A chuimhní ar thithe cheann tuí, an t-eallach istigh iontu. Bhíodh sé féin istigh le bearradh gruaige a fháil ó Dhonnchadh John Eoghainín. Is cuimhin leis gur ghoid an t-eallach bairéad fhear amháin a bhí istigh ag fáil bearradh gruaige. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Siopaí | Athrú mór anois: Deireadh leis na siopaí beaga. Níl an trácht ná na daoine ann anois. San am sin bhí scaifte mór fá gach teach agus ní raibh siad ag gabháil amach as baile le hearraí a fháil. Measann sé go raibh an t-arán níos fearr an t-am sin, bhí cuid mhór táirgí ag daoine iad féin; arán, uibheacha, iasc, cál, prátaí, báinne (eallach). Ach tá athrú ar an tsaol anois. Tá go leor den charthanacht imithe. Meath na Gaeilge – Tá meath tagtha go mór uirthi agus measann sé nach n-éireoidh sé mórán níos fearr. Má théann sé as baile anois, caithfidh sé Béarla a labhairt. Béarla uilig atá á labhairt ag na daoine óga. |
|
Aontaí | A óige, bhí sé ar scoil go raibh sé 14 bliana d’aois. A chuimhní ag gabháil chun an aonaigh ar an tSrath Bhán lena athair agus ar fostú. Fuair siad an traein ó Chroithlí go Leitir Ceanainn agus ó sin go dtí an tSrath Bán. Chuaigh sé ar fostú ag bean feirmeora sa bhliain 1939, ar feadh 3 mhí. Rinne a athair conradh léi, bhí se ag fáil £5. Ní raibh mórán Béarla aige, rud a d’fhág rudaí deacair air mar gur Béarla amháin a bhí acusan. Feirm mhór a bhí ann, bhí siad ag tabhairt bainne go dtí an Caisleán Dearg le 'float' agus beithíoch bán. Bhí cuid de na daoine lena raibh sé ag obair iontach míshásta. Bunadh na feirme agus na daoine a d'oibrigh uirthi. |
|
Báid agus Longa | An lá a dhíol sé a bhád agus b’éigean dó é a fhágáil ar an Chaisleán Ghlas (Greencastle). Cur síos ar a thuras ansin. Thug sé ar a dheartháir dul ar dtús sa charr le solas a bheith ar an ché ach ní raibh siad ann lena stiúradh chuig an phort. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Filí | Seanchas Mháire Chonnachta atá aige a fuair sé i dteach a sheanathar oíche airneáin amháin. Tháinig sí as Connachta in 1855 agus chónaí sí ar an Chruit. Phós sí Antoin Mhánuis agus bhí teaghlach acu ach níl mórán eolais aige fúthu. Thóg siad teach ar thalamh a bhí ina choimín ag an am, ní le duine ar bith é. Thosaigh achrann idir Mháire agus an Sagart Rua, bhí acra Mháire san áit a raibh an sagart ag iarraidh tús a chur leis an reilig ach ní raibh sí sásta an talamh a thabhairt dó. Chuaigh an sagart chuig an tiarna agus fuair sé an talamh, thóg sé teach an phobail agus an reilig ann. Thit sí féin agus an sagart amach lena chéile. Bean léannta agus file ba ea í fosta. Is iomaí uair a bhíodh sí i Rann na Feirste leis na Dálaigh, Séamus, Aodh agus Peadar. Dhá phíosa filíochta á rá ag Donnchadh a chum Aodh agus Máire oíche amháin tigh Aodha. Bhí Máire maith ag déanamh luibheanna agus leigheas, is iomaí duine a bhíodh ag dul chuici. Ní théadh sí ar Aifreann ach oiread i ndiaidh titim amach leis an Eaglais. Bhí a saol crua. Cuireadh Máire ina cuid talaimh féin i reilig na Cruite in Acra Mháire, sin an t-ainm a thugadh na seandaoine ar an reilig. Bhí eagla ar na daoine duine ar bith a chur ina cuid talaimh nuair a bhí Máire beo nó chuirfeadh sí mallachtaí orthu. Mhol an sagart £5 a thabhairt don chéad duine a chuirfeadh corp sa reilig. Scéal faoin chéad fhear a cuireadh ann. Tá leabhar scríofa ag Brianaí Byrne as Loch an Iúir fúithi, 'Strumpet of Clanree'. |
|
Stair an Teaghlaigh | Seanchas a sheanathar mhóir, bhí eolas maith acu ar bheithígh in am a sheanathar. Fear mór láidir ba ea é. Bhí sé breá ábalta obair leis na beithígh agus ba ghnách leis poitín a dhéanamh. Théadh sé timpeall na tíre á dhíol, á iompar ar an bheithíoch i gceaigeanna. Chaitheadh sé a bheith láidir leis na ceaigeanna a thógáil suas ar an bheithíoch. Scéal faoin am ar thoisigh cúpla fear ag troid lena sheanathair mór, Ned ab ainm dó. Scéal faoin am a mbítí ag goid a chuid coirce. A láidre a bhí Ned: Scéal faoin am a bádh Pádraig Ó Domhnaill ag teacht ón Bhun Bheag. Tá an chloch mhór a thóg sé ar leacht lena ainm air ag taobh Theach Sheáin Néill, Cloch Ned, thiar i Rann na Feirste. Bhí an chloch thíos ar an chladach ar dtús ach bhog siad suas í le tarracóir agus tomhasadh í. Bhí go leor talaimh ag Ned mar gurbh eisean duine de na chéad daoine a shocraigh síos sa bhaile. |
|
Stair an Teaghlaigh | Stair agus seanchas a theaghlaigh féin. A athair mór, Seán Néill Bhaoighill. | |
Teangacha á labhairt in Éirinn | Níor chaill sé a chuid Gaeilge ariamh cé gur chaith sé blianta ag labhairt i mBéarla nuair a bhí sé thall. Thóg sé a theach i Rann na Feirste nuair a pósadh é. Bhí teach ar cíos aige go dtí sin. Chonaic sé athrú mór ar Rann na Feirste i ndiaidh a theacht 'na bhaile, bhí an áit agus na daoine athruithe go mór, ní raibh soineantacht ar bith fágtha níos mó. Phill daoine ansin as Albain agus thosaigh siad ag tógáil tithe agus ag cóiriú seantithe. Bhí ceirdeanna foghlamtha acu ansin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Bunadh na hÁite | Stair Rann na Feirste, na chéad daoine a chónaí san áit, Seán agus Peadar Mac Grianna a tháinig as Mín an Lábáin. An dóigh ar roinn siad an áit eatarthu, bhí portach aguis gaineamh ann. An seanainm a bhí ar Rann na Feirste, 'Ceann Dúráin na nDúthrán Bán'? D'athraigh siadsan an t-ainm ar an áit. Cheannaigh siad ón Tiarna é ar £5. Tá cuid mhór muintearais san áit. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer