Bealoideasbeo.com
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ainm: | Dónall Ó Cnáimhsí | ![]() |
Áit Chónaithe: | Doire Sheanaigh, An Ghallbhuaile, An Dúchoraidh, Leitir Ceanainn. | |
Áit Dúchais: | An Coimín, An Dúchoraidh |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Daoine Aitheanta go hÁitiúil | Scéal Mhéabha Ghleann Domhain, fá dtaobh de mhaistreadh ar an Domhnach. Tá lorg na bláithe le feiceáil ar Bhinn Chormaic go fóill. | |
Stair an Teaghlaigh | An baile, an áit ar tógadh é ar an Choimín. Níl ach triúr ann anois. An fáth ar fhág daoine. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Logainmneacha | Ag éirí aníos ar an Choimín. Cur síos ar an dóigh a bhfuair Gleann Fada na Seallóg a ainm. Gaeilge uilig a bhíodh ann. | |
Logainmneacha | Logainmneacha: Leitir Mhic an Bhaird, míniú ar an ainm. Scéal faoi thiarna talaimh le giolla a cuireadh síos le litir. Cur síos ar thógáil Dhroichead Ghaoth Barra sna 50idí. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Tiarnaí Talaimh agus Tionóntaí | An Tiarna Mayo ar an Dúchoraidh. Chuir na tionóntaí an dlí air. | |
An Teaghlach | A chúlra - as clann Uí Grianna a mháthair, deirfiúr de Sheamús agus de Sheosamh. Bríd b'ainm di. Chuaigh sí 'na Dúchoraidh ag obair agus casadh a athair uirthi. Scéal faoi Sheán Bán Ó Grianna ag gabháil 'na scoile. Véarsa a chum Seosamh Ó Grianna nuair a bhí sé ina bhuachaill beag faoi fhear siúil. | |
Obair | D'oibir sé ar feadh tamaill don Chomhairle Contae ar na bóithre agus ar scéim na móna, an pá a bhí aige. Cur síos ar an obair a rinne sé. | |
Spailpíní | Cur síos ar an uair ar imigh sé go hAlbain ar an bhád ó Dhoire. An turas, an obair a rinne sé nuair a bhí sé thall ar tharbhealaí (viaducts), ar tholláin agus ar hidrea-scéimeanna. Obair chrua agus uaireanta fada. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Peil | Peil Ghaelach, d'imir sé don Chlochán Liath agus do Chontae Dhún na nGall in 1942. Cur síos ar an dóigh ar thosaigh sé ag imirt. Bhuail an fhoireann Gaoth Dobhair i gcluiche ceannais in 1945. D'imir sé ar feadh bliana do na Gleanntaí in 1947. Bhí sé ina lánchúlaí don Chlochán Liath ó 1948 go 1961. Ba é Connie Mór Mac Giolla Bhrighde as Gaoth Dobhair a mharcáil sé i gcónaí. Chríochnaigh sé in 1961 nuair a ghortaigh sé a ghlúin. Bhain siad dhá chraobh don chontae in 1957 agus in 1958. Ainmneacha na ndaoine eile a bhí ag imirt: Cookie Boyle, Frank White, An Sáirsint Murray, Prendergast, Paddy Kennedy, Gerry O'Riordan. Imreoirí Ghaoth Dobhair: Hughie Tim Ó Baoill, Coyles (Paidí agus Barney), Jim McFadden, Mickey Rua, Willie agus Tude- triúr deartháireacha, Stout, Lemonade agus Neilly-triúr deartháireacha, Antoin Rodgers, Francie Mooney agus Hiúdaí Beag. | |
Peil | Na himreoirí is fearr a bhí ag an chontae nuair a bhí sé ag imirt- Joe Masterson, Frankine Donnelly. Bhain siad Craobh Uladh. Cur síos ar an uair sin. | |
Peil | Tháinig sé ar ais 'na bhaile. D'imir sé peil arís, bhuail siad Gaoth Dobhair i gCraobh an Chontae in 1947. Ansin thosaigh sé ag cur leictreachais i dtithe ar feadh dhá bhliain. D'oibir sé mar bhailitheoir rátaí ansin. | |
Peil | Lean a chlann ar aghaidh leis an pheil- Declan agus Dónall ag imirt, a bheirt mhac. Tá Declan ina bhainisteoir ar fhoireann Ghaoth Dobhair anois. | |
Peil | An traenáil agus é ag imirt peile. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Toibreacha Beannaithe | Tobar beannaithe - scéal faoi lanúin a bhí ina gcónaí ar na Dúchoraidh le leanbh le haicíd craicinn a fuair leigheas sa tobar. Tá turas i ndiaidh luí gréine a thig a dhéanamh ag an tobar. Tobar Paley. | |
Toirneach agus Tintreach | Athrach mór ar an áit. Tá teach tógtha aige féin, réabadh an teach agus an teach tabhairne fosta le soilseach oíche amháin. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Comharthaí agus Tuartha | Comhartha a fuair sé féin oíche amháin a shábháil é an lá arna mhárach ag a chuid oibre. |
Fochatagóir |
Cur Síos | |
---|---|---|
Sióga | Andy Mc Devitt, bhí moll scéalta sióg aige. Bhí cónaí air i gClochar na nGabhar. D'inis sé scéal faoi ghasúr beag a bhí ag déanamh gur sióg ba ea é. |
Theme by Danetsoft and Danang Probo Sayekti inspired by Maksimer