Goitse, Eanáir 2014

Goitse 24 Eanáir 2014 GNÉ-ALTANNA 13 An bhfuil gléasanna ríomhair- eachta nua faighte agat thar an Nollaig? Tá chuile seans go bhfuil líon ard teaghlach le fón póca nua, ríomhaire nua nó tabléid nua ó tháinig Daidí na Nollag ar cuairt! An bhfuil frithvíreas agat leis an ghléas seo a chosaint? Muna bhfuil cosaint de chineál éigin agat ag feidhmiú ar na gléas- anna seo ní féidir a bheith cinnte nach bhfuil oibríochtaí rúnda ag tarlú sa chúlra. Go traidisiúnta, bhí víreas ríomhaireachta scríofa le ríomh- aire a scrios agus a chur as feidhm. Tá an modh sin ag imeacht anois. An chuid is mó den am, bíonn víreas ag fanacht i bhfolach sa chúlra ag cruinniú sonraí pearsanta an úsáideora agus ag seoladh na sonraí sin ar ais chuig haiceálaithe le gur féidir leo na sonraí a úsáid go mídhleathach. Níl sé costasach do chuid trealamh ríomhair- eachta a chosaint in aghaidh víreas, péisteanna, bogearraí mailíseacha, traíoch agus earraí spiaireachta. Ríomhaire Pearsanta Is é an ríomhaire pearsanta an gléas teicniúil ar a dtarlaíonn an méid is mó ionsaithe ó haiceálaithe. Ag aon am ar leith bíonn víreas ar níos mó ná 30% de na ríomhairí ar domhan. An phríomhchúis leis seo ná go bhfuil an chosaint fríthvíreas as dáta. Níl costas ard ar do ríomhaire a chosaint agus minic go leor is féidir gléasanna digiteacha a chosaint gan costas ar bith. Mas rud é go bhfuil ríomhaire Windows agat is féidir MicrosoO Security Essentials a íoslódáil saor in aisce ó www.microsoO.ie le cosaint a chur ar fáil don ríomhaire. Tá sé tábhachtach an pacáiste sin a nuashonrú go rialta thar an idirlíon. Is féidir seo a sceidealú le tarlú uair sa lá nó uair sa tseachtain. Tarlaíonn an nua- shonrúchán seo sa chúlra agus ní chuireann sé isteach ar gháthoibríochtaí an ríomhaire. Tá pacáistí eile ar fáil saor in aisce chomh maith ar nós Avast www.avast.com . An buntáiste le Avast ná go n-oibríonn sé ar Windows agus Mac OS. Is féidir é a íoslódáil ón idirlíon agus á úsáid taobh istigh de cúpla nóiméad. Is smaoineamh maith atá ann balla dóiteáin (Firewall) a bheith ag feidhmiú ar an ríomhaire chomh maith. Rogha maith saor in aisce ná Comodo Firewall (personalfirewall.comodo.com) . Deanfaidh an pacáiste seo an ríomhaire a chosaint in éadan ionsaithe ón taobh amuigh agus tá sé i bhfad níos láidre ná an balla dóiteáin a thagann leis an ríomhaire. Tá sé tábhachtach nach mbíonn barraíocht frithvíreas ag obair ar an ríomhaire ag an aon am amháin agus mar sin, moltar pacáiste frithvíreas amháin a phiocadh. Má tá níos mó ná pacáiste amháin ag obair ar an ríomhaire éireoidh an ríomhaire mall. Tabléid/Fóin Tá i bhfád níos mó daoine ag baint úsáide as tabléid agus fóin phóca ná mar a bhí blianta ó shin. Tá sé tábhachtach na gléasanna seo a chosaint chomh maith. Bíonn an-chuid sonraí pearsanta á stóráil againn ar an fhón agus an tabléid ar nós teagmhálaithe, ríomhphoist, líonraí sóisialta, féilire agus go leor eile. Ní bheadh duine ar bith ag iarraidh go mbeidh rochtain ag daoine ar na sonraí seo. An pacáiste frithvíreas is fearr do ghléasanna Android ná Comodo Mobile Security and AntiVirus. Tá an pacáiste seo saor in aisce agus ar fáil ón Google Play Store (play.google .com). An pacáiste is fearr atá ar fáil do gléasanna Apple nó iOS ná Lookout Mobile Security. Arís tá an ceann seo saor in aisce agus cuireann sé cosaint iomlán ar fáil don iPhone nó iPad. Is féidir é a fháil san Apple App Store. Bí cúramach le sonraí pearsanta Ba chóir duit bheith airdeallach má iarrtar ort do chuid sonraí pearsanta a líonadh isteach in aon suíomh idirlín nó aip. Is é an bealach is sábháilte le díol as rudaí ar líne ná trí PayPal. Is féidir éisteacht le mír ríomhair- eachta Andy (Fear na Ríomhairí) Caomhánach gach maidin Dé Céadaoin ar Barrscéalta, RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is féidir níos mó scéalta faoin teicneolaíocht a leanúint ar a leathanach Twitter www.twitter.com/andycaomhanach Cosain do chuid giúrléidí ar víris ríomhaireachta Andy Caomhánach Smailc: bhain sé smailc as a phíopa. Súóg: smál a bheadh ar chupa; tá suág ar an chupa. Sceifleach: girseach a bheadh ar bharr na gaoithe, dá dtiocfaí í a smachtú. Fágálach: duine nach bhfuil iontach láidir ... níl brí ar bith ann leis an ghnáth obair a ghníonn daoine a dhéanamh Crabhcaí: duine nach bhfuil iontach mór. ‘ Níl ionat ach crabhcaí beag seanaimseartha. ’ Cringleach: bó mhór gharbh agus na cnámha ag teacht amach fríd a craiceann ... is cuma caidé a gheobhas sí le ithe. Ní thig sciúnach (go mbeadh cuma dheas líonta amach uirthi, bheadh craiceann deas uirthi) ar bith a chur uirthi. Gné: duine a bhfuil gné mhaith air ... tá craiceann mhaith air ar an duine sin. I do shuí ar do ghogaide: i do shuí ar do dhá ghlúin. Préasán: thug sé préasán duit ... rud inteacht a bhí sé féin le caitheamh amach. Suaithníocht: dá mbeadh teas millteanach ann ... shúfadh sé amach an bhrí uilig atá ionat ... iontach marbhánta ar fad. Tá suaithníocht mhillteanach sa teas ann ... tá sé marbhánta. Pliútáil: ag cúlchaint ar dhaoine í gcogarnáil íseal. Gabhlach: potaí ar thine mónadh; cineál súiche ata ann ... gabhlach an phota. Ceann créagach dubh: ceann cuirlíneach (difriúil do chatach – wavy ) Mantach: duine a bheadh doiligh a tuigbheáil – mantach ag caint, doiligh a tuigbheáil (nó spás mór idir na fiacla ... nach dtiocfadh an chaint leis mar is ceart ). Múta: sin seantithe ceann tuí – d’imeodh cuid den mhuiríneach ... d’imeodh sí ina dusta, ina créafóg ... tá múta trom ar an teach ... meáchan mór ar dhíon an tí ... go súfadh sé an t-uisce. Sacán: caoirigh a d’imeodh an olann daofa ... cineál clibíneach, fite agus ceangailte istigh ina chéile. Bhí sé cosúil le scraith ... maol ach clibíní olainn le feiceáil (thig le clibíní a bheith i nduine fosta, muna bhfuil sé ag cíoradh a chinn. Gearr-úisc: éan mara atá iontach beag ar fad ...beo ar am iascaireachta bradáin ...bheadh an ghearr-úisc le feiceáil ag ól an ola ar bharr an uisce...ola an bhradáin nó iasc ar bith..beo ar ola an éisc. Modhúil: paiste ata modhúil- paiste ata iontach suaimhneach – deir siad múinte modhúil- suaimhneach agus múinte ... Aithrí: sé a aithrí é ...cha mbeadh truaighe ar bith fána choinne...sé a aithrí ..go raibh sé ró mhaith aige ..go raibh sé tuillte aige. Go formhothaithe: duine a dhéanfas a ghnoithe go formhothaithe ... nach mbíonn a fhios ag aon nduine a ghnoithe ach é féin ... bhí an mhóin cróigthe go for- mhothaithe agat (croig do chuid mónadh go formhothaithe) – príobháideach. Sceamhóg: bhainfeá sceamhóg as duine – dá mbainfeá greim as duine mar spraoi). Leibín: focal mór do chuid Thoraigh ... dá mbeadh siad ag iascaireacht ... bolg an ghlasáin mhóir ... ghearrfadh siad amach baoite leis ... bheadh sé iontach cosúil le iasc a bheadh beo ... fá choinne a bheith ag iascaireacht. Na héisc aba mhó: trosc ( cod ), glasáin mhóra (níos faide ná an trosc), deargóg ( pollock ), balláin ( wrasse ), liúdair (níos mó ná an glasán). Crabhcaí: duine nach bhfuil iontach mór. Níl ann ach crabhcaí beag seanaimseartha.... Focla Mhicí le Micí Whiting Mac Aoidh Bíonn Micí Whiting Mac Aoidh ina aoi ar an chlár Rónán Beo@3 ar Raidió na Gaeltachta gach Mháirt. Tá Goitse buíoch do Mhicí, do Rónán agus do fhoireann Raidió na Gaeltachta as cead na focla seo a chur i gcló.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3