Goitse, Eanáir 2014

Goitse 24 Eanáir 2014 MARBHNA 7 Nuair a d’imigh John Ghráinne nó John Phadaí Hiúdaí mar a thugann muintir Rann na Feirste air chun na síoraíochta go gearr roimh an Nollaig, chaill pobal na Gaeilge seanchaí agus amhránaí a raibh aithne leitheadach air, ní amháin ar fud Chúige Uladh ach ar fud na hÉireann. Nárbh iomaí Ollamh Ollscoile nó múinteoir scoile nó buachaill nó cailín a bhí ag déanamh céim ollscoile a thug cuairt air i Rann na Feirste agus roinn sé leo go fial fáiltiúil an chuid ab fhearr de sheanchas, de bhéaloideas agus de chanúint dhúchasach Rann na Feirste. Bhí aithne agam ar John Phadaí Hiudaí ó laetha glór- mhara na h-óige nuair a bhí mé ar Choláiste Adhamhnáin i Leitir Ceanainn agus le linn saoire, ba ghnách le John muid a thabhairt lena ghluaisteán chuig damhsaí go Doirí Beaga, Dún Lúiche, An Fhál Carrach, An Chraoslach agus mórán áiteacha eile. Ag an am sin, bhíodh muintir na Coláiste ag stopadh i dtigh a mhuintire, i dtigh Phadaí Hiúdaí agus ba ansin a bhí Seán Ó Baoighill agus Jerry Hicks ag stopadh agus ar chuala siad mórán d’amhráin dúchasacha Rann na Feirste. Ba ón am sin a chuir Seán Ó Baoighill, Aodh Ó Duibheannaigh agus Réamann Ó Frighil an leabhar Cnuasacht de Cheoltaí Uladh le chéile, leabhar a bhfuil ráchairt ar dóigh air go dtí an lá inniu. Bhuail John le mórán de bhunadh Chomhaltas Uladh an ama sin. Chomh maith leis an cheol, bhí an-suim aige sna rincí Gaelacha. Bhí Séamas Ó Mealláin as Béal Feirste, an múinteoir rince a bhí i gColáiste Bhríde, ina chónaí i dtigh Phadaí Hiúdaí agus ba mhinic John ag céilithe sa Choláiste chomh maith le bheith ag céilithe i dteach a chomharsa béal dorais. Ansin bhíodh bean an tigh, Bidí Bhriainidh Mhuiris ag seinm ar an fhidil agus mac a dearthár, Bernard Ó Grianna, ag seinm go siamsach ar an accordion. Níor mheas John go mbeadh sé féin ag obair sa choláiste chéanna mar mhúinteoir rince, seanchais agus teanga ar feadh tréimhse dhaichead bliain ina dhiaidh sin. Ba sin tréimhse a raibh sé ion- tach sásta leis, mar a deir sé féin i leabhar Sheáin Mhic Labhraí – An áit a n-ólann an t-uan an bainne . Bhí sé i gcuideachta na seanchaithe móra, Seán Bán Mac Grianna, Mící Sheáin Néill Ó Baoighill, Neidí Frainc Mac Grianna agus Joe Johnny Shéimisín Ó Domhnaill, foireann mhór múinteoirí den scoth ag am go raibh thart fá 600 páiste ag freastal ar an choláiste agus spiorad iontach san áit. Tá mórán de chanúint Rann na Feirste sa leabhar dheireanach Dea-Chaint John Ghráinne ar chuir Tom Hodgins eagar air agus a d’fhoilsigh Coiscéim. Ar an Lagán Fear cothrom tire a bhí i John a chuaigh chun an Lagáin i 1936, mar a chuaigh mórán dá chineál ina óige. Má chuaigh féin, fuair sé ar aghaidh níos fearr ná a fuair mórán eile. Ní raibh air oibriú ó dhubh go dubh, bhí scoth an bhia i dtigh Mhic Con Midhe i nGoirtín mar a d’aithris sé domh sa leabhar Padaí Láidir Mac Culadh agus Gaeltacht Thír Eoghain agus a bhfuil cur síos air fosta i leabhar Sheáin Mhic Labhraí. Bhí John spraoímhar aigeantach agus féith an ghrinn i gcónaí ann, rud a chuidigh leis, mheasfainn, fáil ar aghaidh go maith le bunadh Thír Eoghain an áit a raibh aint féin, Nellie Óg ina cónaí gar do Ghoirtín. Nuair a bhí a sheal déanta aige ar an Lagán chuaigh sé an bhliain dar gcionn lena athair go hAlbain. Obair chruaidh a bhí ann ar fud na hAlban agus am ragairneach go leor ar uairibh ó bheith ag ól le Padaí Phádraig i Carawath sna Lothians go bheith ag draenáil agus ag tógáil aerodrome in oileán Tír Eadha na hAlban in aice Oban le Cathal Ó Dochartaigh as Rann na Feirste. Ar an oileán seo, bhuail sé le cainteoirí dúchais na hAlban, dream a chur an-fháilte roimhe. Bhí sé ar ais ansin i nGlaschú, an áit a raibh sé ag obair le uncail de mo chuid Dóinidh Tharlaigh thart an baile ar monarcha tobac. Seal ansin i mBaile Átha Cliath dó, an áit a raibh sé ag obair ar leoraí bainne agus ar ghnách linn beirt cuairt a thabhairt ar Shéamas Ó Gráinne “Máire” agus Síle Bean Mhic Ionraic as Rann na Feirste. Ar ais go hAlbain sna caogaidí agus ansin a pósadh é i nGrianaig ar Ghracie Neidí Mhicí, cailín caoin ó theaghlach ceolmhar agus ar rugadh cuid don teaghlach ansin. Ba i nGaeilge a tógadh an teaghlach ón tús agus tá a shliocht orthu i gcur chun cinn na Gaeilge ó shin. Rann na Feirste Cibe ar bith ní raibh toil ag John a theaghlach a thógáil in Albain agus tháinig sé chun na bhaile i dtús na seascaidí agus fuair sé teach agus naoi n-acra déag talaimh i Mín na Leice. Mar a rinne sé in Albain d’oibir sé go cruaidh ansin agus i 1963 bhog sé go Rann na Feirste agus nuair a fuair sé post i gColáiste Bhríde ó Phádraig Mac Con Mí, Uachtarán na Coláiste. Chomh maith thóg sé a chlann seachtar cailín. Fuair níon amháin, Eilín, bás go tragóideach i dtaisme gluaisteáin agus cé gur bhuille cruaidh a bhí ansin lean John a bheith gníomhach i gcúrsaí an bhaile agus bhí sé ar an choiste troda a bhí ag Rann na Feirste leis an Scoil Náisiúnta a fhoscladh arís i 1972. Is mór an moladh atá tuillte ag an choiste sin ar fad nó ach go bé gur troideadh an cath sin ní bheadh scoil mhaith i Rann na Feirste anois a bhfuil suas le ceithre scór ag freastal ann. Éacht mhór a bhí ann agus scoltacha beag á ndruid ar fud an iarthair. Chuidigh Gael-Linn leis an fheachtas sin agus rinneadh taifead do ealantóirí Rann na Feirste do cheirnín a chuir Gael linn ar an mhargadh mar thacaíocht don Scoil Náisiúnta. Rinne Gael-Linn dlúthdhiosca Rann na Feirste Ceol & Amhráin den cheirnín seo i 1972 agus tá John Phadaí Hiúdaí ag canadh Rachaidh mé a scileadh amárach ar an dlúthdhiosca. Tá sé chomh maith ar an dlúthdhiosca Ceol Cheann Dubhrann 2006 ag canadh an amhráin álainn sin Níon an Bhaoighilligh . Seanchais is amhráin Crothnóidh muid uilig go mór John Phadaí Hiúdaí nó am ar bith dá dteachaidh mé isteach chuige chuir sé anam agus spriollamh ionam. Ba bhreá linn trácht ar laetha na hóige agus ba bhreá an chuimhne a bhí aige ar an am sin, féith an ghrinn ag cur leis an eolas iontach ar ghineamhlacha mhuintir an bhaile. Ba mhór a chuidiú domh agus muid ag scrúdú lámh- scríbhinní deacaire do shean amhráin ón díle don leabhar amhráin Hiúdaí Fheilimí agus Laoithe Fiannaíochta as Rann na Feirste. Éireannach go smior a bhí ann a sheas do chúis tíre agus teanga go deireadh. Thug an tAthair Pádraig Ó Baoighill S.P. Ghaoth Dobhair aitheasc ghradamach ag an uaigh agus ar na sagairt eile a bhí páirteach in Aifreann an tórr- aimh, bhí An tAthair Mícheál Ó hOireachtaigh S.P. Anagaire, An tAthair John, An tAthair Brian Ó Fearraigh agus an tAthair Seán Ó Gallchóir S.P. Ghort a’ Choirce. Ghnímid fíorchomhbhrón lena theaghlach go léir – Mairéad, Gráinne, Síle, Méabh, Máire, Róisín, a gcuid fear céile, an gar- chlann, a dheirfiúr Madgie agus a fear céile Tim agus a gclann i Londain, Eibhlín, bean chéile Briainidh agus a clann, Doire na Mainséar agus Liam De Barra, fear céile Mhaggie Phadaí Hiúdaí agus a chlann, Gaoth Dobhair. –Pádraig Ó Baoighill John Ghráinne Ó Duibheannaigh le Corn Mhic Uidhir, 2012. Seanchaí agus amhránaí imithe chun na síoraíochta Clár speisialta i gcuimhne ar John Ghráinne le craoladh ar Raidió na Gaeltachta Craolfar eagrán speisialta den chlár Blas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh seo chugainn ag 10.30 rn i gcuimhne agus in ómós don sean- chaí John Ghráinne Ó Duibheannaigh. San eagrán speisialta seo, caith- eann Fearghal Mag Uiginn súil ar shaol agus oidhreacht an tseanchaí aitheanta John Ghráinne. Chomh maith le cuntas pearsanta ó chlann John ar an fhear féin, déan- faidh Fearghal agus aíonna cur síos ar an tseanchaí agus an mhúinteoir agus an saibhreas teangan a d’fhág sé ag glúnta d’fhoghlaimeoirí Gaeilge le linn a shaoil. Seán (John Ghráinne) Ó Duibheannaigh 1920-2013

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3