Goitse, Eanáir 2014
Le linn na stoirmeacha fíoch- mhara a shéid ag tús na bliana úire agus na halpáin fhiáine farraigí a bhí ag briseadh go tréan fá chóstaí na tíre, cha dtáinig ceantar na céadh i Machaire Rabhartaigh saor ó chumhacht na farraige. Buail- eadh go leor de caitheamh na farraige aníos ar chladach agus ar chéidh an bhaile, rud a d’fhág go raibh ar fhoireann oibre na Comhairle Contae, tabhairt faoin ghlanadh agus cóiriú nuair a shocair an aimsir arist. I rith na droch-aimsire agus le linn dó a bheith ina bharrlán, bhí Gorlann Ghnó Mhachaire Rabh- artaigh, atá lonnaithe siar ó bharr na céadh agus na haonaid fiontraíochta atá faoi dhíon ann, go mór faoi chontúirt ag cumh- acht na farraige móire. Bhí an Ghorlann Gnó ar snámh i n-uiscí fiáine an Atlantaigh agus lorg na mara le feiceáil go soiléir thart fá dtaobh de, le idir bodóga mara agus clocha duirlinge aníos ar thalamh tirim ann, fiú chomh fada le carrchlós agus thart fá thóin na Gorlainne féin. Is cinnte gur ábhar buartha é seo do bhaill Údarás na Gaeltachta, má tá siad fiú ar an eolas ar chor ar bith fá dtaobh de, sé sin, go bhfuil an fharraige ábalta theacht aníos thart ar fhoirgneamh, atá mar pháirt lárnach agus luachmhar de shealúchas maoine an Údaráis, cionn is nach bhfuil cosaint de shórt ar bith ann in éadan bhrú na farraige. Ar ndóighe, ardaíonn an méid seo roinnt ceisteanna tromchúis- eacha, maidir leis an phróiseas comhairliúcháin, deartha agus pleanála a tugadh faoi i bhforbairt na Gorlainne Gnó, ach go hairithe i dtaobh, caide mar a ceadaíodh tabhairt faoi a leithéid de fhorbairt ar imeall na mara? Forbairt a chosain níos mó ná €1.1 milliún agus gan cosaint nó bacainn tuilte de shórt ar bith a bheith curtha in áit i dtús báire? Tá lorg láidir na comhpháirt- íochta le feiceáil ar fhorbairt an fhoirgnimh seo, ós rud é go raibh Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Chondae Dhún na nGall ag obair as láimh a chéile, leis an leathnúchan is úire ar an fhoirgnimh gnó a mhaoiniú agus a chríochnódh, rud a d’fhág go bhfuil Ionad breá Comhtháite Forbartha Bia agus Spás Gorlainne ar an láthair anois. Is cinnte gur infrastruchtúr fíor- thábhachtach de chuid an cheantair agus an Údaráis an foirgnimh seo, ach faraor, níltear ag baint iomlán úsáide as. Bíonn an Ghorlann Gnó ina luí beagnach folamh an chuid is mó den bhliain, taobh amuigh de Chaife a bheith ar oscailt ann ar feadh cúpla seachtainí le linn séasúr an tsamhraidh agus spás beag oifige a bheith ar cíos ann le úinéirí bhád farantóireachta Thoraí. Tá sé fíor-thábhachtach go gcuirfidh Údarás na Gaeltachta borradh úr faoina gcuid iarr- achtaí le comhlachtaí nó tionónta a mhealladh le lonnú i nGorlann Ghnó Mhachaire Rabhartaigh agus deiseanna fostaíochta a chruthú sa cheantair, rud a chinnteodh go mbeidh an Ghorlann Gnó féin á úsáid mar is ceart agus is cóir agus mar a bhítear ag súil leis an chéad lá riamh. An bhfuil an saineolas, an ábaltacht, an bheogacht nó fiú an suim ag Údarás na Gaeltachta, ar a dtiteann cúraimí na Gorlainne Gnó seo orthu, tabhairt faoin a leithéid? Beidh le feiceáil. Is cinnte go bhfuil géarghá lena leithéid, lena chinntiú nach taibhse gan tairbhe é níos mó Gorlann Ghnó Mhachaire Rabhartaigh. Más rud é go bhfuil Údarás na Gaeltachta lán dáiríre, i dtaca le aghaidh a thabhairt ar a leithéid de obair agus anáil úr a shéideadh ins an fhoirgneamh seo ag tús an bliana úire, tréaslaímid leo, ach bíodh a fhios acu an méid seo, go bhfuil géarghá acu ar dtús báire, tabhairt faoi obair fhiúntach cosanta, os rud é go dtiocfaidh mórtas farraige arís le linn stoirmeacha an gheimhridh, nó fiú le rabhartaí arda na bliana agus an fhéidireacht ann nach dtiocfaidh an foirgneamh slán. Caithfear tabhairt faoi cosc tonn a fhorbairt ó chúl na céadh siar, idir farraige agus foirgnimh, rud a chinnteodh nach mbeidh níos mó baol dochar nó damáiste a bheith déanta nuair a éireoidh roisteacha farraige móire amuigh ar an doimhneacht agus níos tábhachtaí, nach mbeidh Gorlann Ghnó Mhachaire Rabhartaigh i gcontúirt báite no fiú báis. 6 NUACHT Goitse 24 Eanáir 2014 Gorlann Ghnó Mhachaire Rabharthaigh. Grianghraf: D. Ó Baoill DON ÓIGE: ● Féile Dheireadh Seachtaine na Gaeilge á eagrú ag Club Óige Rann na Feirste ón 6-9 Márta in Áislann Rann na Feirste. Clár le fógairt go luath. Eolas ó Chlub Óige Rann na Feirste, 086 4528475 ● Comórtas Abair Amach ar an 8 Márta in Áislann Rann na Feirste. Do naíonraí, naíonáin, bunranganna 1&2, 3&4, 5&6, agus meánranganna ón 1bhliain go hidirbhliain. Iarratais roimh 20 Feabhra. Eolas ó Club Óige Rann na Feirste, 086 4528475 ● Comórtas ealaíon do Scoileana Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir á eagrú ag Deireadh Seachtaine na Gaeilge i mí Márta. An téama: Mo cheantar féin. Ní thig le focail Bhéarla a bheith ar an phictiúir. Ní thig leis a bheith níos mó ná A3. Iarrataisí istigh roimh an 20 Feabhra. Eolas ó Chlub Óige Rann na Feirste, 086 4528475 ● Club Óige Mór Dhobhair in Ionad Naomh Pádraig achan Aoine 6-8 i.n. (Tá an club beag lán faoi láthair.) Eolas: www.ionadnp.ie ; 074 95 32949 SIAMSAÍOCHT: ● Ceolchoirm le Clann Mhic Ruairí as Rann na Feirste, ag seinm sa tSean Bheairic, An Fhál Carrach, Dé hAoine 21 Feabhra. Tuilleadh eolais: www.antseanbheairic.com nó scairt ar 074 9180655 ● Bingo Dhobhair ar siúl in Ionad Naomh Pádraig Dé Satharn 1ú Feabhra @ 8.30 i.n. Beidh bus ar an bhealach mar is gnáth. RANGANNA: ● Ranganna Damhsa dhá-lámh ar siúl gach oíche Luan, 8in-10in. Bíonn scaiGe maith ag na ranganna agus bíonn spórt ar dóigh ann. Fáilte roimh baill úra. Tá na ranganna foirstineach do gach leibhéal. €5 an rang. Eolas: www.antseanbheairic.com nó scairt ar 0749180655. ● Ranganna ealaíona ar siúl gach Déardaoin, 7in-10in, leis an ealaíontóir Joe Mc Clafferty, ag teagasc ola, uiscedhath, aicríleach agus tarraingt. Costas €10 an rang. Eolas: www.antseanbheairic.com nó scairt ar 0749180655. ● Ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós do pháistí, le Patricia Nic Ruairí. Beidh ranganna ar siúl ar an Satharn, 1ú Feabhra agus an Satharn, 15ú Feabhra, 11.30rn - 1.30in. Costas €3 an rang. Eolas: www.antseanbheairic.com nó scairt ar 0749180655. ● Ranganna Ciorcáid maidin Luan agus Déardaoin 7-8am. Corp-acmhainn fá choinne achan leibhéal. €5. Bíodh mata agus uisce leat. Tuilleadh eolais ar fáil ag www.antseanbheairic.com nó cuir scairt ar 074 9180655. ● Ranganna ‘Spin Bikes’ in Ionad Naomh Pádraig le Jordanna & Leona , tráthnóna Dé Céadaoin @ 8 i.n. agus maidin Dé hAoine @ 9 r.n. ● Cúrsaí Oiliúna Safepass, Rang ECDL agus Cúrsa ar Scileanna Agallamh & CV á chur le chéile do dhaoine dífhostaithe. Ag toiseacht in Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, gan mhoill. Cuir scairt ar an Ionad le clarú. Eolas: www.ionadnp.ie ; 074 95 32949 CRUINNITHE: ● Text Alert Pobail Tá Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, ag obair ar Text Alert i gcomhar leis na Gardaí i gceantar Ghaoth Dobhair. Tugtar cuireadh d’ionadaí ó choistí áitiúla a bhfuil suim acu bheith páirteach ann a bheith i láthair ag cruinniú Dé Máirt 28 Eanáir ag 6.00 i.n. le breis eolais a fháil. Eolas: www.ionadnp.ie ; 074 95 32949 ● Lá Mór na Gaeilge Beidh cruinniú poiblí in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Déardaoin 30 Eanáir ag a 8in maidir le léirsiú Lá Mór na Gaeilge a bheas i mBaile Átha Cliath ar an Satharn 15 Feabhra. Tá fáilte roimh achan duine a bhfuil suim acu sa léirsiú agus beidh ionadaí ón Choiste Stiúrtha i láthair le eolas a thabhairt ar an fheachtas agus le ceisteanna a fhreagairt. FÓGRAÍ POBAIL Baol báite Ghorlann Ghnó Mhachaire Rabhartaigh Aniar Aduaidh “Tá sé fíor-thábhachtach go gcuirfidh Údarás na Gaeltachta borradh úr faoina gcuid iarrachtaí le comhlachtaí nó tionónta a mhealladh le lonnú i nGorlann Ghnó Mhachaire Rabhartaigh agus deiseanna fostaíochta a chruthú sa cheantair”. le Brian Mac Rabhartaigh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3