Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Feargal Ó Duibhir | |
Áit Chónaithe: | An Luinnigh, Doirí Beaga, Doirí Beaga, Gaoth Dobhair. | |
Áit Dúchais: | An Luinnigh, Doirí Beaga |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Obair | Ag baint muiríneach lena athair i Machaire Gathlán. | |
Spailpíní | I ndiaidh dó bheith ar an Lagán, tháinig sé ar ais 'na bhaile. Chuaigh sé go hAlbain ar an 20 Meitheamh, 1942. Bhí scaifte as Gaoth Dobhair agus as Rann na Feirste ann fosta ag toghadh phréataí. Squads a thugtaí orthu, ag obair in Ardwell Farm. D'imigh se go Perth ansin sa gheimhreadh. Cur síos ar a am ansin. An bia agus na tithe a bhíodh acu. Ag obair le heallach agus le féar, an caitheamh aimsire a bhíodh acu agus an tAifreann gach Domhnach. Bhí sé in North Berrwick fosta. | |
Spailpíní | An cogadh. Conradh a rinne De Valera le Churchill nach dtógtaí na fir isteach san airm. Bhíodh an obair acu sula ndeachaigh siad anonn. Chaith sé dhá bhliain thall in Albain ach bhíodh sé anonn agus anall ar saoire. | |
An Creideamh | Cúrsaí creidimh agus an teagasc Críostaí ag an am. | |
Spailpíní | Ag obair ar na feirmeacha thall san Albain. Am an tsneachta in 1946, iontach fuar agus garbh, fuair moll ainmhithe bás. Mhair sé naoi seachtaine. Cur síos ar a am ar fheirm in Berwickshire. Chaith sé na blianta 1941-1949 ag obair ar fheirmeacha. | |
Spailpíní | Bhog sé go Glaschú agus bhí sé ag obair ar Oibreacha Poiblí le comhlacht as Béal Feirste ag tógáil tithe. D'oibir sé ar oileán Islay fosta ar scaglann ola (oil refinery). Cur síos ar an phá, obair agus coinníollacha a bhí aige ansin. | |
Spailpíní | Bhí sé ina chónaí sna Gorbals tamall. Bhí moll Éireannaigh ansin fosta. Cur síos ar na cineálacha tithe a bhí acu, solas, tinteacha agus doirse. Phós sé Kitty agus cheannaigh sé teach ar £250. An t-am a bhí acu ansin sna Gorbals. | |
Spailpíní | Hogmanany i nGlaschú. | |
Spailpíní | Aonach Ghlaschú. Thiocfadh muintir na hAlban abhaile go hÉirinn an t-am sin den bhliain. | |
Obair | Scéal faoi fhágáil an oileáin. Thosaigh sé ag baint/gróigeadh móna leis an Chomhairle Contae, an pá a fuair sé. Thug seo airgead isteach sa cheantar. | |
Spailpíní | An modh taistil a bhí in Albain nuair a chuaigh sé anonn ar dtús, tramanna is mó a bhí ann agus ansin thosaigh na busanna. | |
Spailpíní | D'imigh sé chuig an Lagán ar an 12 Bealtaine. Fuair sé an bus ón leac i gCnoc an Stollaire agus bhí a mháthair leis. Chuaigh sé chuig an Raibil i Leitir Ceanainn ar dtús. Fuair sé an traein ansin go dtí an Ómaigh agus fostaíodh é i Mountfield, Contae Thír Eoghain ag Thomas Hawkes. Cur síos ar a chuid ama ansin, bia, obair le heallach, pá. Bhí sé san airm fosta ar feadh sé mhí ach bhí sé iontach uaigneach. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
An Óige agus Aois | As Inis Meáin a mhuintir, ba ghnách leis an geimhreadh a chaitheamh ansin, chuaigh sé ar scoil ansin tamall fosta. Saol eile ar an oileán, saol maith. Airneáin, cartaí, daoine fiosracha. Cur síos ar an chineál oibre, iascaireacht ba mhó, mná ag baint na bpréataí. An cineál bia a bhí acu, préataí agus iasc. Siopaí ag gabháil isteach chuig an oileán. | |
An Óige agus Aois | Ag déanamh galóisí as 'wicks' na lampaí. Péire úr aige nuair a bhí sé ag gabháil faoi láimh an Easpaig. | |
An Óige agus Aois | An saol nuair a bhí se óg. Buachailleacht roimh an scoil. Moll oibre ag an am. Daoine ag airneáin, caitheamh snaoisín, mná ag caitheamh píopaí, Kitty Bhrianaí John, píopaí cré ag na fairí fosta, á gcur ó dhuine go duine. Scoil an Luinnigh, leagadh é, caint ar na múinteoirí a bhí ann. Chuaigh sé ar an scoil in Inis Meáin tamall. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Imirce | Imirce - bunadh a mháthar a d'imigh as baile. Ag caint ar an dóigh ar imigh daoine fadó. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Damhsa | Caitheamh Aimsire - scéal faoi dhamhsa in Anagaire, iascaireacht scadáin ar an Bhun Beag. | |
Peil | A chuimhní ar fhoireann pheile Ghaoth Dobhair. | |
Peil | Caitheamh Aimsire, peil agus Celtic. Cur síos ar na cluichí, ar na himreoirí agus ar an chraic a bhí acu ag na cluichí. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Seanchas faoin Iascaireacht | Tragóid a tharla in 1912 ag bá Bhun an Inbhir, chuaigh beirt fhear ar seachrán, a uncail ar dhuine acu. Bhí siad ag iascaireacht gliomaigh. Pisreog ag baint leis sin. Bhí siad imithe ar feadh sé seachtaine. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Scaipeadh Nuachta agus Eolais | Caitheamh Aimsire, raidió amháin a bhí ar Inis Meáin agus gramafón. | |
Aontaí | Jimí an tSíoda, ag díol éadaí dara láimhe ag an aonach. An panc, chaití daoine isteach ann dá mbíodh siad ólta in am na Sasanach. | |
Iompar Nua-Aimseartha | Cheannaigh sé rothar in 1949, bhí rudaí saor ag an am sin. Ní raibh mórán carranna ar na bóithre ag an am sin. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer