Goitse, Eanáir 2014
12 GNÉ-ALTANNA Goitse 24 Eanáir 2014 Faoin am seo den bhliain agus leis an aimsir a bhí againn le mí anuas, níl mórán le déanamh taobh amuigh ach a bheith ag ullmhú fá choinne an earraigh agus am plandála. An mhí seo caite mhínigh mé an dóigh chun an talamh a leasú ach anois an t-am le bheith ag smaoineamh ar cén cineál plandaí a ba mhaith libh a bheith ag fás sa ghairdín i mbliana. Caithfidh tú smaoineamh ar cén cineál glasraí a ba mhaith leat féin agus do theaghlach a ithe. Níl mórán pointe kohlrabi a fhás mura bhfuil a fhios agat caidé le déanamh leis sa chistin, fosta níl ciall ar bith cúirséid a fhás muna bhfuil duine ar bith ag iarraidh iad a ithe. Mar sin, is é rogha pearsanta do gach duine an cineál glasraí a ba mhaith leo a fhás. Ach rud tábhachtach amháin, caithfidh tú smaoin- eamh ar phlandaí atá measartha dúchasach don tír seo. Bíonn treoracha fáis ar na paicéid síolta seo ach nil iontu ach rialacha ginearálta agus mar sin seo leabhar iontach maith chun comhairle a thabhairt do gharraíodóir ar bith, Vegetables For the Irish Garden le Klaus Laitenberger. Seo leabhar ion- tach maith atá dírithe ar fhás glasraí san iar-thuaisceart. Ar chúl gach paicéad síolta bíonn eolas ar cén uair chun na síolta a chur, iad a thógáil agus mar sin de. Tá tuiscint ar leith ag Klaus ar aeráid an taobh seo tíre agus tá eolas ar dóigh sa leabhar seo faoi seo, mar shampla: “ The traditional sowing date for parsnips is early spring. It says on the back of the seed packet to sow between Feb- ruary and March. I can guarantee that you will have absolutely no success if you stick to that ”. Fosta, tá rogha agat síolta a chur no plandaí a cheannacht ó ionad garraíodóireachta níos moille sa tséasúr. Cinnte, tá i bhfad níos mó oibre le síolta a chur ach bíonn rogha níos fearr agat agus thig leat cineáil éagsúla a phiocadh. Muna bhfuil mórán eolais agat air seo, labhair le duine atá i mbun fás glasraí le tamall agus gheobhaidh tú léir comhairle ar cén cineál plandaí le cur, agus b’fhéidir níos tábhachtaí, cén cineál gan a chur. Comhlacht maith atá ag iarraidh plandaí dúchasach a shábháil sa tír seo is ea Irish Seed Savers. D’éirigh go hiontach leo seo a dhéanamh le cúpla bliain anuas agus tá siad ag dul o neart go neart. Tá suíomh maith acu agus is féidir síolta a cheannacht óna suíomh irishseedsavers.ie . Agus ag caint ar ghlasraí agus leis an aimsir fhuar, seo oideas fá choinne sú deas le tú a choinneáil te; Sú le macáin dearga agus sinséar. Sú macáin dearga agus sinséar 2 oinniún mionghearrtha 2 cainneann gearrtha 2 chraobh shoilre, gearrtha 800g macáin dearga 2 ionga gairleoige, mionghearrtha 2 phíosa sinséar, ghrátáilte, iad thart fá saghas d’ordóg, ghrátáilte 1 práta, díslithe 1 taespúnóg garam masala 1 taespúnóg púdar curaí 800ml stoic sicín no glasraí bainne cnó cócó, más mian leat Déan sauté ar na cainneana, oinniún agus soilire sa sáspan in ola olóige go dtí go mbíonn siad bog. Cuir na macáin dearga, sinséar, gairleog, púdar curaí agus garam masala isteach fosta ar feadh cúig bhomaite ar teas íseal. Ansin doirt isteach an stoc agus lig dó a bheith ag suanbhruith go dtí go mbíonn na macáin bog. Measc an sú sa cumascór agus cuir ar ais ar an teas é, cuir salann agus piobar air chun blas a chur air. Más mian leat, thig leat braon don bainne cnó cócó a chuir isteach ann fosta. Le gach rud ag baint le cócaireacht, bí i gcónaí ag blaiseadh do cuid bia fhad is a bhíonn se ag cócaireacht; má bhíonn tú ag iarraidh níos mó salainn, piobar, púdar curaí agus mar sin a chur leis, thig leat. Seo an t-am le do chuid curadóireachta a phleanáil —Bee na mBuatais Blag na mBuataisí Bhfuil an dán bheag seo agaibh? Ceolaigí é ar Oíche Fhéile Bhríde: Gabham molta Bhríde Gabham molta Bhríde, Ionúin í na hÉireann, Ionúin le gach tír í, Molaimis go léir í. Lóchrann geal na Laighneach. ’Soilsiú feadh na tíre, Ceann ar óghaibh Éireann, Ceann na mban ar míne. Tig an geimhreadh dian dubh 'Gearradh lena ghéire; Ach ar lá 'le Bríde Gar dúinn Earrach Éireann. Crosóga Bhríde Bíonn cuid mhór daoine ag déanamh Crosóga Bhríde ag an am seo den bhliain. Má dhéanann sibh ceann, cuir griangraf chuig eolas@goitse.org agus seans go mbeidh do phictiúir sa chéad eagran eile. Goitse na nÓg In Éireann fadó dá mbeadh duine chun bheith mar bhall de na Fianna bheadh air a ghaisce a chruthú (agus a chumas fil- íochta). Ceann de na trialacha ná go mbeadh an té ábalta cosaint in éadan naoi ngath caite leis, gan aige ach sciath agus slat coill, agus é i bhfostú i bpoll. Ceannaire na bhFian féin a ghnóthaigh cumhacht intinneach tré an Bradán Feasa a bhlais- eadh; ach is ó choillchnó a ithe a fuair an bradán na tréithe speis- alta: inspioráid, eolas, críonnacht. Bhí draíocht agus brí ar leith luaite le coll riamh agus téann seo níos faide siar nuair a shroich na chéad daoine an tír seo. Deich mile bliain ó shin bhí coll flúirseach, forleathan agus sheas an crann beag amach ó thaobh tábhacht do dhaoine. Tá cothú fiúntach sna cnó- anna idir saill, próitéin, carbai- hiodráit agus mionchothaithe eile. Agus, fosta, le féidearthacht iad a stóráil ar feadh tréimhse fada bhí collchnónna mar pháirt mhór den bheathú daonna ar an oileán seo ó thús. Chomh maith leis an chothú bhí adhmad coill, go háirithe na slata, in úsáid mar ábhar chaolaigh chun tithe, sconsaí, potaí eascainne agus cliabh curaí a dhéanamh. Bhí nós ann le fada crainn coill a ghearradh go talamh mar roschoill: sé sin go bhfásfaidh slata fada díreacha ón stocán le féidearthacht iad a athghearradh arís is arís. Is mar gheall ar a mhór- thábhacht a bhí an oiread béim curtha ar an chrann nó tom seo. Sna sean-dlíthe, bhí sé rangaithe mar cheann de uaisleacht na coille (Airig fedo) ar mhaithe a chnónna agus slata (a mes agus a cháel). Bhí draíocht luaite leis agus cosaint ón drochrud. Tá slaitín coill go fóill in úsáid i mbun collóireachta nuair a dhéantar iarracht ór nó uisce atá faoi thalamh a aimsiú le treoir ó ghabhlóg coill. Cé nach bhfuil an coll chomh coiteanta is a bhí, tá sé ag fás ar fud na tíre agus déanann sé ionradh gasta ar ghoirt atá tréigtha ó thaobh talmhaíochta de. Tá sé ag bagairt ar an ghnáthóg shainiúil i gCondae an Chláir, an Bhoireann. Beidh an crann seo faoi bhláth go luath. Cé go mbriseann na caitíní fireann amach san fhómh- ar ní bhíonn iontu ach bachlóga beaga glasa go dtí teacht an earraigh nuair a leathnaíonn said. Is ansin atá na caitíní fada buí crochta ar bharr na ngéaga. Níl na bláthanna baineann le feiceáil ach tré mion-scrúdú. Tá siad cosúil le bachlóga beaga ach go bhfuil stiogmaí glédhearg ag gobadh astu. Tar éis toirchithe, tagann na cnónna as na bláthanna seo. Bíonn an collchnó a fhásann ar an chrann dúchasach measar- tha beag ach tá roinnt maith saothróg (cultivar) ann le torthaí níos mó. Agus tá coll mór Corylus colurna ag fás sa Tuirc. Is í an tír sin a tháirgeann 75% de chollchnónna ar an margadh domhanda. Ar na mallaibh fuarthas amach go tairgeann an coll paclitaxel, go dtí sin nach raibh aimsithe ach i gcrainn iúr. Tá an cumasc ceimiceach seo in úsáid in éadan ailse. –Conall Mac Conn Mire Coll Corylus avellana Caerthann fid na ndruad, loisce caemchrann na gcaer, Seachain an fid fann, ná loisc an coll caem. —Ó Laoi Iubhdan Crann cosanta an choill
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3