Goitse, Bealtaine 2014
Goitse 23 Bealtaine 2014 GNÉ-ALTANNA 11 De ghnáth bíonn Mí na Bealtaine iontach gnóthach sa ghairdín. Ach thig leis an mhí seo bheith aisteach ó thaobh na haimsire de. Bíonn an chontúirt ann go mbeadh droch- aimsir ann. Tá ardú teochta san aimsir agus sa talamh fosta, ach thig le sioc muid a bhualadh go fóill agus, mar sin, coinnigh súil ar réamhaisnéis na haimsire agus má bhíonn eagla ort go mbeidh sioc ann, clúdaigh do chuid plandaí óga le fleece chun iad a chosaint. Ar an taobh eile den scéal, thig linn aimsir iontach te a bheith againn fosta agus caithfdh tú déanamh cinnte go bhfuil go leor uisce ar do chuid plandaí agus go bhfuil foscadh acu chomh maith. Ma bhíonn do chuid plandaí mór agus láidir go leor, thig leat iad seo a chur taobh amuigh. Siolra, sioliriac, cál, duilleoga sailéad, scailliúin, raidis, biatas agus brocailí. Cé go mbíonn na plandaí ag fás, bíonn na lustan fosta agus déan iad a ghlanadh lá tirim le grafóg sa dóigh nach mbíonn seans acu fréamacha domhain a chuir sa talamh. Rud amháin atá ag fás in achan áit ná neantógaí, nó cúil fáigh. Cé gur lustan iad, thig leat sú, peisteo nó tae a dhéanamh daofa agus tá mise chun cúpla oideas a thabhairt daoibh fá choinne sú agus peisteo atá déanta de neantógaí. Tá said lán de vitimíní, iarann agus frith- hiostaimín nádúrtha. Caithfidh tú iad a ghlanadh go maith agus is iad na duilleoga amháin a úsáideann tú fá choinne an dá oideas seo a dhéanamh Déan cinnte go mbíonn miotóga rubair ort ag cruinniú na nduill- eoga agus glan go maith iad. Thig leat na duilleoga a bhruith ar feadh cúpla bomaite chun an stoing a bhaint astu. Peitseo neantóg 25g duilleoga neantóg 2 ionga gairleoige 25g cáis parma, grátáilte 25g almóinní no cnó péine 8 bordspúnóg ola olóige piobar dubh & salann Nigh na duilleoga go maith agus caith ar shiúl duilleoga ar bith atá donn. Lig do na duilleoga triomú Cuir an ghairleog, na cnónna agus 3 bordspúnóg den ola olóige isteach i próiseálaí bia, dean iad a chumaisc ina leafaos. Measc isteach an cháis, na neant- ógaí agus an chuid eile den ola agus cumaisc arís. Blas an peisteo agus thig leat salann agus piobar a chur ann agus tuilleadh ola ma bhíonn an pesiteo ró- tiubh. Beidh sé maith go leor sa chuisneoir ar feadh seachtaine. Tá sé galanta le pasta nó ar baguette le ionga gairleoige brúite. Sú le neantógaí 2 oinniúin mhionghearrtha 2 cainneann gearrtha i slisne 2 craobh soilire gearrtha i slisne ionga gairleoige brúite, no cúpla ceann más mian leat féin 2 phráta mhionghearrtha Cupán piseanna reoite 1.5 lítear stoc sicín no stoc glasraí 800g duilleoga neantóg Ola olóige Piobar dubh & salann Ag úsáid scilléad mór domhain, frioch an dá oinniún, soilire agus an cainn- eann san ola olóige go dti go mbíonn siad bog agus tréshoilseach. Cuir na prátaí, an gairleog agus an stoc sa scilléad agus leis an chlár ar an scilléad, lig dó seo a suanbhruith ar feadh 10-15 bomaite ar teas íseal go dtí go mbíonn na prátaí bog. Cuir isteach na píseanna agus na neantógaí agus measc go maith, Fág seo ar suanbhruith go híseal ar feadh 5 bomaite agus bain úsáid as próiseálaí bia fá choinne an sú a mheascadh. Blaistigh an sú le salann agus piobar agus, má bhíonn tú ag iarraidh, thig leat braon uachtair a dhoirteadh isteach ann roimh é a chur ar an tábla. Bain greim as neantóga Blag na mBuataisí le Bríd Ní hIcí FORBAIRT POBAIL: ● MOT – Meitheal Oibre Tacaíochta: Seanóirí ar bith a bhfuil tacaíocht/cuidiú ar bith de dhíth orthu le jabanna beag thart fán teach. Eolas: Ionad Naomh Pádraig, 074 95 32949 SLÁINTE ● ‘Men on the Move’ - clár aclaíochta do fhir nach bhfuil ró-aclaí achan Dé Máirt & Déardaoin in Ionad Naomh Pádraig @ 8i.n. Eolas: 074 95 32949 ● Bean na gCos: Bíonn clinic ag an Choslia Siobhan Joyce sa Chrannóg ar an Aoine dheireanach de achan mhí ón 10.00rn go dtí an 3.00in. Beidh sí ann arís ar an 30 Bealtaine. ● Relay for Life ‘Misneach’ – Tá foireann as Gaoth Dobhair darbh ainm ‘Misneach’ ag glacadh páirt. Duine ar bith ar mhaith leo uair a chaitheamh linn i Leitir Ceanainn, tá fáilte romhaibh. 31 Bealtaine, 6i.n. – 1 Meitheamh, 6i.n. Déan teagmháil le Máire @ 0749532949. CEOL: ● Ceol ‘s Spraoi Ranganna ceoil do pháistí (0-5 bl) in Ionad Naomh Pádraig achan Dé Máirt @ 2i.n. FOLÚNTAS: ● Post Páirt-Aimseartha (19.5 uair). Tá post páirt aimseartha le líonadh mar Chócaire in Ionad Naomh Pádraig, Dobhar. Cáilíochtaí: Déimhniúcháin HACCP. Seol d’iarratas chuig Máire san Ionad roimh Dé hAoine 30/05. OIDEACHAS: ● Grinds saor in aisce do dhéagóirí atá ag déanamh na hArdteistiméireachta. Fraincis achan Dé Luain @ 6.00 i.n., Béarla achan Dé Máirt @ 5.00 agus Mata achan Dé Céadaoin @ 7.00 i.n. Eolas: 074 9532949 SIAMSAIOCHT DON ÓIGE: ● Féile Peil Óige Ghaoth Dobhair Aontaithe Féile Peil agus Bronnadh Dé Sathairn 21 Meitheamh, 6-9pm i gCarraig Uí Bhaoill. Cluichí Blitz ar an pháirc Astro ó faoi 6 suas go dtí faoi 12. Preabchaisleán, imeachtaí agus cluichí eile. Beárbaiciú ar feadh an tráthnóna. Ceol beo mall isteach sa tráthnóna. Bronnadh ar imreoirí óga uilig Ghaoth Dobhair Aontaithe i ndiaidh seasúr maith in 2013-14. Eolas: Pól 087 2590187 SEIRBHÍS DLÍ: Clinic Saor-Sheirbhís Dlí trí Ghaeilge sa Chrannóg lá amháin achan mhí. Beidh an tseirbhís ann arís ar an 31 Bealtaine ón 2-4i.n. Tá an tseirbhís seo á chur ar fáil ag FLAC i gcomhar le Conradh na Gaeilge. COMÓRTAIS: ● Pobal Eascarrach Comghairdeachas le na buaiteoirí comórtais Seachtain na Gaeilge 2014 in Ionad Pobal Eascarrach ar An Fálcarrach. Comórtas Ealaíne, Seachtaine na Gaeilge. Aoisghrúpa 4-6: Joseph Ó Tuiridh, Aoisghrúpa 7-9: Stephen Ó Cuireáin. Comhbhuaiteoirí, Aoisghrúpa 10-12: Shauna Ní Ghallchoir & Jade Nic Phaidín. Rang 3: Ryan Mc Callion, Joseph Mac Aoidh, Clodagh Toye & Olivia Mc Iver. Is é Gráinne Ní Dhuibhne & Laura Barrett a rinne an moltóireacht. Buaiteoir Grianghrafadóir- eacht, Seachtaine na Gaeilge, Anne McFadden. Buíochas ó chroí do achan nduine éile a thug isteach grianghraif don chomórtais. FÉILTE: ● Féile na Seanbheairice ar siúl ón 26-29 Meitheamh. Eolas ar na h-imeachtaí uilig le fáil ar an suíomh idirlín www.antseanbheairic.com nó ag 074 9180655. ● Féile Thraidisiúnta Chnoc Fola Tá Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair i gcomhar le Coiste Forbartha Chnoc Fola ag eagrú Féile Chnoc Fola mar is gnáth. Beidh an Fhéile ag tarlú ón 25-27 Iúil agus beidh clár mór de imeachtaí ar siúl, ina mbeidh an lá traidisiúnta ag Teach Mhuiris mar pháirt de. ● Féile Ceoil Loinneog Lúnasa 8-11 Lúnasa - Clár iomlán le fógairt gan mhoill. Eolas: 9532208 ● Corn Cuimhneacháin Éamoinn Ghráinne Comórtas amhránaíocht ar an sean-nós i gcuimhne ar Éamonn Mac Ruairí: Óstán Loch Altan, ar an Domhnach 29 Meitheamh, 2014, mar chuid de Fhéile na Seanbheairice. Céilí ina dhiaidh le Rí Thoraí, Patsy Dan, Daniel Cullen agus cairde. Eolas agus clárú: An tSean Bheairic 074 9180655 ● Comórtas griangrafadóireachta agus comórtas ealaíne do pháistí ar an téama "Cloich Cheann Fhaola: Caractair & Láthair", luach €300 de dhuaiseanna. Spriocdháta 15 Meitheamh. Beidh na pictiúirí ar thaispeántas i rith Féile na Seanbheairice. ● Oifig Eolais Turasóireachta Beidh an oifig eolais á reáchtáil sa Chrannóg le linn an tsamhraidh. Ma tá suim agat cuidiú go deonach leis an oifig a choinneáil foscailte ag an deireadh seachtaine, cuir scairt ar Chathal ag 9532208. FÓGRAÍ POBAIL Glac fógra le do nuachtán áitiúil Rátaí eile agus eolas ar fáil ó eolas@goitse.org nó déan teagmháil ag 086 8476862 www.goitse.org
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3