Goitse, Eanáir 2014
‘Sandy Claws’ an mana cliste margaíochta a bhí ag Lidl anois lena fhógairt go bhfuil gliomaigh agus achan chineál eile de bhia na farraige ar díol acu do shéasúr na Nollag. Tá dúil millteanach mór agam snagliomaigh agus i mbia na farraige, go háirid má bhíonn sé le fáil saor in aisce san fharraige mhór thart orainne. Bheirimse sármhargadhsaor.com mar leas- ainm grinn ar an fharraige mhór. Is iad atá blasta don ghoile ghéar agus níl scil ná samhlaíocht de dhíobháil le gliomaigh a bhruith agus a chur amach ar an mhias. Dá réir sin, creid uaim é go raibh lúcháir an tsaoil orm nuair a d'éirigh liom, sa deireadh thiar thall, trí ghliomach a mhealladh isteach sa phota chéanna in aon seal amháin istigh ar Ghabhla i dtús an tsamhraidh. Ádh dearg an fhoghlaimeora. Rinne mé físeán beag den bhomaite draíochta sin agus mé i mo shuí ar an kayak. Lig mé fiche liú áthais amach asam mar a dhéanfadh leanbh ar maidin Lá Nollag. I ndiaidh doras an phota a oscailt, ba léir domh go raibh siad ag troid le chéile siocair go raibh crúbóg amháin ar iarraidh ar cheann amháin den triúr. An gliomach sin ar leathchrúbóg, chuir mé ar bharr an phota é go mbeinn in ann grianghraf a ghlacadh de. Chomh gasta in Éirinn agus ab’ fhéidir leis, bhain sé croitheadh mór tobann as a ruball agus léim sé isteach san uisce arís. Bhí eagla orm mo lámh a chur isteach san uisce ina dhiaidh ar eagla gur mise a bheadh fágtha ar leathchrúbóg. Scaoil mé an dara gliomach saor siocair go raibh sé ró-bheag le tabhairt isteach agus le hithe. Ach bhruith mé an gliomach a bhí fágtha sa sorn beag campála Trangia s’agamsa chomh maith le cúpla crúbóg portán agus chroith mé piobar dubh, dornán de lus an choire agus sú leathlíomóide isteach ar an fheoil bhruite. Ba bhlasta an suipéar a d’ith mé an oíche sin faoi na lampaí úra ar Ché Phort a’ Chruinn, Gabhla. Faraor géar, is iomaí pota folamh fosta a bhain mé amach as an tsáile ach sin mar chuid den tseilg bia farraige. Níl sin le sárú mar phléisiúr beag achan uair a théann tú amach a thógáil na bpotaí agus tú ag dréim go díograiseach le go mbeidh an duais mhór de bhia na farraige istigh agat. Má tá a dhath ann, tá fónamh déanta. Tugann sé pléisiúr as cuimse domh an t-ainmhí galánta gleoite mara seo a thabhairt amach as an phota agus é a choinneáil i mo lámh ar feadh tamaill agus amharc ar a áilleacht. Nímse iontas den dath dúghorm atá orthu agus den ruball fean mar a osclaíonn na codanna uilig go léir amach, an dá chrúbóg nó an dá phionsúr mhóra, gearrthóir agus brúiteoir agus na haintéiní dearga ag gobadh amach as an chloigeann. Rinne mé físeán de ghliomach beag an samhradh seo a chuaigh thart agus é sa phota stórála faoin uisce i bPort a' Chruinn. Ba deas an rud é amharc air ag siúl thart go seolta agus na snámhacháin ar crith i rith an ama. Bhain sé croitheadh láidir as a ruball cúpla uair leis an fheamainn a bhí ag cur as dó a bhogadh amach as a chosán. Más maith leat tuilleadh grianghrafanna nó físeáin bheaga a fheiceáil fá mo chuid iarrachtaí le bia na farraige a thabhairt isteach istigh ar Ghabhla agus in Inis Eoghain, déan cairdeas liom ar Facebook. polom1@hotmail.com; www.facebook.com/pol.muireasain. 8 GNÉ-ALTANNA Goitse 24 Eanáir 2014 Pól Ó Muireasáin An Gliomach (Homarus gammarus) a d’éalaigh ó phota Phóil! Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach Beidh Clann Mhic Ruairí, as Rann na Feirste, ag seinm sa tSean Bheairic, ar an Fhál Carrach, Dé hAoine 21 Feabhra. Is iad na deartháireacha Tony, Aodh, Dónall agus Seán, chomh maith le hiníon Tony, Megan atá sa ghrúpa cheolmhar seo. Tá cliú ar Chlann Mhic Ruairí fríd an tír agus níos faide i gcéin as feabhas a gcuid ceoil. Tá oíche ar dóigh geallta. Tuilleadh eolais ar fáil ó antseanbheairic.com nó is féidir scairt a chur ar 074 9180655 Clann Mhic Ruairí sa tSeanbheairic Pacáiste úr turasóireachta Rock agus Roam le seoladh Bhunaigh Moira Ní Ghallachóir an comhlucht turasóireachta mng i nGaoth Dobhair in 2013. Tá manna iontach simplí ag comhlacht Mhoira: “Tar agus bain sult as áiseanna nádúrtha an cheantair álainn seo, tríd a bheith amuigh faoin aer, agus faigh ar maos sa Ghaeilge agus cultúr Ghaeltacht Thír Chonaill”. Trí bheith ag obair le seirbhísí áitiúla atá gníomhach i dtions- cail na turasóireachta, cuireann mng pacáistí faoi leith ar fáil do thurasóirí, a thugann deis dóibh siúd ar mian leo blas de Ghaeltacht Dhún na nGall a fháil, trí imeachtaí spreagúla treoraithe ag cainteoirí dúchas- acha Gaeilge. Tá cuid mhór cainte faoi láthair faoi An Bealach Fiáin Atlantach, a bhfuil tús le cur leis i mbliana. Seo bealach tiomána 2500 km ó Inis Eoghain go Ceann tSáile. Ag comhdháil Thurasóireacht Éireann i mí na Nollag dúradh gurb é seo “an slí bothair cósta is fiáine agus is tarraingtí ar Domhan.” Is mór an gar dúinne ins na trí pharóistí seo go bhfuil seo go bhfuil turasóirí á ndíriú chuig bailte beaga ar chósta iarthar na hÉireann. Sé Rock agus Roam an chéad togra do chuid mng, le blaiseadh a thabhairt do thurasóirí ar ghníomhaíochtaí faoin aer nasctha le cultúr an cheantair. Is féidir na gníomhaíochtaí uilig a dhéanamh sa cheantar seo (seoltóireacht, cnocadóir- eacht, dreapadóireacht creag, srl) agus iad chomh maith anseo is atá san Eoraip agus níos faide ar shiúl. Pacáiste iomlán atá á thair- iscint ag Rock agus Roam; idir lóistín, eitiltí, bia srl, chomh maith le himeachtaí eachtraí- ochta faoin aer. Tá siad uilig dírithe ar dhaoine ar mhaith leo blas de Gaeltachta Dhún na nGall a fháil. Ag deireadh mí an Mhárta beidh deireadh seachtaine speis- ialta á eagrú ag Rock agus Roam, le seoladh a dhéanamh ar an na hacmhainní atá ar fáil sa cheantar maidir le himeachtaí amuigh faoin aer. Beidh deis ag na tithe loistín an mhargaíocht a dhéanamh ar na himeachtaí iad féin, le nasc ar shuíomh idirlín nó ins na meáin sóisialta. Ba mhaith le mng cuireadh a thabhairt do achan nduine a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh in imeachtaí dheireadh na seachtaine, theacht amach agus sult a bhaint as. Thig dul i dteagmháil le mng ins An Chrannóg nó is féidir ríomhphost a sheoladh chuig moira@mng.ie nó glaoch ar Mhoira ag 083 123 0529. Moira Ní Ghallachóir
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3