Goitse, Eanáir 2014
Bhí an bhliain 2013 breá gnóthach don Chrann Óg. Bhí siad páirteach i Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy ag tús na bliana agus chuir siad taispeántas breá ar siúl mar pháirt de Ghradam Francie Mooney. Ag tús Mí Feabhra bhí ceolchoirm acu i nDún Lúiche áit ar chuidigh siad airgead a chruinniú do Chuan Mhuire. Bhí siad páirteach fosta i gceiliúradh 50 bliain Teach Hiúdaí Beag agus d’éirigh le bailéad grúpa dá gcuid Corn Uladh a thabhairt leo i Scór na nÓg. Idir sin agus lár an tSamh- raidh bhí ceolchoirmeacha acu sa tSean Bheairic ar An Fhálcharrach agus thug a gcuid taistil iad ó Mhálainn in Inis Eoghain go Ceatharlach i gCúige Laighean. I lár Mí Iúil chuaigh siad go hInis Oírr i nGaillimh áit a raibh ceolchoirm acu in Áras Éanna. Mar is gnáth sa bhaile, rinne siad freastail ar na féilte uilig ó Dhún Lúiche agus Cnoc Fola go hAilt a’ Chorráin agus Féile Mháire An Chlocháin Leith. Ag cur deireadh le séasúr na bhféilte agus tús breá bríomhar le Loinneog Lúnasa, bhí ceolchoirm acu in éineacht le hAoife Ní Fhearraigh Tigh Mhicí i nDoirí Beaga. Ansin rinne siad a mbealach go Doire Cholmcille agus Fleadh Cheoil na hÉireann agus ar an oíche dheireanach bhí sé mar onóir acu a bheith mar pháirt den Fleadh Live ar TG4. Ina dhiaidh sin, ag deireadh Mí Lúnasa, thug An Crann Óg aghaidh ar An Ghearmáin. Seo an dúshlán a ba mhó a bhí rompu go fóill ach ní raibh feidhm ar bith buaireamh nó imní a bheith ar an ghrúpa óg seo. Bhí ocht gceolchoirm acu taobh istigh den seacht lá a chaith siad i gceantar Hessen sa Ghearmáin. Cuireadh fearadh na fáilte rompu i Wetzlar, Marburg, Wissmar, Hohenahr-Hohensolms, Giessen agus Caisleán álainn Braunfels agus thaispeán a gcairde úra sa Ghearmáin meas agus léirthuiscint don cheol traidisiúnta agus a dóigh a chuir An Crann Óg an ceol seo i láthair. Le linn an turais luaigh Emma go raibh Gormlaith ag seinm consairtín as An Ghear- máin. Chuaigh an scéal seo fhad le Jurgen Suttner, déantóir an chonsairtín, agus thaistil sé go Giessen chuig an cheolchoirm dheireanach. Chuir sé é féin in aithne don ghrúpa roimh ré agus is cinnte nach raibh córas fuaime leictreach ar bith de dhíth ar na huirlisí ceoil an oíche sin. Chuaigh An Crann Óg i bhfeidhm go mór ar mhuintir na Gearmáine agus chruthaigh siad íomhá bhreá do Ghaoth Dobhair agus ceantar Iar-Thuaiscirt Thír Chonaill as a dtagann siad. Is cinnte go mairfidh an turas seo tamall fada i gcuimhne Chaitlín agus PJ Joe Jack, na ceoltóirí óga agus iad sin uilig a bhí bainteach leo. Chuir An Crann Óg deireadh leis an bhliain áit ar thaifead siad clár ceoil do Mol an Óige ar Raidió na Gaeltachta. Idir an dá linn, ar ais sa bhaile ag tús Mí Mheán an Fhómhair, bhí baill sinsearach an ghrúpa scaipthe ar fud na tíre ag obair agus ar choláistí agus bhí an chuid eile sa bhaile ar scoileanna éagsúla. Lean na ranganna ar aghaidh sa Chrannóg i rith An Gheimhridh agus an chéad ghlúin eile ag foghlaim ceoil agus uirlisí d’achan chineál, ag cinntiú go mbeidh leanúnachas ann i rith an ama. Goitse 24 Eanáir 2014 GNÉ-ALTANNA 9 An Crann Óg ag síneadh a géaga
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3