Goitse, Bealtaine 2014
12 LITRÍOCHT Goitse 23 Bealtaine 2014 An Caorthann Sorbus aucuparia Cé gur ard é an Crann Caorthainn bíonn sé searbh ag a bharr. Is léir go bhfuil an Crann Caorthainn ainmnithe as a chaora. Bíonn an crann trom leis na torthaí beaga dearga, na géaga cromtha lena méid. Maireann siad an Geimhreadh go minic agus bíonn siad suntasach go háirithe ag an am lom, neamh-dhathach, sin den bhliain. Tagann ainm an ghéinis Sorbus ó sorbum a dtugtaí ar thoradh an Chrainn Soirb Sorbus domestica a raibh an-rath air fadó. Agus tá baint fiú ag an fhocal aucuparia leis na caora mar go dtagann sé ón laidin avis (éan) agus capere (gabháil). Is cinnte go mbíonn éanlaith meallta ag an fhoinse bhreá bia seo. Is crann measartha beag é an Caorthann atá faoi dhuilliúir agus i mbláth faoi láthair. Tá gach duilleog cleiteach, sé sin go bhfuil sí cuimsithe de mhion-duilleoga ar nós duilleoga na Fuinseoige Fraxinus excelsior. Ach níl na crainn seo gaolta lena chéile; tá an Caorthann ina bhall den ghrúpa Rosaceae agus an Fhuinseog san Oleaceae. Tá na duilleoigíní ar an Caorthann fiaclach agus níos gile ar an taobh íochtar. Bíonn na bláthanna beaga geala bailithe ina mbraislí ar bharr na ngéaga. Tá gach bláth comhlán — le baill fireann agus baineann iontu. Ní deas an boladh astu (dar liom) ach tá siad mealltach do mhórán feithidí. Is iad cuileanna agus míoltóga na príomh- phailneoirí. Tugtar pómaí ar na torthaí; bíonn déanamh úll orthu. Is foinse mhaith de vitimín C agus peictin iad. Bhíodh siad in úsáid, mar sin, in aghaidh an ghalair carrach agus sceadamán nimhneach. Cógas don asma a bhí sa toit ó na duilleoga dóite. Seans gur vitimín C a bhí uaithi nuair a chur Gráinne dúil chráite sna caora Chaoirthainn agus í torrach. Ach bhí sí ag dúil leis na cinn áirithe ar chrann a bhí á chosaint ag Searbhán Lochlannach. Ar ndóigh bhí a gaisce, Diarmait, in ann déileáil leis. Ach b’fheidir gur an chumhacht is fearr atá luaite leis an Chaorthann ná mar chosaint láidir in éadan cailleach, síoga agus droch-dhaoine mar iad. Bhí an slat draíochta a d’úsáid na draoithe déanta de chraobh Chaorthainn. Tagann an focal béarla Rowan ón Sean Ioruach rune (ortha, draíocht) agus seans go bhfuil ceangal ag an téarma le rún. Sa seanscéal, bhuail Fuamnach, bean Mhidir, a ghrá, Étaín le slat Caorthainn agus rinneadh linn uisce di. Ghal an t-uisce agus fágadh mar phéist í agus ansin thiontaigh sí ina féileacán mór gleoite. Go minic san Fhómhar feictear saghas meirg buí ar na duilleoga go háirithe i gceantair mar seo ina bhfuil Aiteal Juniperus communis coitianta. Is cineál fungas Gymnosporangium cornutum le saolré chasta a mhaireann cuid den bhliain ar Chaorthann agus thar gheimhridh ar Aiteal. Thig glóthach dhearg a dhéanamh as na caora, maraon le deocha deasa ar nós cheirtlis, licéar nó biotáille. Ach meastar go bhfuil nimh sna síolta. Tá sorbitol le fáil ó na caora fosta. Bíonn seo in úsáid i mbia in áit gnáth siúcra ag daoine le diabetes. Le gairid fuarthas amach go bhfuil cáilíochtaí frithbheathach ag Caorthann. —C. Mac Conn Tíre An Caorthann Tomás Mór Is mise Tomás Mór, Tá mé giota beag bodhar, Tá mé dhá bhliain déag d’aois, Is mo dheirfiúr í Louise. Téim ar scoil Chnoc Fola, Bíonn muid ag suí ar an bhalla, Tosaíonn an scoil ar an naoi, Bíonn muid réidh ar a trí. Cuireann mé orm gel , Nuair atá mé ag imirt peil, Ithim ham rósta agus anlann bán, Ach an bia is fearr ná seacláid bán, Agus seo an deireadh leis an dán. Dean Ó Coilm, 1ú Bliain Is fuath liom ag scríobh filíochta Is fuath liom ag scríobh filíochta Níl a dhath agam le scríobh faoi Scríobhann daoine eile faoi snámh nó marcaíocht Na habhainn nó an ghrian bhuí. Dúirt an máistreás liom seo a dhéanamh Nuair nach raibh sí sásta le mo scéal Agus bhí mé chomh feargach le tarbh Ach níor oscail mé mo bhéal. Ní fheicim an pointe leis an seafóid seo Agus ní fheicfidh mé go deo B’fhearr liom oighear a choimhéad ag reo Nach ag scríobh an seafóid seo. Ach amharc ar ais cad a rinne mé? Tá an leathanach chóir a bheith lán Thig liom dul fá choinne cupán beag tae Mar sa deireadh scríobh mé dán! Odhrán Mac Roibeard, 2ú Bliain Clapsholas An gasúr beag óg Ina shuí mar dhuilleog A theach is a chroí, An sean chrann, Agus an gasúr sa spéir. An gasúr ag fás Ag rith fríd an choillí agus Na cuibhrinn, Ag briseadh na gcraobhanna, Ag gáire, Gan Imní. An sean fhear Anois liath, Clapsholas, An crann go fóill láidir Ach sean, Agus beirt Ag glacadh a scíste. Conal Ó Casaide, 2ú Bliain An Samhradh An samhradh an séasúr is teo Na míonna is teo den bhliain San uisce fuar na trá An ghrian ag spalpadh síos ar an domhan Maith na lóistrí atá ag teacht Hataí gréine ar ár gcinn Rí rá agus ruaille buaile ar an trá Achan duine amuigh sa timpeallacht Daoine sona sásta i Rann na Feirste Hataí marcaíochta ar mharcaí óga. Cian Ó Dochartaigh, 1ú Bliain Do Chrothnú Is minic ba ghnáth leat gáire a chur ar m’aghaidh is gliondar ar mo chroí Na hoícheanta fada ag caint is ag comhrá Gan aon rud ag cur buaireamh orm, Mé ag glacadh an saol go réidh. Ach anois tá tú imithe Go ciúin agus go tobann. Is ní bheidh a fhios agam a choíche Freagra na ceiste seo. An phian, an chumhaidh a mhothaím san oíche Gan aon duine ansin leis na deora a cheapadh ó mo shúil. Cuimhní caoi atá agam anois Is tú imithe uaim go deo. Caoimhe Nic Pháidín Ní Dhomhnaill, 4ú Bliain Am I mo shuí ar leac na tine Ag smaoineamh ar na blianta le theacht Nach deas é a beith óg Ach tá na blianta ag druidim isteach An Ardteist ag teacht Ag obair go dian dícheallach. Tá na pointí ansin Ach tá an obair de dhíth Coláistí ag fanacht Iad ar maos le hoideachas Le tú a ullmhú Le léann den scoth. Gary Mac Pháidín, 4ú Bliain Sa Bhaile Tá an fharraige go gorm Ag titim ar an trá gheal bán Tá an t-aer go húr go nua, Blas salainn ar mo bhéal. Giotaí féir ag damhsa sa ghaoth Tagann soiléireacht Soiléireacht intinne Soiléireacht croí. Ag análú fíor aer Chonacthas grian Ag titim amach as an spéir Chodail sí ar bharr na farraige. An ghaoth agus an fharraige Ag caint Iad i gcogar lena chéile An spéir ag éirí dorcha An ghrian ina codladh Éiríonn an ghealach le súil A choinneáil agus Tá ag faire orainn. Sandra Sanzone, 4ú Bliain An Bulaí Brúite mar a bheadh grabhróg Mo bhrionglóidí brúite Gasúr múinte fosta. Táim bog goilliúnach Gan bhrí Druidfear na cuirtíní Ar mo bhrionglóidí. Daoine ag maistíneacht Ar na daoine istigh Gan náire gan chiall!! Deireadh ré Mo phort seinnte. Deireadh leis an gcóir Deireadh leis an fhóireigín Imithe as an domhan seo. Ní dhéanaim dearmad Ar na daoine fuafar Go Deo!! Seosamh Mac Pháidín, 4ú Bliain Cnuasach Daltaí Dánta a scríobh daltaí as Pobalscoil Ghaoth Dobhair i mbliana. Nach maith iad!
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3